Cumann Rugbaí na hÉireann
Is é Cumann Rugbaí na hÉireann (Irish Rugby Football Union nó IRFU as Béarla) an eagraíocht a rialaíonn rugbaí in Éirinn - Poblacht agus Tuaisceart. Tá ceannoifig Chumann Rugbaí na hÉireann lonnaithe ag 10/12 Bóthar Lansdún, Droichead na Dothra i mBaile Átha Cliath.[1]
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | rugby union governing body (en) Éire | ||||
Teanga oifigiúil | an Ghaeilge agus Béarla | ||||
Dáta a bunaíodh | 1879 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | rugbaí aontais | ||||
Limistéar oibriúcháin | Éire | ||||
Tír spóirt | Éire | ||||
Ball de | World Rugby (en) (1886–) Rugby Europe (1999–) | ||||
Trealamh | Canterbury of New Zealand (en) | ||||
Ballraíocht | 60,000 (2020) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Eile | |||||
Uimhir teileafón | +353-1-647-3800 | ||||
Suíomh gréasáin | https://www.irishrugby.ie/ | ||||
Cluiche rugbaí
cuir in eagarIs cluiche fisiciúil an rugbaí. Tá an-tóir ar rugbaí in Éirinn. Maireann cluichí rugbaí ochtó nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead nóiméad.[3] Tá cúig imreoir déag ar fhoireann rugbaí.[3] Tá seacht n-ionadach ar fáil gach cluiche.[3] Caithfidh an fhoireann na pointí is mó a scóráil chun an cluiche a bhuachan. Tá an pháirc rugbaí 100 méadar agus tá sé seachtó mhéadar ar leithead.[3] Is féidir pointí a scóráil ceithre bhealach éagsúla:
- Cic slánaithe - is cic saor é seo. Má fhaigheann an t-imreoir pionós agus má éiríonn leo gheobhaidh siad trí phointe.[3]
- Preabchúl - Tarlaíonn sé seo nuair a thosaíonn an t-imreoir an liathróid rugbaí as a lámh.[3]
- Úd - Tarlaíonn sé seo nuair a chuireann an t-imreoir rugbaí an liathróid taobh thiar den líne chúil.[3]
- Cic pionóis - bronntar trí phointe ar fhoireann má scórálann siad cic pionóis.[3]
Stair
cuir in eagarBunú an Chumainn
cuir in eagarBunaíodh an chéad Chlub Peile Rugbaí in Éirinn sa bhliain 1854.[4] Is é Club Peile Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Béarla: Dublin University Football Club) an t-ainm agus bunaíodh é i gColáiste na Tríonóide.[5] D'fhoghlaim mic léinn ón ollscoil seo faoi rugbaí den chéad uair má d’fhreastail siad ar scoileanna poiblí Béarla.[4] Bunaíodh ocht bhfoireann rugbaí eile sa 19ú haois.[4]
- Club Peile Wanderers (Béarla: Wanderers Football Club) - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1869.[4]
- Club Peile Lansdún (Béarla: Lansdown Football Club)[6] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1872.[4]
- Club Peile Chontae Cheatharlach (Béarla: County Carlow Football Club)[7]- Bunaíodh an club seo sa bhliain 1873.[4]
- Club Peile Rugbaí Dhún Geanainn (Béarla: Dungannon Rugby Football Club)[8] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1873.[4]
- Club Rugbaí Bheal Átha na Sluaige (Béarla: Ballinasloe Rugby Club)[9] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1875.[4]
- Club Peile Thuaisceart na hÉireann (Béarla: North of Ireland Football Club)[10] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1868.[4]
- Club Peile Rugbaí Ollscoil na Banríona - (Béarla: Queen's University Rugby Football Club)[11] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1869.[4]
- Club Peile Rugbaí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (Béarla: University College Cork Rugby Football Club)[12] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1872.[4]
Ó 1874 go 1879 bhí dhá chumainn rugbaí in Éirinn. Bhí Cumann Peile na hÉireann i gceannas ar chlubanna i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan agus cuid den gCúige Uladh.[4] Bhí Cumann Peile Thuaisceart na hÉireann i gceannas ar chlubanna i mBéal Feirste.[4]
Imríodh an chéad chluiche idirnáisiúnta in Éirinn i gcoinne Shasana ar 19 Feabhra 1875.[13] Bhí dhá imreoir déag as Cúige Laighean agus ochtar imreoirí as Cúige Uladh ar an bhfoireann.[4]
Sa bhliain 1879, tugadh na cumainn i gceann a chéile in aon chumann amháin agus bunaíodh Cumann Rugbaí na hÉireann ar an cúigiú lá de mhí Feabhra sa bhliain 1879.[4] Ag an am seo, chuaigh Cúige Uladh, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan isteach i gCumann rugbaí na hÉireann.
