Joseph Black
Fisiceoir agus ceimiceoir Albanach ab ea Joseph Black (16 Aibreán 1728 – 6 Nollaig 1799). Bhí cáil air as a chuid fionnachtana ar mhaignéisiam, teas folaigh, saintoilleadh teasa, agus dé-ocsaíd charbóin. Bhí sé ina Ollamh le hAnatamaíocht agus Ceimic in Ollscoil Ghlaschú ar feadh 10 mbliana ó 1756, agus ansin ina Ollamh le Leigheas agus Ceimic in Ollscoil Dhún Éideann ó 1766, ag teagasc agus ag léachtóireacht ann ar feadh níos mó ná 30 bliain.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Aibreán 1728 Bordeaux, An Fhrainc |
Bás | 6 Nollaig 1799 71 bliana d'aois Dún Éideann, Scotland |
Áit adhlactha | Greyfriars Kirkyard (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Dhún Éideann Ollscoil Ghlaschú |
Comhairleoir dochtúireachta | William Cullen |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic agus míochaine |
Gairm | ceimiceoir, acadóir, fisiceoir, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Dhún Éideann Ollscoil Ghlaschú |
Ball de | |
Mac/iníon léinn | Benjamin Rush |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Mac léinn dochtúireachta | Benjamin Rush, Thomas Charles Hope agus James Edward Smith |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | John Black agus Margaret Gordon |
Ainmnítear na foirgnimh cheimice in Ollscoil Dhún Éideann agus in Ollscoil Ghlaschú araon as Black.
Luathshaol agus oideachas
cuir in eagarRugadh Black on the banks of the river Garonne i mBordeaux na Fraince, an séú duine den 12 leanbh ag Margaret a bhí ag Margaret Gordon (r. 1747) agus ag John Black. Ba as teaghlach de chuid Siorrachd Obar Dheathain dá mháthair a raibh ceangail aici le gnó an fhíona agus ba as Béal Feirste, Éire, dá athair agus d'oibrigh sé mar fhachtóir i dtrádáil an fhíona. Cuireadh oideachas air sa bhaile go dtí go raibh sé 12 bliain d'aois, agus ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar scoil ghramadaí i mBéal Feirste. Sa bhliain 1746, agus é 18 mbliana d'aois, chuaigh sé isteach in Ollscoil Ghlaschú, ag staidéar ann ar feadh ceithre bliana sular chaith sé ceithre bliana eile in Ollscoil Dhún Éideann, rud a chuir lena chuid staidéir leighis. Le linn a chuid staidéir scríobh sé tráchtas dochtúireachta ar chóireáil chlocha fuail leis an salainn carbónáit mhaignéisiam.
Staidéar Eolaíoch
cuir in eagarPrionsabail cheimiceacha
cuir in eagarCosúil le formhór na dturgnamhóirí ón 18ú haois, bhí coincheapadh na ceimice ag Black bunaithe ar chúig phrionsabal ábhair: Uisce, Salann, Ithir, Tine agus Miotal.[2] Chuir sé prionsabal an Aeir leis nuair a léirigh a thurgnaimh láithreacht dhé-ocsaíd charbóin, ar a dtugtar sé aer fosaithe, rud a chuir le ceimic neomatach.
Bhí taighde Black á threorú ag ceisteanna a bhain leis an gcaoi a raibh na prionsabail in éineacht lena chéile i bhfoirmeacha agus i meascáin éagsúla. Bhain sé úsáid as an téarma affinity ('finíocht' sa Ghaeilge) chun cur síos a dhéanamh ar an bhfórsa a choinnigh a leithéid de chuingreacha le chéile.[3] Le linn a bheatha d'úsáid sé léaráidí agus foirmlí éagsúla chun a mhic léinn Ollscoil Dhún Éideann a theagasc conas finíocht a ionramháil trí chineálacha éagsúla turgnamh.[4]
Meá anailíse
cuir in eagarThart ar 1750, agus é fós ina mhac léinn, d'fhorbair Black an mheá anailíse bunaithe ar bhíoma éadrom- meáchain cothrom ar fulcrum dingeach. D'iompair gach géag panna meáite ar cuireadh an sampla nó na meáchain chaighdeánacha air. Sháraigh sí cruinneas aon mheá chomhaimseartha eile agus tháinig sí chun bheith ina ionstraim eolaíoch thábhachtach i bhformhór na saotharlanna ceimice.[5]
Teas folaigh
cuir in eagarSa bhliain 1757, ceapadh Black mar Ollamh Regius le Cleachtas an Leighis in Ollscoil Ghlaschú.
