Úsáideoir:MALA2009/Síscéal
Scéal ficsin is ea síscéal. D’fhéadfadh carachtair bhéaloidis a bheith ina leithéid de scéal – sióga, bocánaigh, síofraí, troill, fathaigh agus ainmhithe a bhfuil cumas cainte acu mar shamplaí – agus de ghnáth bíonn draíocht éigin i gceist, lena mbaineann sraith imeachtaí neamhdhóchúla. Sa lá atá inniu ann, úsáidtear an téarma le cur síos a dhéanamh ar rud a bhfuil banphrionsaí ann, mar a úsáidtear é sna frásaí “deireadh síscéalach” (a chiallaíonn deireadh sona nó “fairy tale ending” mar a thugtar air i mBéarla) nó “grá síscéalach”. Ní bhíonn deireadh sona ag baint le gach síscéal, áfach. I gcaint na ndaoine, is féidir go bhfuil i gceist leis na téarmaí “finscéal sí” nó “síscéal” ná aon scéal neamhdhóchúil. Is i measc páistí óga den chuid is mó a bhíonn tóir ar shíscéalta toisc go bhfuil sé éasca dóibh carachtair aircitíopúla na scéalta a thuiscint.
I gcultúir ina gcreidtear go bhfuil a leithéid de dheamhain agus cailleacha ann, uaireanta déantar finscéalta de na síscéalta. Sa dóigh seo, creideann an scéalaí agus an lucht éisteachta go bhfuil fírinne stairiúil sa scéal. Murab ionann agus finscéalta agus eipicí, áfach, ní gnách go mbíonn níos mó ná tagairtí fánacha do chúrsaí creidimh, fíoráiteanna, fíordhaoine agus fíorimeachtaí a bheith ann; ní thiteann na himeachtaí amach ag aon am ar leith ach ag am éigin ‘fadó fadó’.
Tá síscéalta le fáil sa bhéaloideas agus sa litríocht. Tá deacrachtaí ar leith ag baint le cur le chéile stair na síscéalta toisc nach maireann ach na síscéalta atá le fáil sa litríocht. Go fóill féin, taispeánann fianaise na saothar litríochta ar a laghad go bhfuil síscéalta ann leis na mílte bliain, cé gur cosúil nár aithníodh iad mar sheánra iontu féin. Ba í Madame d’Aulnoy a chuir an t-ainm síscéalta orthu den chéad uair. Tá teacht ar shíscéalta liteartha leis na céadta ar fud an domhain, agus nuair a bhailigh béaloideasaithe iad fuair siad síscéalta i ngach cultúr. Scríobhtar síscéalta agus saothair a chineann ó shíscéalta go fóill sa lá atá inniu ann.
Scríobhadh na sean-síscéalta do dhaoine fásta agus do pháistí araon, ach bhí baint ar leith acu le páistí chomh fada siar le scríbhneoireacht les précieuses. Chuir na deartháireacha Grimm Kinder- und Hausmärchen (Scéalta do Pháistí agus don Líon Tí) ar a mbailiúcháin síscéalta agus tá an bhaint atá ag scéalta den chineál seo le páistí ag dul ó neart go neart ó shin.
Rinne béaloideasaithe rangú ar shíscéalta ar bhealaí éagsúla. I measc na gcóras is cáiliúla áirítear córas rangaithe Aarne-Thompson agus anailís mhoirfeolaíoch Vladimir Propp. Bhain béaloideasaithe eile ciall as tábhacht na scéalta ach níor bunaíodh aon scoil chuimsitheach maidir le héifeacht na scéalta.
Sainchomharthaí
cuir in eagarCé gur léir gur seánra ar leith ann féin é seánra an tsíscéil, táthar ag cur is ag cúiteamh maidir le cad é go díreach a shainmhíníonn síscéal. Cháin Vladimir Propp, ina shaothar Morphology of the Folktale, an t-idirdhealú coitianta a dhéantar ar “síscéalta” agus “scéalta ainmhithe”, toisc, mar a deir sé féin, tá idir eilimintí fantaiseacha agus ainmhithe i gcuid mhór scéalta. Mar sin féin, agus saothair á roghnú aige dá anailís, d’úsáid Propp na scéalta Rúiseacha béaloidis ar fad a rangaíodh mar bhéaloideas Aarne-Thompson 300 ─ 749 – córas catalógaithe a rinne idirdhealú den chineál sin – le bailiúchán cinnte scéalta a bheith aige. Rinne a anailís féin sainaithint ar shíscéalta de réir eilimintí a bplotaí, ach cáineadh an cur chuige seo fiú mar níl sé éasca an anailís sin a chur in oiriúint do scéalta nach bhfuil tóraíocht éigin iontu. Ina theannta sin, tá na heilimintí plota céanna le fáil i saothair nach síscéalta iad.
Tá gné amháin faoina bhfuiltear ar aon intinn maidir le bunús síscéil; ní gá go mbeadh sióga ann. Ar ndóigh, tá sé tugtha faoi deara ag a lán daoine, lena n-áirítear Angela Carter sa réamhrá a scríobh sí don leabhar The Virago Book of Fairy Tales, nach bhfuil tásc ná tuairisc ar shióg i gcuid mhór de na síscéalta mar dhea. Baineann seo go pointe áirithe le stair an téarma Béarla “fairy tale” a thagann ón fhrása Fraincise conte de fées a úsáideadh den chéad uair i mbailiúchán Madame D’Aulnoy sa bhliain 1697.
Mar a léiríonn Stith Thompson agus Carter í féin, is coitianta ainmhithe a bhfuil cumas cainte acu agus draíocht a bheith i gceist sna síscéalta ná mar atá sióga féin. Má tá ainmhithe ábalta caint i scéal ní hionann sin agus a rá gur síscéal é, áfach, go háirithe nuair is léir nach bhfuil ann ach duine ag caitheamh maisc, mar a bhíonn i bhfabhalscéalta.
