Úsáideoir:MALA2009/Stailc ocrais in Éirinn sa bhliain 1981

Ba é an stailc ocrais in Éirinn sa bhliain 1981 a bhí mar bhuaic ar an agóid a bhí ar siúl le cúig bliana roimhe sin ag príosúnaigh phoblachtacha Éireannacha i dTuaisceart Éireann. Thosaigh an agóid mar agóid pluide i 1976, nuair a tharraing rialtas na Breataine siar an Stádas Catagóire Speisialta a bhíodh ag príosúnaigh paraimíleatacha a bhí ciontaithe. I 1978, i ndiaidh roinnt ionsaithe ar phríosúnaigh le linn dóibh a bheith ag fágáil a gcuid ceall chun na buicéid leithris a fholmhú, d’éirigh an t-aighneas níos measa agus d’fhás an agóid shalach. Mar chuid den agóid seo, dhiúltaigh na príosúnaigh iad féin a ní agus smear siad ballaí na gceall le heiscréid. I 1980 ghlac seachtar príosúnach páirt sa chéad stailc ocrais. Tháinig deireadh leis an stailc seo tar éis 53 lá.

Tharla an dara stailc ocrais i 1981 agus bhí sé ina choimhlint chrua idir na príosúnaigh agus an Príomh-Aire, Margaret Thatcher. Toghadh Bobby Sands, duine de na stailceoirí ocrais, mar Fheisire Parlaiminte i rith na stailce ocrais. Mhúscail sé seo spéis ó na meáin chumarsáide ar fud an domhain. Cuireadh deireadh leis an stailc tar éis do dheichniúr príosúnach iad féin a stiúgadh leis an ocras, D’fhreastal 100,000 duine ar shochraid Sands, a bhí ina measc siúd a bhásaigh. Mar thoradh ar an stailc, ghlac an pholaitíocht náisiúnach leis an radacachas agus tháinig borradh faoi Shinn Féin a chuir ar chumas an pháirtí sin forbairt mar pháirtí príomhshrutha.


Cúlra cuir in eagar

Ó 1917 i leith bhíodh poblachtaí Éireannacha ag dul ar stailc ocrais agus roimhe sin fuair dáréag fear bás ar stailceanna ocrais. Ina measc siúd bhí Thomas Ashe, Terence MacSwiney, Seán McCaughey, Michael Gaughan agus Frank Stagg. Tar éis don imtheorannú teacht i bhfeidhm i 1971, ritheadh an Chis Fhada – ar tugadh HM Prison Maze air ina dhiaidh sin – mar champa phríosúnaigh chogaidh. Mhair siad siúd a bhí i ngéibheann i suanliosanna agus choinnigh siad disciplín trí struchtúir cheannasaíochta mhíleata a ghlacadh chucu féin. Bhídís ag druileáil le gunnaí adhmaid agus bhíodh léachtaí acu ar threallchogaíocht agus ar pholaitíocht réabhlóideach. Suas go dtí mí Iúil 1972, diúltaíodh na cearta céanna a bhí ag imtheorannaithe a thabhairt do phríosúnaigh a bhí ciontaithe. Ansin, tugadh isteach Stádas Catagóire Speisialta tar éis do 40 príosúnach de chuid Óglaigh na hÉireann (IRA), faoi cheannas an phoblachtaigh ársa Billy McKee, dul ar stailc ocrais. Is éard ba chiall le Stádas Catagóire Speisialta, nó stádas polaitiúil, ná gur caitheadh le príosúnaigh amhail mar a chaithfí le príosúnaigh chogaidh. Ní raibh orthu éide phríosúin a chaitheamh nó obair phríosúin a dhéanamh. I 1976, mar chuid den bheartas a bhí acu maidir le “coiriúlú,” chuir Rialtas na Breataine deireadh le Stádas Catagóire Speisialta do phríosúnaigh pharaimíleatacha i dTuaisceart Éireann. Níor cuireadh an beartas i bhfeidhm ina leith siúd a bhí ina bpríosúnaigh cheana féin ach cuireadh i bhfeidhm é ina leith siúd a ciontaíodh tar éis 1 Márta 1976. De bharr deireadh a bheith curtha le Stádas Catagóire Speisialta, bhí an t-údarás a bhíodh ag lucht ceannais na bparamíleatach ar a gcuid fear féin laistigh de na príosúin faoi bhagairt mhór, ní áirim gur buille mór a bhí ann ó thaobh na bolscaireachta de.