Sa bhliain 1761, d'oibrigh sé amach nach gcuireann cur i bhfeidhm teasa ar oighear, ag a leáphointe, freagracht as an t-ardú ar theocht an mheascáin oighir/uisce, ach tá sé freagrach as an méadú ar an mhéid uisce sa mheascán. Ina theannta sin, thug Black faoi deara nach raibh an cur i bhfeidhm teasa ar uisce beirithe, freagrach as an t-ardú ar theocht an mheascáin uisce/gaile, ach go raibh sé freagrach as an méadú ar an mhéid gaile. Ó na breathnuithe seo, rinne sé amach go raibh an teas a cuireadh i bhfeidhm tar éis éirí ina theas folaigh, tar éis dó dul i gcomhcheangal leis na cáithníní oighir agus an t-uisce beirithe.
Léiríonn teoiric an teasa fholaigh tús na teirmidinimic.[6] Bhí teoiric Black maidir le teas folaigh ar cheann dá rannchuidithe eolaíocha ba thábhachtaí, agus an ceann ar a luíonn a chlú eolaíoch go príomha. Thaispeáin sé freisin go bhfuil sainteasanna difriúla ag substaintí éagsúla.
I ndeireadh na dála bhí an teoiric tábhachtach, ní hamháin i bhforbairt na heolaíochta teibí ach i bhforbairt an innill ghaile. Rinneadh cairde de Black agus James Watt tar éis dóibh bualadh le chéile timpeall 1757, fad is a bhí an bheirt acu ag Glaschú. Chuir Black maoiniú suntasach agus tacaíocht eile ar fáil do thaighde luath Watt ar chumhacht gaile. Bheadh fionnachtain Black ar theas folaigh an uisce spéisiúil do Watt, ag cur in iúl dá iarrachtaí éifeachtúlacht an innill ghaile a chruthaigh Thomas Newcomen a fheabhsú, agus cur a chuid iarrachtaí ar an eolas chun éifeachtúlacht an innill gaile a cheap Thomas Newcomen a fheabhsú, agus a chuid iarrachtaí eolaíocht na teirmidinimice a fhorbairt.
Dé-ocsaíd charbóin
cuir in eagarRinne Black iniúchadh freisin ar airíonna an gháis a tháirgtear in imoibrithe éagsúla. Fuair sé amach go bhféadfaí aolchloch (carbónáit chailciam) a théamh nó a chóireáil le haigéid chun gás ar a dtug sé "fixed air (ga:aer fosaithe) a tháirgeadh. Thug sé faoi deara go raibh an t-aer fosaithe níos dlúithe ná aer agus níor thacaigh sé le lasair ná le beatha ainmhithe. Fuair Black amach freisin, nuair a bhí an t-aer fosaithe ag boilgearnach trí tuaslagán uiscí aoil (hiodrocsaíd chailciam), dheascfadh sé carbónáit cailciam. D'úsáid sé an feiniméan seo chun a léiriú go dtáirgtear dé-ocsaíd charbóin trí riospráid ainmhithe agus trí choipeadh nó dhíleá miocróbach.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Teimpléad:DSB
- ↑ "John Walker, Chemistry and the Edinburgh Medical School, 1750-1800" (2008). London: Routledge.
- ↑ "How to See a Diagram: A Visual Anthropology of Chemical Affinity" (2014). Osiris 29: 178–196. doi: . PMID 26103754.
- ↑ "Useful Pictures: Joseph Black and the Graphic Culture of Experimentation" . In Robert G. W. Anderson (Ed.), Cradle of Chemistry: The Early Years of Chemistry at the University of Edinburgh (Edinburgh: John Donald, 2015), 99-118..
- ↑ "Equal Arm Analytical Balances". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Bealtaine 2017. Dáta rochtana: 17 Lúnasa 2023.
- ↑ Ogg, David (1965). "Europe of the Ancien Regime: 1715–1783": 117 and 283. Harper & Row.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |