Carla Del Ponte

dlí-eolaí agus ionchúisitheoir poiblí

Dlí-eolaií agus ionchúisitheoir poiblí ab ea Carla Del Ponte (a rugadh ar 8 Feabhra 1947), ar scor inniu. Bhí sí ina príomh-ionchúisitheoir ar an Eilvéis (1994-99), ina Príomh-Ionchúisitheoir ar na Binsí Coiriúla Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (1999-2008) agus do Ruanda (1999-2003) agus ina ball den Choimisiún Fiosrúcháin Idirnáisiúnta Neamhspleách ar an Siria (2012-17).[1]

Infotaula de personaCarla Del Ponte

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Feabhra 1947
77 bliana d'aois
Lugano, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Ambassador of Switzerland to Argentina (en) Aistrigh
1 Eanáir 2008 – Feabhra 2011
Ionchúisitheoir
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bern
Ollscoil na Ginéive Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMaster of Laws (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmsaineolaí dlí, polaiteoir, breitheamh, dlíodóir, ambasadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Fostóirna Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

Rinne Del Ponte staidéar ar dhlí idirnáisiúnta i Universität Bern agus Université de Genève, áit ar fhorbair sí spéis sa dlí choiriúil agus sa choireolaíocht. Rinne sí staidéar chomh maith sa Ríocht Aontaithe agus bronnadh LLM uirthi i 1972.

Sa bhliain 1972 i Lugano a chuaigh Del Ponte leis an dlí. Bhunaigh sí a gnólacht féin trí bliana ina dhiaidh sin.

Sa bhliain 1981 a rinneadh giúistís imscrúdaithe di. Rinneadh ionchúisitheoir poiblí di trí bliana dár gcionn.

Dhírigh Del Ponte ar choireanna eacnamaíocha, gáinneáil idirnáisiúnta ar dhrugaí agus coireacht eagraithe a ionchúiseamh. Mar sin, chomhoibrigh sí le go dlúth le breithiúna de chuid na hIodáile, amhail Giovanni Falcone, a dúnmharaíodh ag an Mafia i sa bhliain 1992, seans a thóg sí féin san am sin.[1]

Sa bhliain 1994, ceapadh Del Ponte mar phríomh-ionchúisitheoir feidearálach ar an Eilvéis. Bhí sí sa phost sin ar feadh cúig bliana.

In 1999, rinneadh Príomh-Ionchúisitheoir an Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (1999-2008) agus an Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta do Ruanda (1999-2003) di.

Ina dhiaidh sin, bhí Del Ponte ina hambasadóir den Eilvéis chun na hAirgintíne go dtí go scoir sí sa bhliain 2011.

 
International Criminal Tribunal for Rwanda (ICTR)

Bhí Del Ponte ina ball den Choimisiún Fiosrúcháin Idirnáisiúnta Neamhspleách maidir le Poblacht Arabach na Siria, arna bhunú ag Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, ó 2012 go 2017. D'éirigh sí as an gCoimisiún i mí Lúnasa 2017, chun agóid a dhéanamh i gcoinne na saoirse ó phionós, dar léi, a tugadh do dhaoine a d'fhéadfaí go raibh coireanna cogaidh déanta acu i rith Cogadh Sibhialta na Siria.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2017). "Carla Del Ponte" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-09.