Bhí an cruinniú seo ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.[14] Ag an gcruinniú seo bhí W.C. Neville, J.G. Cronyn agus W.J. Goulding i láthair.[14] Is duine tábhachtach é W.C Neville mar bhí sé ina chaptaen ar fhoireann na hÉireann agus níos déanaí toghadh ina huachtarán ar an gCumann Rugbaí na hÉireann.[14]
Cuspóirí an Chumainn
cuir in eagarAg an gcruinniú tháinig an dá chumann ar chomhaontú.[14] De réir théarmaí an chomhaontaithe:
- Chruthófaí Cumann Peile Rugbaí na hÉireann don tír ar fad.[14]
- Bhunófaí foirne Rugbaí i gCúige Laighean, Cúige Uladh agus Cúige Mumhan.[14]
- Bhunófaí Coiste de Chumann Rugbaí na hÉireann. Bheadh seisear ball as gach cúige ar an gcoiste.[14]
Sa bhliain 1885, chuaigh sé fhoireann is fiche (as gach cearn d'Éirinn) isteach i gCumann Rugbaí na hÉireann.[4] Tháinig deich bhfoireann as Cúige Uladh. Tháinig naoi bhfoireann as Cúige Laighean. Tháinig seacht bhfoireann as Cúige Mumhan.[4] Bunaíodh an fhoireann Chonnacht sa bhliain 1885.
Coiste Chumann Rugbaí na hÉireann
cuir in eagarTá údarás ag Cumann Rugbaí na hÉireann ar gach club rugbaí in Éirinn.[15] Ba é Diúc Abercorn an chéad Uachatarán an chumainn sa bhliain 1874.[16]
Páirc rugbaí
cuir in eagarStaid Bóthar Lansdún
cuir in eagarBhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid sa bhliain 1872.[17] Bhí an staid suite i nDroichead na Dothra, Baile Átha Cliath.[17] Ba é an staid idirnáisiúnta is sine ar domhan é. Imríodh comórtais spóirt éagsúla sa staid seo. Tharla an chéad chluiche rugbaí sa bhliain 1876.[17] D’imir foireann Laighean agus foireann Uladh sa chluiche seo.