San aiste a scríobh sé dar teideal “On Fairy-Stories”, d’aontaigh J. R. R. Tolkien nár chóir go mbeadh sióga mar chuid riachtanach de shainmhíniú ar shíscéalta agus rinne sé féin na scéalta a shainmhíniú mar scéalta faoi mhuintir Faërie, tír sióg, prionsaí agus banphrionsaí síscéalacha, abhaic, síofraí, agus ní hamháin speicis eile draíochta ach cuid mhór éachtaí iontacha eile. Fágann an aiste chéanna scéalta amuigh a áirítear go minic mar shíscéalta, mar shampla The Monkey’s Heart, a chuir Andrew Lang san áireamh sa leabhar The Lilac Fairy Book. I measc na scéalta eile nach bhfuil draíocht mar chuid dóibh ach a rangaítear mar shíscéalta go minic, áirítear What Is the Fastest Thing in the World? agus Catskin.
Is fearr le roinnt béaloideasaithe an téarma Gearmánach Märchen a úsáid agus iad ag tagairt don seánra. Tugann sainmhíniú Thompson údarás don nós seo ina eagrán de The Folktale sa bhliain 1977: “a tale of some length involving a succession of motifs or episodes. It moves in an unreal world without definite locality or definite creatures and is filled with the marvelous. In this never-never land, humble heroes kill adversaries, succeed to kingdoms and marry princesses.” Is carachtair agus móitífeanna simplí agus aircitíopúla iad carachtair agus móitífeanna na síscéalta: banphrionsaí agus cailíní géanna; na mic is óige agus na prionsaí galánta; torathair, fathaigh, dragain agus troill; droch-leasmháithreacha agus laochra bréagacha; máithreacha báistí sióga agus cuiditheoirí draíochta eile ar minic capaill, sionnaigh nó éin a bhfuil cumas cainte acu iad; sléibhte gloine; agus rialacha chomh maith le briseadh rialacha. Dúirt Italo Calvino gur sampla iontach iad na síscéalta de “quickness” sa litríocht, toisc iad a bheith chomh héifeachtach agus chomh hachomair sin.
Stair an tseánra
cuir in eagarÓ thús, ní raibh sna scéalta a dtugaimid síscéalta orthu inniu ach cineál scéil nach raibh aitheanta mar sheánra ar leith ann féin. Is é is ciall leis an téarma Gearmánach “Märchen”, go litriúil, ná “scéal”, seachas aon chineál scéil ar leith. Ba iad scríbhneoirí na hAthbheochana a shonraigh an seánra ar dtús agus ba iad a chuir tús le sainmhíniú seánra scéalta. Neartaigh saothair cuid mhór scríbhneoirí sainmhíniú an tseánra agus i ndiaidh shaothair na ndeartháireacha Grimm ní raibh aon dabht ann gur seánra ar leith ann féin a bhí i seánra na síscéalta. Agus é seo ar fad ag titim amach, ceapadh an téarma nuair a thosaigh les précieuses ag scríobh scéalta liteartha; chum Madame d’Aulnoy an téarma contes de fée, nó síscéal.
Sular sainmhíníodh seánra na fantaisíochta, tugadh síscéalta ar chuid mhór saothar a bheadh rangaithe mar shaothair fantaisíochta sa lá atá inniu ann, lena n-áirítear The Hobbit le Tolkien, Animal Farm le George Orwell agus The Wonderful Wizard of Oz le L. Frank Baum. Go deimhin, in “On Fairy-Stories” le Tolkien, déantar tógáil domhan a phlé agus meastar gur chuid ríthábhachtach é an saothar seo maidir le léirmheastóireacht na fantaisíochta. Cé go n-úsáideann fantaisíocht, agus go háirithe san fhosheánra d’fhantaisíocht síscéalta, móitífeanna na síscéalta, tuigtear anois gur dhá sheánra éagsúla iad.
Béaloideas agus Litríocht
cuir in eagarFochineál de chuid an scéil bhéaloidis is ea an síscéal nuair a insítear ó bhéal é. Scríobh a lán scríbhneoirí i bhfoirm an tsíscéil. Na síscéalta liteartha atá iontu seo, nó Kunstmärchen mar a thugtar orthu fosta. Is léir sna samplaí is sine – ó Panchatantra go Pentamerone – go ndearnadh roinnt mhaith athoibrithe orthu ó na scéalta béaloidis. Bhí na deartháireacha Grimm ar bheirt de na chéad daoine a rinne iarracht gnéithe na scéalta béalóidis a chaomhnú. Rinneadh na scéalta a cuireadh i gcló faoin ainm Grimm a athoibriú go mór chun iad a chur in oiriúint don fhoirm scríofa, áfach.
Malartaíodh plotaí, móitífeanna agus eilimintí go hoscailte idir síscéalta liteartha agus síscéalta ó bhéal agus malartaíodh iad le scéalta ó thíortha i bhfad i gcéin. Rinne a lán béaloideasaithe san 18ú haois iarracht an scéal “fíorbhéaloidis” a aisghabháil, scéal den chineál nach raibh truaillithe ag leaganacha liteartha. Cé gur dócha go raibh síscéalta ó bhéal ann na mílte bliain sula raibh a leithéid le fáil i scríbhinn, áfach, níl aon scéal fíorbhéaloidis ann. Agus úsáideann gach síscéal liteartha traidisiúin bhéaloidis, fiú mura bhfuil iontu ach scigaithris. Mar gheall air seo, ní féidir cineálacha seachadta síscéil a dhéanamh amach. Tá a fhios go léann roinnt scéalaithe béaloidis síscéalta liteartha le cur lena stór scéalta agus feistí féin.