Agóidí pluide agus agóidí salacha cuir in eagar

An 14 Meán Fómhair 1976, thosaigh an príosúnach nuachiontaithe Kieran Nugent an agóid phluide. Dá réir seo, dhiúltaigh príosúnaigh de chuid an Irish National Liberation Army (INLA) éide phríosúin a chaitheamh agus chuaigh siad thart ina gcraiceann nó sin rinne siad éadaigh as pluideanna príosúin. I 1978, tharla roinnt ionsaithe ar phríosúnaigh le linn dóibh a bheith ag fágáil a gcuid ceall chun na buicéid leithris a fholmhú. Is as seo a d’fhás an agóid shalach. Le linn na hagóide seo, dhiúltaigh príosúnaigh iad féin a ní agus smear siad ballaí a gcuid cillíní le heiscréid. Is í an aidhm a bhí leis na hagóidí seo ná an stádas polaitiúil a bhí acu roimhe seo a thabhairt ar ais trí na “Cúig Éileamh”, mar a tugadh orthu, a bhaint amach.

An ceart diúltú d'éide phríosúin a chaitheamh.
An ceart chun diúltú d'obair phríosúin a dhéanamh;
An ceart chun meascadh le príosúnaigh eile gan aon bhac agus chun imeachtaí oideachasúla agus spóirt a eagrú;
An ceart chun glacadh le cuairt amháin, le litir amháin agus le beartán amháin in aghaidh na seachtaine;
Agus an logha a cailleadh de bharr na hagóide a fháil ar ais.

I dtús báire, níor tugadh mórán suntais don agóid seo agus cheap an IRA féin fiú, nárbh fhiú tráithnín é i gcomórtas leis an gcoimhlint mhíleata a bhí ar bun acu. Tugadh níos mó airde ar an agóid i ndiaidh do Thomás Ó Fiaich, Ardeaspag Caitliceach Ard Mhacha, cuairt a thabhairt ar an bpríosún agus gearán a dhéanamh faoin mbail a bhí ar phríosúnaigh ansin. I 1979, sheas an t-iarfheisire parlaiminte Bernadette McAliskey sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa de bhun tacaíocht a thabhairt do na príosúnaigh a bhí i mbun agóide agus bhain sí amach 5.9% den vóta i dTuaisceart Éireann, cé gur iarr Sinn Féin go ndéanfaí baghcat ar an toghchán seo. Go gairid ina dhiaidh seo, bunaíodh an National H-Block/Armagh Committee, a raibh bonn leathan faoi, chun tacú leo siúd a bhí ag iarraidh na “Cúig Éileamh” a bhaint amach. Ba í McAliskey an príomhurlabhraí a bhí acu. Sa tréimhse roimh na stailceanna ocrais, bhí feachtas feallmharaithe ar siúl ag an dá thaobh. Lámhach agus mharaigh an tIRA roinnt oifigigh príosúin. Ar an taobh eile, lámhach agus mharaigh paramíleataigh dílseacha roinnt daoine a bhí gníomhach sa National H-Block/Armagh Committee agus ghoin siad go dona McAliskey agus a fear céile le linn dóibh a bheith ag iarraidh iad a mharú.

An chéad stailc ocrais cuir in eagar

An 27 Deireadh Fómhair 1980, chuaigh príosúnaigh sa Cheis Fhada (HM Prison Maze) ar stailc ocrais. Chuir mórán príosúnach iad féin chun cinn chun páirt a ghlacadh sa stailc ocrais ach roghnaíodh seachtar chun go mbeadh a líon cothrom le líon na bhfear a shínigh Forógra na Cásca i 1916. Sa ghrúpa bhí Brendan Hughes, Tommy McKearney, Raymond McCartney, Tom McFeeley, Sean McKenna, Leo Green, a bhí ina gcomhaltaí den IRA agus John Nixon, a bhí ina chomhalta den INLA. An 1 Nollaig, chuir triúr príosúnach i bPríosún na mBan in Ard Mhacha tús le stailc ocrais agus ina measc siúd bhí Mairéad Farrell. Ina dhiaidh sin, chuaigh cúpla dosaen eile príosúnach ar stailc ocrais sa Cheis Fhada (HM Prison Maze) ach níor mhair an stailc sin i bhfad. Bhí sé ina choimhlint ghéar idir ceannaireacht an IRA agus rialtas na Breataine, féachaint cé acu ba thúisce a ghéillfeadh. Le linn do Mckenna a bheith i mbéal báis agus gan fhios teacht nó imeacht dó, bhí an chuma ar an scéal go raibh an rialtas sásta géilleadh do bhunús na n-éileamh a bhí ag na príosúnaigh agus chuir siad doiciméad tríocha leathanach ar fáil, ina raibh sonraí faoi mholtaí réitigh. Fad is a bhí an doiciméad ar a bhealach go Béal Feirste, rinne Hughes cinneadh beatha McKenna a shábháil agus an 18 Nollaig, d’ordaigh sé deireadh a chur leis an stailc i ndiaidh 53 lá.