D'imir Éire i gCorn an Domhain sa Rugbaí den chéad uair sa bhliain 1991.[17] Leagadh an staid sa bhliain 2007.[17] Cuireadh Staid Aviva in ionad Staid Bóthar Lansdún.[17]
Staid Aviva
cuir in eagarTógadh Staid Aviva sa bhliain 2010.[18] Tá áit sa staid do 50,000 duine.[18] Tá an staid faoi chomhúinéireacht ag Cumann Rugbaí na hÉireann agus ag Cumann Peile na hÉireann.[18] Is staid idirnáisiúnta é. Imríonn foireann sacair na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann sa staid seo.[18] Imríodh an chéad chluiche rugbaí sa staid ar an Satharn, an seachtú lá de Lúnasa sa bhliain 2010.[18] D'imir imreoirí as Cúige Laighean agus Cúige Ulaidh i gcoinne imreoirí as Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan.[18] Imríonn Club Peile Lansdún agus Club Peiile Wanderers sa staid Aviva freisin.[14]
Tá údarás ag Cumann Rugbaí na hÉireann ar Pháirc Thuamhan i gcontae Luimneach agus ar Pháirc Cnoc an Fhéich[19] i mBéal Feirste.[14]
Comórtais
cuir in eagarComórtais idirnáisiúnta
cuir in eagar- Craobh na Sé Náisiún - Is comórtas idirnáisiúnta rugbaí é. Imríonn an Fhrainc, Éire, Sasana, an Iodáil, an Bhreatain Bheag agus Albain sa chomórtas seo.
- Corn an Domhain sa Rugbaí - Tarlaíonn sé gach ceithre bliana agus imríonn fiche foireann sa chomórtas idirnáisiúnta. Is é Corn an Domhain an tríú comórtas spóirt is mó ar domhan.[20]
- Corn na Náisiún Fómhar - Tá an comórtas idirnáisiúnta nua seo idir an Bhreatain Bheag, Sasana, Fhrainc, Albain, an Iodáil, Fidsí, Éire, agus an tSeoirsia.[21]
- Craobh na Sé Náisiún na mBan - Bhí Craobh Náisiún Baile na mBan ar siúl den chéad uair sa bhliain 1996.[22]
- Craobh na Sé Náisiún U20.[23]
- Craobh na Sóisear.[24]
Craobhchomórtais na gcúigí
cuir in eagar- Guiness Pro14 - Imríonn 14 fhoireann as Éirinn, Albain, an Iodáil, an Bhreatain Bheag agus an Afraic Theas sa chomórtas seo. Cuireadh tús leis an gcomórtas sa bhliain 1999.[25]
- An Corn Ceilteach - Is comórtas seachtaine go seachtain é an Corn Ceilteach. Imríonn imreoirí gairmiúla nua ó na ceithre chúige in Éirinn agus ó cheithre réigiún na Breataine Bige sa chomórtas seo. Maireann an comórtas ocht seachtaine.[26]
- Corn na Seaimpíní Heineken - Imríodh an comórtas seo den chéad uair i 1956. Imríonn foirne éagsúla ó na tíortha an Fhrainc, Éire, Sasana, an Iodáil, an Bhreatain Bheag agus Albain sa chomórtas seo.[27]
- Comórtas Coirn - Imríonn 14 fhoireann sa chomórtas seo.[28]
An tSraith Náisiúnta
cuir in eagarLógó agus siombailí
cuir in eagarLógó
cuir in eagarÚsáideadh an sean-lógó chun rugbaí na hÉireann a léiriú ar feadh 134 bliana.[30] Sa bhliain 2009, rinne Cumann Rugbaí na hÉireann lógó nua.[30] Tá cosúlachtaí áirithe eatarthu mar bhí trí seamróga agus liathróid rugbaí le feiceáil ar an dá lógó.[30] Tá an lógó nua i bhfad níos nua-aimseartha ach ag an am céanna, tá béim mhór ar stair na hÉireann agus ar fhéiniúlacht Cumann Rugbaí na hÉireann.[30]
Bratach
cuir in eagarIs bratach ghlas é. Tá tábhacht shiombalach ag baint leis an mbratach mar tá suaitheantais na gceithre chúige ar an mbratach.[31] Tá an lógó "IRFU" scríofa ar an mbratach freisin.[31]
Amhrán náisiúnta