Stair
cuir in eagarBhí traidisiún béil an tsíscéil ann i bhfad sula raibh scéalta á scríobh síos. Insíodh scéalta nó léiríodh iad go drámata in áit iad a scríobh síos agus tháinig siad chugainn ó ghlúin go glúin. Mar gheall air seo, tá stair a bhforbartha doiléir, ní nach ionadh. Is ón tSean-Éigipt – thart ar 1300 [RC – a thagann na síscéalta scríofa is sine a bhfuil fianaise againn orthu (mar shampla The Tale of Two Brothers), agus tagann síscéalta chun cinn anois agus arís i litríocht scríofa ar fud cultúr liteartha éagsúil. Is sampla é The Golden Ass de seo, lena n-áirítear na scéalta Cupid and Psyche (Rómhánach, 100 - 200 AD) , nó an Panchatantra (an India 200 - 300 AD). Níl a fhios go baileach, áfach, cé chomh cosúil is atá na scéalta scríofa seo le scéalta béaloidis na dtréimhsí sin féin. Taispeánann fianaise stíleach gur dócha go ndearnadh scéalta béaloidis a athoibriú go foirmeacha litríochta sna scéalta seo agus i gcuid mhór bailiúchán a tháinig ina ndiaidh. Rud is léir ó na scéalta sin ná go bhfuil seanfhreamhacha ag an síscéal, freamhacha atá níos sine ná an bailiúchán de scéalta draíochta Arabian Nights (a bailíodh thart ar 1500 AD). Is samplaí iad Vikram and the Vampire agus Bel and the Dragon de scéalta den chineál sin. Le cois bailiúchán agus scéalta aonánacha den chineál sin, d’inis fealsúna Taocha sa tSín, cosúil le Liezi agus Zhuangzi, síscéalta ina saothair fhealsúnacha. Maidir le sainmhíniú níos ginearálta an tseánra, is iad scéalta Aesop (6ú haois RC) sa tSean-Ghréig na chéad síscéalta cáiliúla an domhain thiar.
Déantar cuid mhór tagairtí do shíscéalta in The Canterbury Tales le Geoffrey Chaucer, in The Faerie Queen le Edmund Spenser agus i ndrámaí William Shakespeare. Is féidir King Lear a mheas mar leagan malairte liteartha de shíscéalta ar nós Water and Salt agus Cap O’Rushes. Tháinig an scéal féin chun cinn arís i litríocht an Iarthair sa 16ú agus sa 17ú haois le The Facetious Nights of Straparola le Giovanni Francesco Straparola (an Iodáil, 1550 agus 1553). Tá cuid mhór síscéalta i scéalta tosaigh an tsaothair seo, mar aon leis na scéalta Napoileacha le Giambattista Basile (Naples, 1634 - 6) ar síscéalta iad ar fad. Bhain Carlo Gozzi úsáid as a lán móitífeanna síscéaltacha i measc chreatlacha na scéalta ina Commedia dell’Arte, lena n-áirítear ceann a bunaíodh ar The Love For Three Oranges (1761). Ag an am céanna, d’áirigh Pu Songling, sa tSín, cuid mhaith síscéalta ina bhailiúchán dar teideal Strange Stories from a Chinese Studio (a foilsíodh sa bhliain 1766, i ndiaidh a bháis). Tháinig éileamh ar an síscéal féin i measc les précieuses d’uasaicme na Fraince (1690 - 1710), agus i measc na scéalta a insíodh le linn na tréimhse sin bhí scéalta La Fontaine agus na Contes de Charles Perrault (1697) a bhuanaigh foirmeacha Sleeping Beauty agus Cinderella. Cé gur i mbailiúcháin Straparola, Basile agus Perrault atá na leaganacha is sine a bhfuil eolas orthu de shíscéalta éagsúla, de réir na fianaise stílí, d’athscríobh na scríbhneoirí seo uile na scéalta ar mhaithe le héifeacht liteartha.
Bhí na deartháireacha Grimm, a bhailigh síscéalta Gearmánacha, ar na chéad bhailitheoirí a rinne iarracht ní hamháin plota agus carachtair an scéil a chaomhnú, ach an stíl ar scríobhadh iad a choinneáil chomh maith. Mar gheall ar an gcur chuige seo, is foinse fhíorluachmhar é céad eagrán shaothar na ndeartháireacha (1812 agus 1815) do bhéaloideasaithe. Go híorónta, áfach, d’athscríobh siad na scéalta in eagráin eile, ina dhiaidh sin, le go mbeidís ní b’oiriúnaí, rud a dheimhnigh gur díoladh iad agus go raibh éileamh ar a gcuid oibre as sin ar aghaidh.
Ní hamháin gur bhain leaganacha liteartha dá leithéid úsáid as scéalta béaloidis ach bhí tionchar acu ar scéalta béaloidis chomh maith céanna. Dhiúltaigh na deartháireacha Grimm do roinnt scéalta, cé gur inis Gearmánaigh ó bhéal dóibh iad, toisc gur tháinig na scéalta ó Perrault ó thús agus cheap siad sa deireadh, mar sin, gur scéalta Francacha a bhí iontu seachas scéalta Gearmánacha. Diúltaíodh do leagan ó bhéal den scéal Bluebeard sa dóigh seo, agus níor glacadh leis an scéal Briar Rose a raibh baint shoiléir aige le Sleeping Beauty le Perrault ach amháin gur áitigh Jacob Grimm ar a dheartháir gur chruthaigh an carachtar Brynhild gur bhain an banphrionsa codlata le béaloideas na Gearmáine ó cheart.