An dara stailc ocrais cuir in eagar

 
Leacht i gcuimhne ar stailceanna ocrais i Reilig Bhaile an Mhuilinn, Béal Feirste.

In Eanáir 1981, ba léir nár géilleadh d’éilimh na bpríosúnach. Thosaigh údaráis an phríosúin ag soláthar na bpríosúnach le héadach sibhialtach a bhí eisithe go hoifigiúil ach bhí na príosúnaigh ag éileamh go mbeadh sé de cheart acu éadaigh dá gcuid féin a chaitheamh. An 4 Feabhra, d’eisigh na príosúnaigh ráiteas ag rá gur theip ar Rialtas na Breataine an ghéarchéim a réiteach agus thug siad le fios go raibh sé ar intinn acu dul ar stailc ocrais an athuair. Thosaigh an dara stailc ocrais an 1 Márta nuair a dhiúltaigh Bobby Sands, iaroifigeach ceannais an IRA sa phríosún, glacadh le bia. Neamhchosúil leis an gcéad stailc, chuaigh na príosúnaigh ar stailc duine ar dhuine ag amanna éagsúla. Cheap siad go músclódh sé seo bá an phobail go mór agus go gcuirfeadh sé brú as cuimse ar an bpríomhaire Margaret Thatcher.

I dtús báire, bhí sé deacair ag gluaiseacht na poblachta tacaíocht an phobail a fháil don dara stailc ocrais. An Domhnach sular chuir Sands tús lena stailc ocrais, mháirseáil 3,500 duine trí iarthar Bhéal Feirste. Ceithre mhí roimhe sin, le linn don chéad stailc ocrais a bheith ar siúl bhí 10,000 duine ag máirseáil. Cúig lá tar éis don stailc a bheith tosaithe áfach, fuair Frank Maguire, an Feisire Neamhspleách d’Fhear Manach agus do Thír Eoghain Theas bás agus tharla fothoghchán dá bharr seo. Bhí díospóireacht i measc náisiúnaithe agus poblachtaigh faoi cén duine ba chóir a chur san iomaíocht sa toghchán. Dúirt Austin Currie ó Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) go mbeadh suim aige féin dul san iomaíocht agus dúirt Bernadette McAliskey agus deartháir Frank Maguire, Noel, go mbeadh suim acusan freisin dul ar aghaidh. I ndiaidh idirbheartaíochta agus bagairtí intuigthe a bheith déanta ar Noel Maguire, socraíodh gan an vóta náisiúnach a scoilt trí dhul san iomaíocht sa toghchán. Sheas Sands mar iarrthóir Frith H Bhloc i gcoinne Harry West, an t-iarrthóir a chuir Páirtí Aontachtach Uladh chun cinn.

Tar éis do Sands an bua a bheith aige sa toghchán, bhí dóchas ann go bhféadfaí a theacht ar shocrú ach chuir Margaret Thatcher a cosa i dtaca agus dhiúltaigh sí aon ghéilleadh a dhéanamh do na stailceoirí ocrais. Dúirt sí nach raibh an rialtas toilteanach stádas catagóire speisialta a bhronnadh ar ghrúpaí áirithe daoine a raibh téarmaí príosúin á gcur isteach acu mar gheall ar choiriúlacht. Dúirt sí gurbh ionann coir agus coir agus nach raibh aon ghaol idir coiriúlacht agus polaitíocht. Tháinig na meáin chumarsáide ó gach áit ar domhan go Béal Feirste agus thug idirghabhálaithe éagsúla cuairt ar Sands chun iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an stailc ocrais trí idirbheartaíocht. Ina measc siúd bhí Síle de Valera, gariníon le hÉamonn de Valera, toscaire pearsanta an Phápa Eoin Pól II John Magee agus oifigigh ó Choimisiún na hEorpa um Chearta an Duine. Fiú agus Sands ag doras an bháis, níor tháinig aon athrú ar sheasamh an rialtais. Dúirt Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann Humphrey Atkins má bhí an tUasal Sands ag iarraidh lámh a chur ina bhás féin, gurbh é sin a rogha. Dúirt sé nach gcuirfeadh an rialtas iallach air glacadh le cóir leighis.