cuir in eagarTá dhá amhrán náisiúnta rugbaí ann. Is é Amhrán na bhFiann an t-amhrán náisiúnta oifigiúil.[32] Ní sheinntear an t-amhrán seo ach ag cluichí baile. Ceiliúrann an t-amhrán seo neamhspleáchas na hÉireann ón mBreatain.[32] Mar thoradh tá a lán teannas ag baint leis an amhrán seo. De bharr, shocraigh Cumann Rugbaí na hÉireann amhrán nua a chruthú.[33] Scríobh Phil Coulter amhrán nua 'Ireland's Call' sa bhliain 1995.[34] Cantar é ag cluichí sa bhaile agus as baile.[32]
Clubanna Rugbaí na hÉireann
cuir in eagarTá timpeall 60,000 imreoirí rugbaí in Éirinn.[4] Tá caoga a naoi gclub i gCúige Mumhan.[4] Tá naoi gclub déag i gCúige Chonnacht.[4] Tá seachtó a haon club i gCúige Laighean.[4] Tá caoga a sé club i gCúige Uladh.[4]
Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann
cuir in eagarBunaíodh an fhoireann sa bhliain 1875.[14] Tá tríocha sé imreoirí ar scuad rugbaí na hÉireann.[35]
Foireann Chlub na hÉireann
cuir in eagarBunaíodh an fhoireann seo sa bhliain 2006.[36] Tá an fhoireann seo comhdhéanta d’imreoirí rugbaí níos sine ó chlubanna éagsúla rugbaí na hÉireann.[36] D’imir siad a gcéad chluiche i gcoinne club Albanach.[36] [36]
Foirne cúige
cuir in eagarFoireann Chonnacht
cuir in eagarBunaíodh é sa bhliain 1885, nuair a tháinig sé chlub níos lú le chéile chun an fhoireann Chonnacht a bhunú.[37] Tá an fhoireann shinsearach cúige seo mar chuid de Chumann Rugbaí na hÉireann.[37] Is é Willie Ruane Príomhfheidhmeannach an chlub. Is é Ted Carty Uachtarán an chlub. Imríonn siad i bPáirc imeartha.[38] Tá áit sa staid do 7,500 duine.[38] Tá an club bunaithe i nGaillimh.[37]
Foireann Laighean
cuir in eagarBunaíodh é sa bhliain 1879.[39] Tá an fhoireann cúige seo mar chuid de Chumann Rugbaí na hÉireann. Imríonn siad sa staid Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.[39] (Béarla RDS Arena).[40] Tá áit sa staid do 18,500 duine.[39]
Foireann Uladh
cuir in eagarBunaíodh é sa bhliain 1879.[41] Tá foireann Uladh ar cheann de na ceithre fhoireann cúige de Chumann Rugbaí na hÉireann.[41] Imríonn siad sa staid Kingspan i mBéal Feirste.[42] Tá áit sa staid do 18,000 duine.[41]
Foireann na Mumhan
cuir in eagarBunaíodh é sa bhliain 1879.[43] Tá foireann Mumhan ar cheann de na ceithre fhoireann cúige de Chumann Rugbaí na hÉireann.[43] Imríonn siad sa staid rugbaí Pháirc Thuamhan i gcontae Luimneach.[43] (Béarla: Thomond Park)[44] Tá áit sa staid do 25,600 duine.[43]
Iontaobhas Carthanachta Chumann Rugbaí na hÉireann
cuir in eagarBunaíodh Iontaobhas Carthanachta Chumann Rugbaí na hÉireann sa bhliain 1978.[45] Bunaíodh é chun cabhrú le himreoirí rugbaí gortaithe. Faoi láthair tá tríocha hocht imreoir rugbaí le gortuithe a athraíonn a saol.[45] Tá gortuithe inchinne nó gortuithe dromlaigh ag na himreoirí seo.[45] Díríonn an charthanacht seo ar chabhrú leis na himreoirí seo.[45] Cuireann sé tacaíocht mhorálta agus tacaíocht airgid ar fáil do na himreoirí.[45]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Irish Rugby Football Union". www.lobbying.ie. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ Frederic Humbert (2008-09-17). "Ireland 1875".