Is léiriú í an dóigh a raibh plé faoi cibé acu ba chóir Sleeping Beauty a choinneáil nó nár chóir ar chreideamh coitianta a bhí ann i measc bhéaloideasaithe an 19ú haois. Ba é an creideamh seo ná gur chaomhnaigh traidisiún na ndaoine síscéalta i bhfoirmeacha ón tréimhse réamhstaire ach amháin nuair a “truaillíodh” na scéalta mar gheall ar fhoirmeacha liteartha den chineál sin, agus gurbh as sin a thosaigh daoine ag insint scéalta neamhbharántúla. Ba iad na tuathánaigh neamhliteartha, ainléannta, má bhí siad iargúlta go maith ón saol lasmuigh, muintir an bhéaloidis agus ba iadsan a d’inseodh scéalta fíorbhéaloidis. Uaireanta, mheas siad gur cineál iontaise a bhí sna síscéalta, gurbh iarsmaí iad de scéal a bhíodh foirfe tráth. Cinneadh i ndiaidh tuilleadh taighde, áfach, nach raibh buanleagan riamh ag síscéalta agus, gan aird a thabhairt ar aon tionchar liteartha, bhíodh na scéalta de shíor á n-athchóiriú féin ar mhaithe lena gcuspóirí féin.
Chuaigh saothar na ndeartháireacha Grimm i bhfeidhm ar bhailitheoirí eile agus mar thoradh air seo spreagadh iad le scéalta a bhailiú agus ag an am céanna le creidiúint, le teann náisiúnachais rómánsaigh, gur léiriú ar leith ar thír a bhí i síscéalta na tíre sin. Ba cháil é seo a rinne neamhaird ar thionchar cultúr eile ar a chéile. I measc na ndaoine a raibh tionchar ag na deartháireacha Grimm orthu, bhí an RúiseachAlexander Afanasyev (a raibh a shaothar foilsithe ar dtús in 1866); na hIoruaigh Peter Christen Asbjørnsen agus Jørgen Moe (a raibh a saothair foilsithe ar dtús in 1845), an Rómánach Petre Ispirescu (a raibh a shaothar foilsithe ar dtús in 1874), an Sasanach Joseph Jacobs (a raibh a shaothar foilsithe ar dtús in 1890), agus Jeremiah Curtin, Meiriceánach a bhailigh scéalta Éireannacha a foilsíodh in 1890 den chéad uair. Bhailigh eitneagrafaithe síscéalta ar fud an domhain agus tháinig siad ar scéalta a bhí cosúil le chéile san Afraic, i gCríocha Mheiriceá agus san Astráil; ní hamháin go raibh Andrew Lang ábalta feidhm a bhaint as scéalta scríofa na hEorpa agus na hÁise agus a shraith leabhair síscéalta ilchineálacha á cur le chéile aige ach bhí sé in ann scéalta a bhailigh eitneagrafaithe a úsáid chomh maith. Spreag na heitneagrafaithe bailitheoirí eile síscéalta fosta – nuair a chruthaigh Yei Theodora Ozaki an bailiúchán Japanese Fairy Tales(1908) i ndiaidh dó spreagadh a fháil ó Lang mar shampla. Ag an am céanna, choinnigh a leithéid de scríbhneoirí agus Hans Christian Andersen agus George MacDonald traidisiún na síscéalta liteartha. Bhain Andersen úsáid as seanscéalta béaloidis anois agus arís ina shaothar ach chomh minic lena athrach bhain sé feidhm as móitífeanna agus as plotaí síscéaltacha i scéalta nua. Chuir MacDonald móitífeanna síscéaltacha isteach i síscéalta liteartha nua, cosúil le The Light Princess, agus i saothair den séanra ar a dtabharfaí fantaisíocht ina dhiaidh sin, cosúil le The Princess and the Goblin nó Lilith.
Seachadadh trascultúrtha
cuir in eagarTá iarracht déanta ag dhá theoiric fhoinsiúla chun na heilimintí coitianta i síscéalta a aimsíodh ar fud ilchríoch a mhíniú. Deir ceann amháin acu siúd gur as áit ar leith a tháinig gach síscéal ar leith ó thús agus gur scaipeadh na scéalta óna dtúsphointí féin thar na céadta. Maidir leis an teoiric eile, deir sí go dtagann a leithéid de shíscéalta ar fad ó thaithí chomónta dhaonna agus, mar sin, d'fhéadfadh na creatlaigh chéanna teacht chun cinn i gcuid mhór áiteanna éagsúla.
Tá fáil ar shíscéalta le plotaí, carachtair agus móitífeanna atá iontach cosúil lena chéile agus iad scaipthe ar fud cuid mhór cultúr éagsúil. Creideann a lán taighdeoirí gurb é is cúis leis seo ná go scaiptear a leithéid de scéalta mar a athinsíonn daoine scéalta a chuala siad i dtíortha i bhfad i gcéin. Ní féidir an bealach a chur le bonn ach amháin trí thátal, áfach, mar gheall ar nádúr an traidisiúin bhéil féin. Tá iarracht déanta ag béaloideasaithe bunús na scéalta a dhéanamh amach ag úsáid fianaise sna scéalta féin, fianaise nach mbíonn soiléir i gcónaí; thug Joseph Jacobs faoi deara agus é ag cur an scéil Albanaigh The Ridere of Riddles i gcomparáid leis an leagan a bhailigh na deartháireacha Grimm darb ainm The Riddle, go bpósann laoch amháin go polagamach ag an deireadh, rud a léireodh nós ársa éigin b’fhéidir, ach in The Riddle, d’fhéadfadh sé go dtaispeánann an tomhas níos simplí tuilleadh ársaíochta.
