Rós Thrá Lí (Féile)

(Athsheolta ó The Rose of Tralee)

Is mórócáid idirnáisiúnta cúig lá í Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí a cheiliúrtar gach bliain i mí Lúnasa. Bíonn an fhéile ar siúl i dTrá Lí, Contae Chiarraí, ón Aoine go dtí an Máirt, nuair a fhógraítear an buaiteoir beo ar an teilifís. Is ceiliúradh í an fhéile ar chultúr agus oidhreacht na hÉireann,[1] agus ar ndóigh, ceiliúradh ar Mhná na hÉireann chomh maith.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRós Thrá Lí
Íomhá
Cineálócáid bhliantúil
eagraíocht
comórtas áilleachta ban
comórtas Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1959 - 
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
2021 Níor reáchtáladh é sa bhliain
2022 Níor reáchtáladh é sa bhliain Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinroseoftralee.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: roseoftraleefestival Twitter: RoseofTralee_ Instagram: roseoftraleefestival Cuir in eagar ar Wikidata

Gach bliain, glacann 32 bean óg as gach cearn den domhan páirt sa chomórtas. Bíonn mná ag taisteal ó fud fad na hÉireann agus níos faide ar aghaidh le glacadh páirt sa chomórtas seo, le hIonaid Róis lonnaithe in Dubai, Nua-Eabhrac, Sydney agus an Nua-Shéalainn[2] gan ach beagán a lua.

Déantar na hiomaitheoirí a mheas ar a bpearsantacht seachas ar a n-áilleacht amháin.[2] Bíonn orthu a gcuid buanna a thaispeáint, ar nós canadh, damhsa, agus ag seinm ceol. Is ról ambasadóir bliana í an duais, a léiríonn an fhéile in Éirinn agus ar fud an domhain.[2] Tá an fhéile bunaithe ar an amhrán grá, ar a bhfuil an t-ainm céanna, Rós Thrá Lí.[3]

Tá an comórtas buaite ag Baile Átha Cliath níos mó ná aon ionad eile, tá an duais buaite cúig huaire aige; 1959, 1962, 1969, 1989 agus 2003.

Dáithí Ó Sé
Megan Gallagher - 2007 Rose of Tralee

Bhuaigh Alice Ní Shúilleabháin, an Rós as Baile Átha Cliath, an teideal Rós Thrá Lí den chéad uair riamh i 1959.[4] An tráth úd, 'Féile Chiarraí' a thugtar mar ainm ar an bhféile.[5] Ní raibh sé go dtí deireadh na seachtóidí a tugadh Féile idirnáisiúnta Rós Thrá Lí uirthi.

Ag an am, bhí na feilte ‘An Tóstal’ ar siúl in Éirinn. Ba shraith féilte é An Tostál, a bunaíodh i 1953 chun cultúr agus saol na hÉireann a cheiliúradh.[6] Spreag An Tostál bunú Fhéile Chiarraí. Bhí an comórtas áilleachta "Carnival Queen" cuid den fheile sin. Ach i 1959, tháinig grúpa fear áitiúil teacht le chéile i dteach tábhairne i dTrá Lí chun teacht ar bhealaí tionscal na turasóireachta a mhúscailt, agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn.[7] Mhol Séamus McConville, eagarthóir The Kerryman, an teideal "Rose of Tralee", agus thosaigh leis an bhfeachtas margaíochta ag dul ó neart go neart.[8]

Bhí buiséad IR£750 ann sa bhliain 1959, le hionadaithe as Londain, Baile Átha Cliath agus Nua-Eabhrac.[8][9] I dtosach báire, bhí sé riachtanach go mbeadh na mná de bhunadh Thrá Lí.[8] Ach i lár na seascaidí, athraíodh na critéir go mbeadh na mná de bhunadh Chiarraí, agus i 1967, d’athraigh na critéir arís, agus bhí cead a tugadh ar mhná de bhunadh Éireannach a chuir isteach ar an gcomórtas.[8]

Faoi 1965, mhéadaigh an buiséad seo go IR£10,000.[8] Reáchtáladh an fhéile ag damhsa sular bogadh í go Halla Cuimhneacháin Ashe cúpla bliain ina dhiaidh sin.[8]

I 1973, tógadh an Cruinneachán Rós ar chostas thar cuimse IR£17,500 (ba é seo buiséad iomlán na féile i 1972). Scriosadh an bhun-chruinneachán le linn stoirme ar an lá deireanach den fhéile i 1983.[8]

Inniu, tá an fhéile ar cheann de na féilte is clúití in Éirinn, le hIonaid Róis lonnaithe ar fud an domhain, i Meiriceá, sa Mheánoirthear agus an Nua-Shéalainn san áireamh.[7] Seolann gach ionad ionadaí chuig an gcomórtas, chun páirt a ghlacadh sna babhtaí cáilithe. I ndeireadh na dála, roghnaítear 32 Rós le feiceáil sna babhtaí ceannais ar an teilifís ar RTÉ a hAon.

 
Maria Walsh in 2018, buaiteoir 2014 & Feisire de Pharlaimint na hEorpa in 2019

Is é an Rós a bhuaigh ná an Rós atá ag teacht leis an gcur síos is fearr a thugtar san amhrán, "galánta agus bruinneall".[7] Roghnaítear an buaiteoir bunaithe ar a pearsantacht seachas a scéimh. Caithfidh an buaiteoir a bheith ina eiseamláir mhaith don fhéile agus d’Éirinn agus í ag taisteal i rith na bliana seo chugainn. Cothaíonn an fhéile í féin mar cheiliúradh ar "spriocanna, uaillmhianta, intleacht, freagracht shóisialta agus oidhreacht na hÉireann" atá ag mná na hÉireann an lae inniu.[7]

I gcaitheamh na cúig lá, glacann na Rósanna páirt i bParáid Rós, agus in imeachtaí éagsúla eile. Le linn an dá oíche dheireanacha, cuireann an láithreoir an 32 cailín ó áiteanna éagsúla ar domhain i láthair agus tugann na cailíní léiriú breá dá chumas don lucht éisteachta, ar nós canadh, damhsa, agus ag seinm ceol i measc rudaí eile.[7]

Bíonn a lán imeachtaí ar siúl san fhéile thar na cúig lá agus oíche, ceol beo, 3 Pharáid Rós, taispeántas tinte ealaíne, agus seó faisin san áireamh. Bíonn dhá oíche de theilifís bheo ann freisin, a chraoltar ar RTÉ.[10] Meallann an fhéile na mílte go dtí an baile Thrá Lí gach uile bhliain. I measc na siamsaíochta sráide, bíonn bannaí rac-cheoil bheo ann, gan trácht ar ghrúpaí mar The Wolfe Tones, Westlife, agus Phil Coulter.

 
Seanadóir Katherine Zappone le buaiteoir Rós Thrá Lí 2013, Maria Walsh
 
Jocelyn McGillian, Philadelphia Rose of Tralee 2010 agus Mary Hanfin

Bíonn páirt ag fir san fhéile freisin mar Compánach Rós, chun cúnamh a thabhairt do na Rósanna.[11] Gach bliain, bronntar ‘Compánach na Bliana’ ar chompánach amháin, an té a d’oibrigh is deacra.[10]

Ó 2000, is é Ciarraí Bheo Teoranta atá aitheanta mar Aonad Fódhla chun Rós Fódhla (Rós na Gaeilge) a roghnú don fhéile idirnáisiúnta Rós Thrá Lí.[12]

Sa bhliain 2014, nocht an Rós Maria Walsh go raibh sí aerach, agus bhí sí ar an gcéad bhean aerach go hoscailte a bhuaigh Rós Thrá Lí.[13]

I 2020, cuireadh an fhéile ar ceal mar gheall ar an bpaindéim Covid-19., agus seo an chéad uair ó tosaíodh an Fhéile 61 bliain ó shin gurbh éigean í a chur ar ceal.[14] Tugann an fhéile na milliúin isteach sa cheantar, agus deirtear gur chaill an geilleagar áitiúil os cionn €10 milliún in ioncam mar gheall ar an gcealú.[15]

Critéir Cháilitheachta

cuir in eagar

Ní mór critéir dhochta a chomhlíonadh chun iarratas a dhéanamh. I measc na critéir, caithfidh mná a bheith faoi bhun fiche a naoi bliana d'aois agus ní cheadaítear do mhná pósta páirt a ghlacadh.[16] Níor tugadh cead do mháithreacha neamhphósta dul isteach san fhéile den chéad uair go dtí 2008.[17]

Craoladh beo

cuir in eagar

Craoladh an seó den chéad uair i 1967 ag Teilifís Éireann, agus chuir Joe Lynch (Gleann Rua) an ócáid i láthair. Ó shin i leith, i measc na láithreoirí bhí Terry Wogan, an chraoltóra Gay Byrne, Kathleen Watkins agus Marty Whelan. Is é Gay Byrne an láithreoir is faide a sheasann, ag cur na seónna beo i láthair ar feadh 17 mbliana sular chuir sé a bheannacht le Trá Lí, agus a ndeir sé "tooraloo le Trá Lí".[18]

Is í Kathleen Watkins, a bhí pósta le Gay Byrne, an t-aon bhean a chuir an seó i láthair ina stair 60 bliain.[18] Ó 2010 i leith, is é Dáithí Ó Sé láithreoir na féile Rós Thrá Lí.[19][20]

Tá fás as cuimse tagtha ar an lucht féachana le blianta beaga anuas agus bíonn lucht féachana mór ag an gclár gach uile bhliain ar RTÉ. Tuairiscítear gur 553,900 duine a bhí ag féachaint ar an gclár teilifíse ar roghnaíodh Rós Thrá Lí na bliana 2019 ar RTÉ a haon.[21]

I 2016, bhí gearáin faighte ag Údarás Craolacháin na hÉireann maidir le jóc faoin Aifreann a rinne Daithí Ó Sé le linn an chraolta bheo. Rinneadh gearáin eile leis an Údarás faoi Chomórtas Rós Thrá Lí a bhain le caint Rós Sydney, Brianna Parkins, faoin Ochtú Leasú ar an mBunreacht. Ach, dhiúltaigh Údarás do gach aon cheann de na cúig ghearán a rinneadh faoin jóc, agus faoin gcaint le Rós Sydney freisin.[22]

An t-amhrán

cuir in eagar
 
An t-amhrán
 
Dealbh

Dar leis an suíomh oifigiúil, chum William Mulchinock an t-amhrán do Mary O'Connor sa 19ú haois. Bhain Mulchinock leis an uasaicme, agus bhí Mary ina cailín aimsire dó. Chón­aigh sí i Brogue Lane, lána nach ann dó níos mó, i dTrá Lí. Thit an bheirt i ngrá, agus d'iarr Mulchinock uirthi é a phósadh. Ach dhiúltaigh Mary a grá geal, toisc go raibh a fhios aici nach raibh a tuismitheoirí i bhfách leis an gcumann mar gheall ar an difríocht in aicme shóisialta.

D'fhág sé go gearr ina dhiaidh sin chun na hIndia, nuair a d'fhág a chuid amaidí san fhaopach é.[23] Ach dúirt sé le Mary go mbeadh sé abhaile go luath. Tar éis sé bliana ag feitheamh, d'fhill sé ar Thrá Lí ach nuair a tháinig sé ann fuair sé amach go bhfuair Mary bás. Bhí sé croíbhriste ag an scéala, agus chuir sé a ghrá in iúl san amhrán Rós Thrá Lí.[24] Ba í Mary O’Connor céad Rós Thrá Lí.

Is féidir dealbh de Mary agus William a fháil i bPáirc an Bhaile i dTrá Lí, in aice leis an ‘'Balla Rós, ar a bhfuil ainmneacha na Rósanna go léir ó 1959-inniu ann."[25]

Tá go leor conspóide ann faoi cé a scríobh an t-amhrán i ndáiríre. Luaigh foinsí éagsúla gur chum Edward Mordaunt Spencer an fhocail amhráin, agus an ceol le Charles William Glover. Mar sin féin, i 2019 d’fhostaigh 'Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí' an Dr. Andrea Nini, teangeolaí fóiréinseach, chun an fíor-údar a fháil amach.[26] Dar le Dr. Nini, scríobh Mulchinock an dán Smile for me Mary darling, agus thug Edward le fios gur leis féin iad na focail.[26] Tugadh an chreidiúint as an tséis do Charles W. Glover.

Féach freisin

cuir in eagar

Buaiteoirí 1959–inniu

cuir in eagar
Bliain Ainm Ina hionadaí ar
1959 Alice O'Sullivan Baile Átha Cliath
1960 Theresa Kenny Chicago
1961 Josie Ruane Corcaigh
1962 Ciara O'Sullivan Baile Átha Cliath
1963 Geraldine Fitzgerald Boston
1964 Margaret O'Keeffe Trá Lí
1965 Therese Gillespie Béal Feirste
1966 Laraine Stollery an Nua-Shéalainn
1967 Anne Foley Birmingham
1968 Eileen Slattery An Chláir
1969 Cathy Quinn Baile Átha Cliath
1970 Kathy Welsh Holyoke
1971 Linda McCravey Miami
1972 Claire Dubendorfer An Eilvéis
1973 Veronica McCambridge Béal Feirste
1974 Maggie Flaherty Nua-Eabhrac
1975 Maureen Shannon Londain
1976 Marie Soden Nua-Eabhrac
1977 Orla Burke Port Láirge
1978 Liz Shovlin Pennsylvania
1979 Marita Marron Béal Feirste
1980 Sheila O'Hanrahan Gaillimh
1981 Debbie Carey Birmingham
1982 Laura Gainey Peterborough
1983 Brenda Hyland Pórt Láirge
1984 Diane Hannagen Luimneach
1985 Helena Rafferty Boston
1986 Noreen Cassidy Leeds
1987 Larna Canoy Chicago
1988 Mary Ann Murphy an Nua-Shéalainn
1989 Sinéad Boyle Baile Átha Cliath
1990 Julia Dawson An Ghearmáin
1991 Denise Murphy Corcaigh
1992 Niamh Grogan Gaillimh
1993 Kirsty Flynn Lár na Tíre (Sasana)
1994 Muirne Hurley Luimneach
1995 Nyomi Horgan Perth, An Astráil
1996 Colleen Mooney Toronto
1997 Sinéad Lonergan An Fhrainc
1998 Mindi O'Sullivan Gaillimh
1999 Geraldine O'Grady Corcaigh
2000 Róisín Egenton Nua-Eabhrac
2001 Lisa Manning Perth
2002 Tamara Gervasoni An Iodáil
2003 Orla Tobin Baile Átha Cliath
2004 Orla O'Shea Cill Chainnigh
2005 Aoibhinn Ní Shúilleabháin Maigh Eo
2006 Kathryn Anne Feeney Queensland
2007 Lisa Murtagh Nua-Eabhrac
2008 Aoife Kelly Tiobraid Árann
2009 Charmaine Kenny Londain
2010 Clare Kambamettu Londain
2011 Tara Talbot Queensland
2012 Nicola McEvoy Lucsamburg
2013 Haley O'Sullivan Texas
2014 Maria Walsh Philadelphia
2015 Elysha Brennan An Mhí
2016 Maggie McEldowney Chicago
2017 Jennifer Byrne Uíbh Fhailí
2018 Kirsten Mate Maher Port Láirge
2019 Sinéad Flanagan Luimneach
2020 Cúrtha ar ceal
2021
2022 Rachel Duffy An Iarmhí
  1. Rose of Tralee. "Festival" (en). www.roseoftralee.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-23. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  2. 2.0 2.1 2.2 "The Rose of Tralee Festival - World Cultures European". www.irishcultureandcustoms.com. Dáta rochtana: 2023-08-17.
  3. "Craic i gCaisleán an Bharraigh, 5ú rang - 2011 Seachtain Rós Thrá Lí Cuid 1" (as en) (2011). 
  4. "Alice O'Sullivan" (as en) (2023-01-19). Wikipedia. 
  5. "Rose festival from behind dark spectacles" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  6. Susan Daly. "You know we had a 'Gathering' 60 years ago, right?" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 "The Rose of Tralee Festival - World Cultures European". www.irishcultureandcustoms.com. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 8.6 Rose of Tralee. "Festival" (en). www.roseoftralee.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-23. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  9. "First buds of Rose Festival" (en). Independent.ie (2009-08-19). Dáta rochtana: 2023-08-18.
  10. 10.0 10.1 "Rose of Tralee International Festival - Official Programme 2018 by Rose of Tralee International Festival - Issuu" (en). issuu.com. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  11. "Apply to be a Rose Escort" (en-US). Rose of Tralee. Dáta rochtana: 2023-08-17.
  12. "Ciarraí Beo Teoranta" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  13. "Rose of Tralee reveals that she's gay" (as en) (2014-08-24). 
  14. "Féile Rós Thrá Lí ar ceal" (as ga) (2020-04-27). 
  15. Kevin O’Neill (2020-04-27). "Cancelled Rose of Tralee festival a €10m blow to local economy" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  16. "Rose Entry Form - The Rose of Tralee International Festival - The Rose of Tralee International Festival" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-12. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  17. "Unmarried mothers can be Roses" (en-GB) (2008-04-03). Dáta rochtana: 2022-08-23.
  18. 18.0 18.1 Jess Casey (2019-08-24). "60 years of Rose of Tralee Winners" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  19. Nuacht RTÉ (2017-08-17). "Roinnt rósanna i gCorca Dhuibhne" (as ga). 
  20. Nuacht RTÉ (2017-08-21). "Rósanna Thrá Lí ar an teilifís anocht" (as ga). 
  21. "RTÉ shows clinch 42 spots in Top 50 most-watched of 2019 – About RTÉ". about.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  22. "Ní raibh ‘masla’ ag baint le caint Dháithí Uí Sé faoin Eocairist ag Féile Rós Thrá Lí – cinneadh BAI" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  23. "The Rose of Tralee Story". web.archive.org (2008-07-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-07-17. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  24. Rose of Tralee. "Story" (en). www.roseoftralee.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-23. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  25. Rose of Tralee. "Legacy" (en). www.roseoftralee.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-23. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  26. 26.0 26.1 "Smile, Mary My Darling for the Rose of Tralee" (en). www.roseoftralee.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-23. Dáta rochtana: 2022-08-23.