Ródaidéandran

géineas plandaí

Tom nó crann beag síorghlas, uaireanta eipifít, dúchasach do réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh, ach cruinnithe sa réigiún mar a mbriseann na haibhneacha móra Áiseacha trí na Himiléithe Thoir, agus an Nua-Ghuine. Faightear é in ithir aigéadach amháin. Na duilleoga ailtéarnach, ubhchruthach de ghnáth is leathrúil. Na bláthanna i gcrobhaingí ag barra na bpríomhghéag, tonnadóirchruthach nó clogchruthach. Na seipil laghdaithe ina bhfaobhair uaireanta, 5-10 bpeiteal is staimíní. Na céadta saghsanna nádúrtha ceansaithe ar eolas, le bláthanna ar an iliomad méideanna is dathanna. Baineann asáilianna leis an ngné chéanna, agus bíonn an chuid is mó de na tréithe thuas acu freisin, ach amháin go bhfuil siad duillsilteach.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoRódaidéandran
Rhododendron Cuir in eagar ar Wikidata

Rhododendron ponticum Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdEricales
FineEricaceae
FofhineEricoideae
GéineasRhododendron Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochRhododendron ferrugineum Cuir in eagar ar Wikidata
Rhododendron ferrugineum

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ródaidéandran". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 565.