Rinne béaloideasaithe a bhaineann leis an scoil “Fhionlannach” (nó an scoil stairiúil-gheografach) iarracht síscéalta a chur lena mboinn ach níor tháinig aon torthaí conclúideacha as na hiarrachtaí sin. Uaireanta is soiléire teoiric an tionchair, go háirithe má tá an tionchar le brath laistigh de cheantar agus de thréimhse theoranta, mar a bhí agus tionchar scéalta Perrault ar na scéalta a bhailigh na deartháireacha Grimm a mheas. Is cosúil gur ó Sleeping Beauty le Perrault a tháinig Little Briar-Rose toisc gur dealraitheach go bhfuil scéal na ndeartháireacha Grimm ar an aon leagan Gearmánaise neamhspleách amháin. Ar an dóigh chéanna, tá an-chosúlacht ag tús leagan na ndeartháireacha Grimm de Little Red Riding Hood le tús scéal Perrault agus tugann sé seo le tuiscint go raibh tionchar ag leagan Perrault ar an gcéad leagan thuasluaite. Tá deireadh difriúil ag leagan na ndeartháireacha Grimm, áfach (a tháinig ón scéal The Wolf and the Seven Young Kids b’fhéidir).
Tá sé de chlaonadh sna síscéalta déataí a dtimpeallachta a ghlacadh orthu féin mar is léir ó na móitífeanna a roghnaítear, an dóigh a n-insítear iad agus an dóigh a ndéantar cur síos ar charachtair agus ar dhéata áitiúil.
Síscéalta agus páistí
cuir in eagarÓ thús, chomh minic lena athrach, ba iad daoine fásta, chomh maith le páistí a bhíodh ag baint tairbhe as síscéalta. Bhíodh síscéalta le fáil i saothair a foilsíodh do dhaoine fásta ach sa 19ú agus san 20ú haois samhlaíodh iad ní ba mhó le litríocht do pháistí.
Ba do dhaoine fásta a scríobhadh les précieuses, lenar áiríodh Madame d’Aulnoy, ach mheas siad gurbh é a bhí mar fhoinse ag a saothair ná scéalta a bhíodh na searbhóntaí, nó mná eile d’aicme ní b’ísle, á n-insint do pháistí. Go deimhin féin, in úrscéal ón tréimhse sin, ina dtairgeann suiríoch cuntaoise scéal den chineál sin a insint, deir an chuntaois go bhfuil an oiread céanna dúil aici i síscéalta agus mar a bheadh ag páiste. I measc les précieuses ní ba dhéanaí, rinne Jeanne-Marie Le Prince de Beaumont leagan den scéal Beauty and the Beast a chur in eagar do pháistí agus is ar a scéal a bhfuil an clú is mó inniu. Chuir na deartháireacha Grimm Kinder- und Hausmärchen (Scéalta do Pháistí agus don Líon Tí) ar a mbailiúchán síscéalta agus d’athscríobh siad a scéalta nuair a rinneadh gearáin ag rá nach raibh siad oiriúnach do pháistí.
Le linn na ré nua-aimseartha, athraíodh síscéalta ionas go mbeidís oiriúnach do léamh do pháistí. Dhírigh na deartháireacha Grimm go príomha ar thagairtí gnéasacha a bhaint de na scéalta; sa chéad eagrán de Rapunzel b’ag fiafraí cad chuige a raibh a cuid éadaí ag éirí chomh teann sin a scaoil an banphrionsa go raibh an prionsa ag tabhairt cuairte uirthi, mar sa dóigh seo thuig an chailleach go raibh an banphrionsa ag tnúth le leanbh. Sna heagráin ina dhiaidh sin, áfach, thug an banphrionsa le fios go mí-aireach go raibh an prionsa ag teacht chuici nuair a dúirt sí go raibh sé ní b’éasca an prionsa a tharraingt aníos. Ar an láimh eile, i gcuid mhór bealaí bhí ní ba mhó foréigin sna leaganacha nua seo, go háirithe agus bithiúnaigh á smachtú. In athleaganacha eile ní ba dhéanaí, baineadh foréigean de na scéalta; thug J. R. R. Tolkien faoi deara gur mhinic a baineadh an stobhach canablachta den scéal The Jupiter Tree i leaganacha do pháistí. Mar gheall ar an mbéim a cuireadh ar chúrsaí morálta le linn ré na Victeoiriach athraíodh na scéalta clasaiceacha le go mbeidís oideachasúil. Sa dóigh seo, d’athscríobh George Cruikshank Cinderella in 1854 le téamaí faoi staonadh a chur san áireamh. Rinne Charles Dickens, a raibh aithne aige ar Cruikshank, gearán faoi seo nuair a dúirt sé; “In an utilitarian age, of all other times, it is a matter of grave importance that fairy tales should be respected.”
Cháin síocanailísithe cosúil le Bruno Bettelheim, a cheap gur léirigh cruálacht na síscéalta ní ba shine go raibh teannas síceolaíoch iontu, spochadh na scéalta sa bhealach seo go géar. Mhaígh siad gur laghdaigh sé éifeacht na scéalta do pháistí agus do dhaoine fásta maidir leo a bheith ina mbealaí siombalacha le fadhbanna a réiteach.
Déantar síscéalta a chur in oiriúint do pháistí go fóill sa lá atá inniu ann. Ba do pháistí den chuid is mó a rinne Walt Disney Snow White and the Seven Dwarfs cé nach ndearnadh é do pháistí amháin. Baineann an beochan Magical Princess Minky Momo feidhm as an síscéal Momotarō.
I scoileanna Waldorf, úsáidtear síscéalta sa chéad rang agus is cuid lárnach iad na scéalta seo den churaclam. Léiríonn obair Rudolf Steiner ar fhorbairt mar dhuine gurb é an bealach is fearr le hintinn páiste a mhúineadh idir sé bliana d’aois agus seacht mbliana d’aois ná trí scéalta a insint. A bhuí le haircitíopaí agus nádúr draíochta na síscéalta bíonn an-tóir orthu i measc páistí atá sna haoiseanna sin. Cuireann nádúr na síscéalta, a leanann an traidisiún béil, le cumas an pháiste insint labhartha a léirshamhlú agus an scéal a chuimhneamh mar a chuala sé nó sí é chomh maith.
