Is crann duillsilteach a fhásann 30 m ar airde é an sróladhmad (Chloroxylon swietenia), dúchasach do dheisceart na hIndia agus Srí Lanca. Na duilleoga 60 cm ar fhad, cleiteach le 10-20 péire duilleoigíní neamhshiméadracha. Na bláthanna le cúig pheiteal uachtarúil bán i gcrobhaingí. Soláthraíonn sé adhmad buí trom an-chrua atá luachmhar as a loinnir, cosúil le sról.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSróladhmad
Chloroxylon swietenia Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Leochaileach
UICN33260 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdSapindales
FineRutaceae
GéineasChloroxylon
SpeiceasChloroxylon swietenia Cuir in eagar ar Wikidata
DC., 1824

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sróladhmad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 622.