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 3.7 "Rugby Rules: How To Play Rugby | Rules of Sport". www.rulesofsport.com. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ 4.00 4.01 4.02 4.03 4.04 4.05 4.06 4.07 4.08 4.09 4.10 4.11 4.12 4.13 4.14 4.15 4.16 4.17 4.18 4.19 4.20 4.21 "HISTORY OF THE IRISH RUGBY FOOTBALL UNION" (en). irishrugby.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-22. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ ""the University of Dublin, Trinity College"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ "Bóthar Lansdún/Lansdowne Road" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ "Ceatharlach/Carlow" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ "Dún Geanainn/Dungannon" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ "Béal Átha na Sluaighe/Ballinasloe" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ ""Northern Ireland"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ ""Queen's University"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ ""Coláiste na hOllscoile, Corcaigh"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ "History of rugby union matches between England and Ireland" (as en) (2023-02-07). Wikipedia.
- ↑ 14.00 14.01 14.02 14.03 14.04 14.05 14.06 14.07 14.08 14.09 14.10 "Rugby Football History". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ "IRFU Committee" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ "IRFU Presidents" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ 17.0 17.1 17.2 17.3 17.4 17.5 "Lansdowne Road". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ 18.0 18.1 18.2 18.3 18.4 18.5 "Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ "Cnoc an Fhéich/Ravenhill" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ world.rugby. "Tournament General Information | Rugby World Cup" (en). www.rugbyworldcup.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-07. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ world.rugby. "Autumn Nations Cup 2020: All you need to know about the tournament and the eight nations competing in it | World Rugby". www.world.rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ world.rugby. "Six Nations 2021: All you need to know about this year’s tournament | World Rugby". www.world.rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ "Under-20 Six Nations Championship" (en-GB). Six Nations Rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-13. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ "Comprehensive League Tables - The Official Home of Irish Rugby" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ "About Us - Guinness PRO14". www.pro14.rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-21. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ "Connacht Rugby | IRFU launch schedule for upcoming Celtic Cup campaign" (en). Connacht Rugby (2019-07-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-27. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ "Heineken Champions Cup | European Champions Cup | RugbyPass" (en). www.rugbypass.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ "Challenge Cup | Qualification" (en-GB). European Professional Club Rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-21. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ "Men" (en-US). Irish Rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-18. Dáta rochtana: 2021-02-03.
- ↑ 30.0 30.1 30.2 30.3 "IRFU Launch New Identity" (en-US). Irish Rugby (2009-08-05). Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ 31.0 31.1 "Buy The Flag And Fly The Flag" (en-US). Irish Rugby (2015-09-15). Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ 32.0 32.1 32.2 Jessica Lindsay Read more: https://metro.co.uk/2018/03/10/ireland-two-national-anthems-7375538/?ito=cbshare Twitter: https://twitter.com/MetroUK | Facebook: https://www.facebook.com/MetroUK/+(2018-03-10).+"Why do Ireland have two national anthems?" (en). Metro. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ Rory Carroll (2019-08-10). "Ireland’s Call: how a derided rugby dirge became a song for Irish unity" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ "Irish Song Lyrics - Ireland's Call". www.irishsongs.com. Dáta rochtana: 2021-02-04.
- ↑ "Ireland Senior Squad - The Official Home of Irish Rugby" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ 36.0 36.1 36.2 36.3 "Ireland Club Team" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ 37.0 37.1 37.2 "Connacht Rugby | About" (en). Connacht Rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-01. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ 38.0 38.1 "Connacht" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ 39.0 39.1 39.2 "Leinster Information" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ ""rds"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ 41.0 41.1 41.2 "Ulster" (en-US). Irish Rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-18. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ "About Us" (en-US). Ulster Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ 43.0 43.1 43.2 43.3 "Munster" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ ""Thomond Park"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ 45.0 45.1 45.2 45.3 45.4 "About Us – IRFU Charitable Trust" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-02-05.