Scéalta comhaimseartha
cuir in eagarLiteartha
cuir in eagarBhain cuid mhaith údar leas as foirm na síscéalta sa litríocht chomhaimseartha ar chúiseanna éagsúla, ar nós staid an duine a phlé sa chreatlach shimplí a chuireann síscéal ar fáil. Bíonn údair áirithe ag iarraidh éifeacht fhantaiseach a bhaint amach i ndioscúrsa comhaimseartha. Baineann roinnt scríbhneoirí leas as foirmeacha an tsíscéil i gcomhair shaincheisteanna nua-aimseartha; féadtar a áireamh air sin an drámaíocht shíceolaíoch atá intuigthe sa scéal, mar a d’athinis Robin McKinley Donkeyskin san úrscéal Deerskin, leis an mbéim leagtha ar mhí-úsáid athair an scéil dá iníon. Uaireanta, go háirithe i litríocht do leanaí, athinsítear síscéalta le cor sa scéal ar mhaithe leis an ngreann, ar nós The Stinky Cheese Man le Jon Scieszka agus The ASBO Fairy Tales le Chris Pilbeam. Móitíf ghreannmhar choitianta is ea domhan ina dtiteann na síscéalta go léir amach, agus ina bhfuil a fhios ag na carachtair cén ról atá acu sa scéal, ar nós na sraithe scannáin Shrek.
D’fhéadfadh sé go mbeadh bunchúiseanna sainiúla ag údair eile, ar nós athmheasúnuithe ilchultúrtha nó feimineacha ar shíscéalta a bhíonn Eoralárnach agus firinscneach ó thaobh béime de den chuid is mó. Tugtar critic ar na seanscéalta le tuiscint ina leithéid de síscéalta. Rinne cuid mhaith léirmheastóirí feimineacha an íomhá den chailín i gcruachás a cháineadh go háirithe. Áirítear ar fhreaschur scéil a dhiúltaíonn an íomhá sin The Paperbag Princess le Robert Munsch, leabhar pictiúr atá dírithe ar leanaí ina tharrthálann banphrionsa prionsa, agus The Bloody Chamber le Angela Carter a athinsíonn roinnt síscéalta ó dhearcadh na mban.
Tháinig sampla suimiúil amháin den seánra sin aníos in iris teicneolaíochta míleata, Defense AT&L, a d’fhoilsigh alt i bhfoirm síscéil dar teideal Optimizing Bi-Modal Signal/Noise Ratios. Scríobh an Maor Dan Ward (Aerfhórsa na Stát Aontaithe) an t-alt, agus seasann an tsióg Garble sa scéal do chlistí cumarsáide idir oibrithe agus forbróirí teicneolaíochta. Bhí tionchar mór ag George MacDonald ar alt Ward.
Áirítear Oscar Wilde, A. S. Byatt, Jane Yolen, Terri Windling, Donald Barthelme, Robert Coover, Margaret Atwood, Kate Bernheimer, Espido Freire, Tanith Lee, James Thurber, Robin McKinley, Kelly Link, Bruce Holland Rogers, Donna Jo Napoli, Cameron Dokey, Robert Bly, Gail Carson Levine, Annette Marie Hyder, Jasper Fforde ar na daoine suntasacha eile a bhain úsáid as síscéalta i measc neart daoine eile.
B’fhéidir gur deacair an rud é riail a leagan amach chun idirdhealú a dhéanamh idir síscéalta agus scéalta fantaisíochta a úsáideann móitífeanna síscéil, nó a úsáideann plotaí iomlána fiú, ach is minic a dhéantar an t-idirdhealú sin, fiú i measc shaothair údair amháin: Féachtar ar Lilith agus Phantastes le George MacDonald mar scéalta fantaisíochta, cé go bhféachtar ar “The Light Princess”, “The Golden Key”, agus “The Wise Woman” leis an údar céanna mar síscéalta go ginearálta. Is é an difríocht is mó ná go n-úsáideann síscéalta fantaisíochta, ar nós scéalta fantaisíochta eile, gnásanna scríbhneoireachta próis, carachtrachta nó suímh a bhíonn in úrscéalta.
Scannán
cuir in eagarTá síscéalta curtha i bhfoirm drámaí; tá samplaí den nós sin ar an taifead in commedia dell’arte agus, níos déanaí, sa gheamaireacht. Chiallaigh teacht na scannánaíochta gurbh fhéadfaí scéalta dá leithéid a chur i láthair ar bhealach níos cruthúla, trí úsáid a bhaint as maisíocht agus as beochan; b’fhorbairt úrnua é an scannán Snow White and the Seven Dwarfs le Disney sa bhliain 1937 ó thaobh síscéalta de agus, ar ndóigh, ó thaobh na fantaisíochta go ginearálta. Chabhraigh tionchar Disney leis an seánra seo a bhunú mar scannáin do leanaí, d’ainneoin go raibh Snow White, mar aon le luathscannáin lánfhada eile na cuideachta, dírithe ar dhaoine fásta freisin ar dtús. Cuirtear an milleán ar Disney as síscéalta a shimpliú mar léiríonn siad críocha sona, agus ní an phian agus an fhulaingt – agus críocha míshona uaireanta – a bhíonn ag cuid mhaith sean-síscéalta.
Rinneadh cuid mhaith síscéalta mar scannáin do leanaí go príomha, ó shaothair dhéanacha Disney go hathinsint Aleksandr Rou ar Vasilissa the Beautiful – an chéad scannán Sóivéide a d’úsáid seanscéalta na Rúise i scannán lánfhada mórbhuiséid. Bhain daoine eile úsáid as gnásanna síscéalta chun scéalta nua a chruthú, a oireann níos fearr don saol comhaimseartha, cosúil le Labyrinth agus scannáin Michel Ocelot.
