Riccardo Giacconi

réaltfhisiceoir Iodálach-Mheiriceánach

Réaltfhisicí a rugadh i Genova na hIodáile ar 6 Deireadh Fómhair 1931 ach a chaith cuid mhaith dá shaolré sna Stáit Aontaithe is ea Riccardo Giacconi. Cheap sé scáthán nua i gcomhair teileascóp X-ghathach spáis i 1960, agus i 1962 d'aimsigh an chéad fhoinse X-ghathanna taobh amuigh den Ghrianchóras (an réalta Scorpius-X) is léirigh an radaíocht cúlra ó thaobh amuigh dár réaltra. Thóg a ghrúpa an chéad bhrathadóir satailíte X-ghathanna a d'imfhithisigh an Domhan. Leag sé amach bunús na réalteolaíochta X-ghathaí. Le Raymond Davis is Masatoshi Koshiba, bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice i 2002 as an saothar seo. Fuair sé bás ar 9 Nollaig 2018 in San Diego, California.[1]

Infotaula de personaRiccardo Giacconi

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Deireadh Fómhair 1931
Genova (Ríocht na hIodáile)
Bás9 Nollaig 2018
87 bliana d'aois
San Diego, California Cuir in eagar ar Wikidata
Ard-Stiúrthóir na Réadlainne Eorpaí sa Leathsféar Theas
1993 – 1999
← Harry van der LaanCatherine Cesarsky (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Milano - dochtúir (–1954) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheStáit Aontaithe Mheiriceá
Gníomhaíocht
Réimse oibreRéaltfhisic, fisic, réalteolaíocht agus Gathanna cosmacha
Suíomh oibre Baltimore, Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmréalteolaí, réaltfhisiceoir, múinteoir ollscoile, fisiceoir, amharcealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Johns Hopkins
Ollscoil Harvard
an Réadlann Eorpach sa Leathsféar Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Iodáilis agus Béarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaEric D. Feigelson
Teaghlach
CéileMirella Giacconi Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 195279057 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Riccardo Giacconi". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 315.