Ródaideandrón
Is éard is ródaideandrón[1] ann ná tom nó crann beag síorghlas, uaireanta eipifít, dúchasach do réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh, ach cruinnithe sa réigiún mar a mbriseann na haibhneacha móra Áiseacha trí na Himiléithe Thoir, agus an Nua-Ghuine. Faightear é in ithir aigéadach amháin. Na duilleoga ailtéarnach, ubhchruthach de ghnáth is leathrúil. Na bláthanna i gcrobhaingí ag barra na bpríomhghéag, tonnadóirchruthach nó clogchruthach. Na seipil laghdaithe ina bhfaobhair uaireanta, 5-10 bpeiteal is staimíní. Na céadta saghsanna nádúrtha ceansaithe ar eolas, le bláthanna ar an iliomad méideanna is dathanna. Baineann asáilianna leis an ngné chéanna, agus bíonn an chuid is mó de na tréithe thuas acu freisin, ach amháin go bhfuil siad duillsilteach.[2]
Rhododendron | |
---|---|
Rhododendron ponticum | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Ericaceae |
Fofhine | Ericoideae |
Géineas | Rhododendron L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Rhododendron ferrugineum |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ródaidéandrón” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-07-07.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ródaidéandran (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 565.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |