Osclóidh seo an príomhroghchlár
leictreinceifealagrafaíocht tipiciúil an titimis neamhláithreachta
Epilepsy Medical Alert Wrist Bracelets 2018.jpg

Is galar ainsealach néareolaíoch é an titimeas (seantéarma eile i nGaeilge: an tinneas beannaithe, i mBéarla epilepsy as Sean-Ghréagis ἐπίληψις "an t-ionsaí"). Tarlaíonn an galar de bharr an iomarca díluchtaithe leictreachais sioncroineacha taomghoineacha ó chealla na hinchinne.

Má tharlaíonn an díluchtú tobann seo d’fhéadfadh go dtarlódh cailliúint comhfheasa, athruithe san iompraíocht nó gluaiseachtaí ainneonacha (.i. taom titimis). Féadfaidh taom a bheith ag duine ar bith, ach leis an titimeas tá an claonadh ann taomanna aisfhillteacha a bheith i gceist.

Is coitianta an galar é an titimeas. Ceaptar go gcuireann an titimeas isteach ar dhuine amháin ar a laghad as 200.

Clár ábhair

Cineálacha titimisCuir in Eagar

Tá dhá priomhchineál titimis ann: an titimeas ginearálaithe agus an titimeas fócasach.

Roinntear an dá chineál i bhfóchineálacha éagsúla de réir cúis (cúis ar eolais nó cúis anaithnid), cumraíocht na dtaomanna (taomanna tónacha clónacha, taomanna mioclónacha, taomanna neamhláithreachta, is araile), aois na ndaoine (roinnt cineálacha speisialta san óige) agus suíomh san inchinn (i maotháin na hinchinne).

 
Anticonvulsants

DiagnóisCuir in Eagar

Is é an ceistiú ar an othar (an anaimnéis) an modh diagnóise is tabhachtaí. Modhanna eile an leictreinceifealagrafaíocht (EEG) agus modhanna raideolaíochta, go háirithe an íomháú athshondais mhaighnéadaigh (MRI).

TeiripeCuir in Eagar

Is é sprioc na teiripe ná taomanna a chosc. Tugtar cógais mar shampla Carbamazepine, aigéad Valpróach (Valproic acid), Phenytoine, Lamotrigine, Levetiracetam, Gabapentin, agus araile.

Is féidir obráid titimeach a dhéanamh ag cineálacha fócasacha éagsúla titimis.

Daoine cailiúla a d'fhulaing ó thitimeasCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar



Tabhair aird ar an séanadh leighis le do thoil!