Arno Allan Penzias

fisiceoir Meiriceánach

Réaltfhisiceoir a saolaíodh i München na Gearmáine is ea Arno Allan Penzias (1933-).

Arno Allan Penzias
Arno Penzias.jpg
Saol
Eolas breithe München, 26 Aibreán 1933 (89 bliain d’aois)
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Oideachas
Alma mater Ollscoil Columbia
Coláiste Cathrach Nua-Eabhrac
Brooklyn Technical High School (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm réalteolaí agus fisiceoir
Fostóirí Bell Labs (en) Aistrigh
Duaiseanna
Ballraíocht Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Acadamh Náisiúnta na hInnealtóireachta
Cumann Fisice Mheiriceá

D'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe i saotharlanna Bell. I 1963, nuair a bhí sé féin is a chomhghleacaí Robert Wilson ag mionscrúdú an fhothram raidió a bhí ag cur isteach ar chumarsáid Domhain/satailíte/Domhain, tháinig siad ar an iarmhar radaíochta i gcúlra an teasa fhíordhéin ón Ollphléasc ag tús na Cruinne.

Ba é seo an radaíocht chosmach mhicreathonnach chúlrach a réamhinis George Gamow is Ralph Alpher i 1948.

Le Pyotr Kapitsa is Robert Wilson, bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1978 as.

TagairtíCuir in Eagar