D’athinis saothair eile síscéalta cáiliúla ar bhealach eile ní ba dhorcha, ní b’uafásaí nó ní ba shíceolaíche, agus iad dírithe ar dhaoine fásta go príomha. Samplaí suntasacha ná Beauty and the Beast agus The Company of Wolves le Jean Cocteau, atá bunaithe ar athinsint Angela Carter ar an scéal Little Red Riding Hood. Mar an gcéanna, cruthaíonn Princess Mononoke agus Pan’s Labyrinth scéalta nua sa seánra seo ó mhóitífeanna síscéil agus béaloidis.
Ó thaobh na ngreannán agus na sraitheanna teilifíse beochana de, úsáideann The Sandman, Revolutionary Girl Utena, Princess Tutu, Fables agus MÄR gnáthghnéithe síscéil go pointí áirithe, ach déantar catagóiriú níos cruinne orthu mar shíscéalta fantaisíochta mar gheall ar na hionaid agus na carachtair chinnte a theastaíonn ó scéal níos faide.
Móitífeanna
cuir in eagarMá dhéantar comparáid idir síscéalta, feictear sula i bhfad go mbíonn cuid mhaith gnéithe mar an gcéanna acu. I measc na n-aicmithe is mó tionchair tá aicmiú Antti Aarne, a rinne Stith Thompson é a athchóiriú go córas aicmithe Aarne-Thompson, agus Morphology of the Folk Tale de chuid Vladimir Propp.
Aarne-Thompson
cuir in eagarDéanann an córas sin síscéalta agus seanscéalta a ghrúpáil de réir a bplota iomláin. Aimsítear gnéithe atá mar an gcéanna iontu agus atá ina gcomharthaí sóirt agus cinntear cén scéalta a chuirtear le chéile ar an gcaoi sin. Mar sin, braitheann sé go mór ar na gnéithe cinntitheacha, mar a fheictear iad.
Mar shampla, tá scéalta ar nós Cinderella – ina bhfreastalaíonn banlaoch inghreimthe ar imeacht (nó ar thrí imeacht), le cabhair ón símháthair bhaistí nó ó chabhróir draíochtach eile, agus titeann prionsa i ngrá léi agus aithnítear í mar fhíorbhrídeach dó – in aicmiú 510, an banlaoch inghreimthe. Áirítear ar scéalta dá leithéid The Wonderful Birch, Aschenputtel, Katie Woodencloak, The Story of Tam and Cam, Ye Xian, Cap O’ Rushes, Catskin, Fair, Brown and Trembling, Finette Cendron, Allerleirauh, agus Tattercoats.
Léiríonn tuilleadh anailíse ar na scéalta gurbh í an leasmháthair a inghreimeann an banlaoch agus nach dtugtar cead di dul chuig an mbál nó chuig imeacht eile in Cinderella, The Wonderful Birch, The Story of Tam and Cam, Ye Xian, agus in Aschenputtel, agus gurbh iad a deirfiúracha agus carachtair baininscneacha eile a inghreimeann í in Fair, Brown and Trembling agus in Finette Cendron, agus cuirtear na scéalta sin i ngrúpáil 510A; agus in Cap O’ Rushes, in Catskin, agus in Allerleirauh, ruaigeann inghreimeanna an athar an banlaoch as an teach agus bíonn uirthi obair a fháil i gcistin eile, agus cuirtear na scéalta sin i ngrúpáil 510B. Ach in Katie Woodencloak, ruaigeann inghreimeanna an leasmháthar an banlaoch as an teach agus bíonn uirthi obair a fháil i gcistin eile, agus in Tattercoats, ní thugann an seanathair cead di dul chuig an mbál. Ós rud é go bhfuil gnéithe i gcoiteann acu leis an dá chineál 510, aicmítear Katie Woodencloak i ngrúpáil 510A de bharr an leasmháthair a bheith ina bithiúnach, agus aicmítear Tattercoats i ngrúpáil 510B mar glacann an seanathair ról an athar.
Tá laigí ag an gcóras sin mar gheall ar an deacracht fochodanna den scéal a aicmiú mar mhóitífeanna. Is i ngrúpáil 310 atá Rapunzel (An Mhaighdean sa Túr), ach tosaíonn an scéal le malartú an linbh ar bhia goidte, mar a dhéanann Puddocky; ach ní scéal é Puddocky a bhaineann leis an Maighdean sa Túr, agus is cinnte gur scéal a bhaineann leis an Maighdean sa Túr é The Canary Prince a thosaíonn le leasmháthair éadmhar.
Oireann an córas freisin don bhéim ar ghnéithe i gcoiteann, sa mhéid go ndéanann an béaloideasaí cur síos ar The Black Bull of Norroway mar an scéal céanna le Beauty and the Beast. Is úsáideach an rud é sin mar ghearrscríobh ach is féidir blas agus sonraí scéil a scriosadh leis freisin.
Moirfeolaíocht
cuir in eagarRinne Vladimir Propp staidéar ar bhailiúchán síscéalta Rúiseacha go sonrach, ach meastar go bhfuil fiúntas ag baint leis an anailís a rinne sé maidir le scéalta ó thíortha eile.
Cáineann sé an saghas anailíse a rinne Aarne-Thompson as neamhaird a thabhairt ar fheidhm na móitífeanna i scéalta, agus as an easpa idirdhealaithe shainiúil ar na móitífeanna a úsáideadh. Mar sin, rinne sé anailís ar an bhfeidhm a bhí ag gach carachtar agus ag gach gníomh, agus bhain sé de thátal as go bhfuil aon ghné is tríocha agus ocht gcineál carachtar i gceist i scéal. Cé nár theastaigh na gnéithe go léir le haghaidh gach scéal, nuair a tháinig siad aníos bhí siad in ord do-athraithe – ach amháin gurbh fhéidir gach gné a shéanadh faoi dhó, ionas go dtiocfadh sé aníos trí huaire. Mar shampla, in Brother and Sister, diúltaíonn an deartháir ól as sruthanna draíochtacha faoi dhó, agus is é an tríú ceann a chuireann faoi dhraíocht é.
