Ros Goill

leithinis i gContae Dhún na nGall, Éire

Ros Goill[1] an t-ainm atá ar leithinis suite i dtuaisceart Chontae Thír Chonaill in Éirinn, agus é ina luí eadar an Mhaoil Rua is Fánad soir agus Cuan na gCaorach is Corrán Binne siar. Is déscaradh é Ros Goill eadar an tAigeán Atlantach agus fraochmhá Chonallach. Tchítear ar thaobh amháin dobhar maothlach agus tráigheanna bána, agus ar an taobh eile fearsad fhealltach chealgach an Mhaoil Ruaidh. Eadarthu, tugtar faidéar ar meascán portach, cnoc, féarach, ballaí ársa, fuíleacha cuibhreann bó, agus fianaise fhairsing daingnithe uilig mar chruthúnas úsáid na háite ón chianaois. Ainm eile is é Paróiste Ros Goill ar Pharóiste Mhíobhaigh, a chlúdaíonn an leithinis ar fad mar aon le cúlchríoch ar chomhéid.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRos Goill

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°12′N 7°50′W / 55.2°N 7.83°W / 55.2; -7.83

Stair 7 Seanchas cuir in eagar

 
Trá Dhumhaigh

Tá an áit sáite san fhínscéalaíocht. Tarann ainm an cheantair ó éachtra a tharla fada siar, a deirtear, nuair a bhain Fionn mac Cumhaill ceartas sa deireadh ar mharú Gholl mac Morna, fionnaíolach a athair. Abraítear gur tharla an méid seo ar Charraig Ghoill áit a bhfuil ina luí siar ó chosta Dumhaigh. Cuireadh ceann tíre GoillRos Goill air.

Síltear gur champáil Deirdre agus Naoise ar an Tráigh Mhór agus iad ag teitheadh ó Chonchobar mac Nessa, Rí Uladh tráth agus a Chraobh Dearg (nó Cróeb Ruad mar a thugadh air sa tseanGhaeilig).

Is í Gáinne Mhór í an áit is airde ar an leithinis mar aon le Gáinne Bheag. Is ó Gráinne (a bhí geallta le Fionn mac Cumhaill agus a bhí ina leannán do Dhiarmuid Ua Duibhne) a tharanns bunús an ainm. Nuair a bhí siad ag teitheadh ó Fhianna Fhionn a dhul i dtreo na hAlban, chuir siad a tóin fúthu ar mhullach an chnoic úd lena a scíth a ligint ar feadh seala, de réir an tseanchais. Tá damáiste nach beag déanta don taobh siar ó dheas den chnoc de dheasca tochaltáin neamhsrianta le roinnt blianta anuas. Bhaintí úsáid as mar láithreán dumpála fosta. Nach mór a’ náire.

Siar sa cheathrú haois treascairt mac Niall Noígíallach agus Conall Gulban (a mbíodh clú air i dTír Chonaill), loachraí Ulaid, i mBéal Átha Seanaidh agus ag an Bhearna Mhór. Cnagmhaisigh arm Chonaill na hUltaibh frí Ros Goill, Chrích Chloinne Rosa, Chrích Ua nDuach, Chaim-Fhersaid Mhór, síos chun cladach Loch Feabhail. Ba iad Conall Gulban agus a dheartháir Eógan mac Néill iad sinsir Ritheacha Thír Conaill agus Tír Eógain (is é sin Tír Eoghain) fá sceach.

Colm Cille cuir in eagar

Mar aon le molmhór áiteanna eile i dTír Chonaill agus i gCúige Uladh, bíonn a dhotháin finnscéaltaí ag muintir Ros Goill ar Cholmcille. B’fhear uasal é Colm Cille, garmhac Chonaill Gulban, a rugadh i nGartán é, chuaigh sé isteach san sagairt agus thoisigh sé ag cur na Críostaíochta chun cinn ar fud na hÉireann. Roimh dhíbhirt Cholmcille i nDál Riata agus i Ríocht na Cruithneach, bhun Colm Cille mainistreacha i nDoire agus i gCeanannas Mór, agus aithnítear gur chuir sé mórán foras eile ar bun, ina measc siúd atá seanteach an phobail ag Míobhaigh, atá lonnaithe i baile fearainn darb ainm Cluain tSalach, a deirtear. Deirtear fosta gur chur sé an t-ardchros in airde i gcré na cille, ar ar fhág sé rian a mhéar ar an chloch. Lena chois sin leath sé sías mallachtaí agus beannachtaí ar bhailte fearainn sa pharóiste de réir mar a cuireadh fáilte roimhe: cuireadh mallacht ar Dhún Dubháin Uachtarach ionas go mbeadh mután i measc a phobail i dtólamh, i ndheaidh bunadh na háite staicín áiféise a dhéanamh de Cholmcille, gídh go ndúirt sé nach mbeadh duine ar bith as An Dumhaigh ná Oileán an Bhráighe báite chun báis choíche. Deir daoiní go bhfuil marcanna a chosa le fáil ar charraig sna Dúnaibh.

