Mianach (pléascán)

cineál pléascáin

Pléascán a fholaítear faoin talamh nó faoin uisce chun feithiclí, longa is daoine a scriosadh nuair a théann siad os a chionn nó gar dó. Leathnaíodh iad sa tSín sa 16ú céad, ach ba i gcogaí an 20ú céad a úsáideadh iad ar scála áiféalta amach is amach.

mianaigh frithphearsanra

Os cionn 500 cineál mianaigh a saothraíodh, i miotail, gloine, adhmad, plaisteach, agus ábhair phléascacha cosúil le TNT (trínítreatolúéin) iontu.

AusAID 2005; an Chambóid

Tá ar a laghad 4 chineál mianaigh faoin uisce: mianaigh tadhaill a phléascann nuair a bhuaileann soitheach iad, fuaim-mhianaigh a phléascann nuair a bhraitheann siad fuaim loinge sa chomharsanacht, brú-mhianaigh a phléascann nuair a bhraitheann siad an t-athrú brú is soitheach mór ag dul thart, agus mianaigh mhaighnéadacha a fhrithghníomhaíonn do réimse maighnéadach loinge sa chomharsanacht.

Tá na céadta mianach talún, a mharaíonn is a ghortaíonn daoine trí bhlúirí miotail a spré i ngach treo ar ardluas. Gníomhachtaítear iad le sreang tuisle, brú, comhartha raidió nó eile.

Meastar go bhfuil thar 100 milliún mianach talún nach bhfuil ar aon léarscáil a leagadh amach ar fud 60 tír ó dheireadh an dara cogadh domhanda, agus go maraíonn siad seo deichniúr sibhialtach in aghaidh saighdiúra amháin.

Cuireadh cosc ar mhianaigh féinscriosta sa bhliain 1997.[1] Shínigh 125 rialtas conradh i 1997 ag cur toirmisc ar tháirgeadh, úsáid, aistriú is stóráil mianach talún, agus rinneadh dlí idirnáisinta de i 1999. Ach níor shínigh na Stáit Aontaithe, an Rúis ná an tSín é.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ottawa Treaty" (as en) (2020-03-24). Wikipedia. 
  2. Hussey, Matt (2011). "Mianach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 452.