Gné den saghas sin ná an deontóir a thugann cabhair dhraíochtach don laoch, go minic tar éis dó é a thástáil. In The Golden Bird, tástálann an sionnach, atá in ann labhairt, an laoch trí rabhadh a thabhairt dó gan dul isteach san óstán. Nuair a éiríonn leis, cabhraíonn sé leis ábhar a sheilge a aimsiú; in The Boy Who Drew Cats, molann an sagart don laoch fanacht in áiteanna beaga istoíche, rud a chosnaíonn é ó spiorad olc; in Cinderella, tugann an tsímháthair bhaistí na gúnaí a theastaíonn ó Cinderella don bhál di, mar a dhéanann spioraid na máithreacha in Bawang Putih Bawang Merah agus in The Wonderful Birch; in The Fox Sister, tugann manach Búdach buidéil dhraíochtacha do na deartháireacha chun iad a chosaint ó spiorad an tsionnaigh. Is féidir leis na rólanna a bheith níos casta. In The Red Ettin, roinntear an ról idir an mháthair – a thairgeann láncháca don laoch don turas in éineacht lena mallacht, nó leath den cháca in éineacht lena beannacht – agus sióg a thugann comhairle dó (tar éis dó leath an cháca a roghnú); in Mr Simigdáli, tugann an ghrian, an ghealach agus na réalta go léir bronntanas draíochtach don bhanlaoch. Is féidir le carachtair nach bhfuil i gcónaí ina ndeontóirí feidhmiú mar dheontóir. In Kallo and the Goblins, tugann na bocánaigh bhithiúnta bronntanas don bhanlaoch, mar imrítear cleas orthu; in Schippeitaro, nochtann na droch-chait a rún don laoch, rud a thugann modh dó iad a mharú. Ní bhíonn deontóir i gceist le síscéalta eile ar nós The Story of the Youth Who Went Forth to Learn What Fear Was.
Tá cosúlacht idir sin agus an anailís ar mhiotais a bhaineann le turas an Laoich.
Cáineadh an anailís sin as neamhaird a thabhairt ar thon, ar ghiúmar, ar charachtair agus, ar ndóigh, ar aon rud a dhéanann síscéal amháin a idirdhealú ó shíscéal eile.
Idirmhínithe
cuir in eagarBíonn teagasca i gceist le cuid mhaith malairtí eile, go háirithe na cinn atá dírithe ar leanaí. Chríochnaigh Perrault a chuid leaganacha le teagasc, ach ní raibh siad go hiomlán morálta i gcónaí: críochnaíonn Cinderella leis an tuairim nár leor áilleacht agus carachtar Cinderella leo féin, gan cúnamh ón símháthair bhaistí – rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le teagmhálacha sóisialta.
Tugadh idirmhíniú ar chuid mhaith síscéalta chun leas a bhaint as a mbrí (airbheartaithe). D’áitigh idirmhíniú miotaseolaíoch amháin gur ghrianmhiotais iad cuid mhaith síscéalta, lena n-áirítear Hansel and Gretel, Sleeping Beauty agus The Frog King; níl an modh idirmhínithe sin chomh coitianta sa lá atá inniu ann. Rinneadh anailís Fhreudach, Jungach agus anailís shíceolaíoch eile ar chuid mhaith acu freisin, ach níor bunaíodh aon mhodh deifnídeach idirmhínithe riamh.
Is minic a cáineadh anailísí sainiúla go minic as béim mhór a leagan ar mhóitífeanna nach raibh dlúthbhaint acu leis an scéal; d’eascair sin go minic as caitheamh le leagan amháin den síscéal mar an téacs deifnídeach, sa chás gur insíodh agus athinsíodh scéal i roinnt mhaith leaganacha. I malairtí de Bluebeard, léirítear fiosracht na mná céile le heochair fhuilsmeartha, le briseadh uibhe, nó le canadh róis a chaith sí, gan cur as don scéal, ach d’áitigh idirmhínithe ar mhalairtí sainiúla go raibh dlúthbhaint ag an rud áirithe leis an scéal.
Rinne béaloideasaithe eile scéalta a idirmhíniú mar cháipéisí stairiúla. D’úsáid cuid mhaith béaloideasaithe Gearmánacha scéalta Grimm chun nósanna ársa a mhíniú, mar chreid siad gur tháinig na scéalta aníos ó chianaois. Mhínigh béaloideasaithe eile carachtar na droch-leasmháthar leis an stair: d’éag go leor ban agus iad ag breith clainne, d’athphós a fir chéile agus chuaigh na leasmháithreacha nua san iomaíocht le leanaí an chéid phósta i gcomhair acmhainní.
Díolamaí
cuir in eagar- Liosta síscéalta
- Cnuasaigh shíscéalta
Údair agus saothair:
- Síleabhair Andrew Lang
- Fairy Tales, leabhar le E. E. Cummings
- Giovanni Francesco Straparola
- Grimm’s Fairy Tales
- Hans Christian Andersen, i gcomhair síscéalta Andersen
- Seanscéalta Iodálacha le Italo Calvino
- Joseph Jacobs, i gcomhair síscéalta cnuasaithe
- Legende sau basmele românilor le Petre Ispirescu
- Madame d’Aulnoy
- Norske Folkeeventyr
- Narodnye russkie skazki
- Pentamerone le Giambattista Basile
- Contes de ma mère l’Oye le Charles Perrault
- Panchatantra
- Peter Leithart – Wise Words
- Popular Tales of the West Highlands le John Francis Campbell
- Ruth Manning-Sanders, i gcomhair síscéalta cnuasaithe
- Tales of Brother Goose le Brett Nicholas Moore
- Tono Monogatari (Legends of Tono) le Kunio Yanagita
- World Tales le Idries Shah