Sa Lá atá Inniu Ann cuir in eagar

Tá plúr gníomhaíochtaí ar fáil go háitiúil: slatiascaireacht, fánaíocht, galf agus spóirt uisce. Mar cheann de na ceantair Gaeltachta is faide soir, tá traidisiún cultúrtha bríomhair le fáil ann, áit a bhfuil go leor ealaíontóirí agus ceoltóirí ina gcónaí ann.

Cha dtearn drochinntí pleanála siar sna 90aidí mórán maitheasa ar bith do Ros Goill, agus chuaigh an easpa reachtaíochta i bhfeidhm go huafásach ar an cheantar maguáird chomh maith. Mar aon le cuid mhór na leathchoda thiar na tíre, has suffered from unchecked ribbon development. Is urainn éalú ó seo go furasd (seachas sna príomhbhailte) le teacht ar Éirinn a bhí na céadta blianta ó shin.

Tá tuairim is dhá mhíle duine ann. Labhraítear Gaeilig i dtuaisceart an pharóiste an-drásda (An tÍochtar) ach tá sí ag dul i léig le fada an lá. Chan fhuil mórán Gaeilige fágtha i ndeisceart na paróiste (An tUachtar). D’fhoscail Éamonn de Valera Coláiste Gaeilige sa bhliain 1952 agus bíonn scoláirí (go háirid as Tuaisceart na hÉireann) ag freastal ar chúrsaí Gaeilige ansin i gcaitheamh an tsamhraidh achan bhliain.

Tá Cé na nDúnaibh, ar Chuan na gCaorach, ag tiontú go gasta lena bheith ina bhaile den chéad scoth fá choinne an tionscadail turasóireachta iascaireachta. Gach Fómhar, bíonn báid chairtfhostaithe ag úsáid na nDúnaibh mar áit thoisithe do chairtfhostuithe tuiníní gorma móra. Amharc ar [1] Curtha i gcartlann 2006-08-23 ar an Wayback Machine le haghaidh tuilleadh eolais.

Canúint na hÁite cuir in eagar

Rinn Léaslaoi Lúcás taighde ar an chanúint Gaeilige a labhraítear san áit. Tá Ros Goill ar an bheagán Gaeltachtaí in Éirinn ina gcluintear an mhír bhriathartha cha, chan, char in áit ní, níor inniu. Tchítear an nod seo fost i nGaeilig Thír Eoghain, Ard Mhacha, Aontroma, an Dúin, agus Dhoire. Baintear úsáid as é, í, iad in áit sé, sí, siad an Chaighdeáin, agus de réir sheanúsáid Ghaeilge Uladh, deirtear "a dhéanamh" in áit "é a dhéanamh": chan a ghoid a rinn é (Ultach) = "ní é a ghoid a rinne sé" (Deisceartach), a deirtear i nGaeilig Ros Goill. (Is é is brí leis an méid seo ó dheas ná "is dual dó é".)

Bailte Fearainn cuir in eagar

Tá 19 baile fearainn ar leithinis Ros Goill;:

  • An Meall Mór
  • Gort na Luchóg
  • Dún Dubháin Íochtarach
  • Dún Dubháin Uachtarach
  • Gleann Uraí
  • An Dumhaigh
  • An Ghlaidhb
  • Cluain tSalach
  • An tArd Bán
  • Doire Chasáin
  • Na Dúnaibh
  • Cnoc na Muirleog
  • Leargain Riabhach
  • An Machaire Beag
  • Ceann na Leargaí
  • Machaire Loiscthe
  • Oileán an Bhráighe
  • Baile Eochagáin

Tagairtí cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

Lucas, Leslie W. More about Mevagh 2nd ed. (Appletree Press,1982)