An 5 Bealtaine, bhásaigh Sands in ospidéal an phríosúin ar an séú lá is seasca dá stailc ocrais agus spreag scéal a bháis círéibeacha i gceantair náisiúnacha i dTuaisceart Éireann. D’eisigh Humphrey Atkins ráiteas a dúirt gur chuir Sands lámh ina bhás féin “agus é faoi threoir acu siúd a cheap go bhféadfaí leas a bhaint as a bhás ar son a gcúise féin. Sheas os cionn 100,000 duine le hais an bhealaigh mhóir agus an tsochraid ag dul thar bráid. Cuireadh onóracha míleata an IRA i bhfeidhm go hiomlán ag an tsochraid. Níor léirigh Margaret Thatcher go raibh aon aiféala uirthi faoina bhás. Ag labhairt di i dTeach na dTeachtaí, dúirt sí gur coirpeach ciontaithe a bhí san Uasal Sands agus gurbh é a rogha lámh a chur ina bhás féin. Dúirt sí nár thug an eagraíocht a raibh sé bainteach léi an rogha céanna do mhórán dá n-íospartaigh.

Le linn na coicíse tar éis bhás Sands, fuair triúr eile stailceoirí ocrais bás. Bhásaigh Francis Hughes an 12 Bealtaine agus tharla tuilleadh círéibeacha i gceantair náisiúnacha i dTuaisceart Éireann, go háirithe i nDoire agus i mBéal Feirste. Tar éis do Raymond McCreesh agus do Patsy O' Hara bás a fháil an 21 Bealtaine, cháin Tomás Ó Fiaich, a bhí ina Phríomháidh ar Éirinn uile faoin am sin, an chaoi ar láimhseáil rialtas na Breataine an stailc ocrais. Ina ainneoin sin, dhiúltaigh Margaret Thatcher socrú a idirbheartú. Le linn di a bheith ag tabhairt cuairte ar Bhéal Feirste i ndeireadh na Bealtaine, dúirt sí go raibh lucht an fhoréigin ag iarraidh an cárta deireadh a bhí acu, b'fhéidir, a imirt mar go raibh a fhios acu go raibh ag teip ar a gcúis mhíchlúiteach.

I mí an Mheithimh, chuaigh naonúr de na príosúnaigh a bhí ag déanamh agóide in iomaíocht san olltoghchán i bPoblacht na hÉireann. Toghadh Kieran Doherty agus Paddy Agnew (nach raibh ar stailc ocrais) i dtoghcheantar an Chábháin agus Mhuineacháin agus faoi seach agus theip ar éigean ar Joe McDonnell i dtoghcheantar Shligigh agus Liatroma. Bhí toghcháin áitiúla i dTuaisceart Éireann thart ar an am céanna agus cé nár ghlac Sinn Féin aon pháirt iontu, d’éirigh le grúpaí níos lú agus le neamhspleáigh roinnt suíochán a bhaint amach. Mar shampla, d’éirigh leis an bPáirtí ar son Neamhspleáchas na hÉireann 21 suíochán a bhaint amach agus bhain an Páirtí Sóisialach Poblachtach (eite pholaitiúil an INLA) agus an “People’s Democracy” (grúpa de lucht leanúna Trotsky) dhá shuíochán an ceann amach agus d’éirigh le roinnt iarrthóirí neamhspleácha a bhí ar son na stailceoirí ocrais suíocháin a bhaint amach freisin. Rith rialtas na Breataine Acht um Ionadaíocht an Phobail 1981 faoi dheifir chun aon phriosúnach eile a chosc ó rith sa bhfothoghchán i bhFear Manach agus i dTír Eoghain Theas a bhí le bheith ann de bharr gur bhásaigh Sands.


Cuimhneachán in ómós don stailceoir ocrais Kieran Doherty. Tar éis do Joe McDonnell agus do Martin Hurson bás a fháil, an 28 lúil d’fhreastail teaghlaigh roinnt de na stailceoirí ocrais ar chruinniú leis an sagart Caitliceach, an tAthair Denis Faul. Léirigh siad a n-imní faoin easpa dul chun cinn maidir le socrú don sagart agus cinneadh bualadh le Gerry Adams níos déanaí an lá sin. Ag an gcruinniú chuir an tAthair Faul brú ar Adams bealach a aimsiú chun deireadh a chur leis an stailc agus thoiligh Adams a iarraidh ar cheannaireacht an IRA ordú a thabhairt do na fir deireadh a chur leis an stailc ocrais. An lá ina dhiaidh sin bhí cruinniú ag Adams le seisear de na stailceoirí ocrais chun socrú molta bhí á thairiscint ag rialtas na Breataine dá gcuirfí deireadh leis an stailc a chur faoina mbráid. Dhiúltaigh na stailceoirí glacadh leis an socrú. Chreid siad dá nglacfaí le rud ar bith níos lú ná na “Cúig Éileamh” gur feall a bheadh ann ar an íobairt a bhí déanta ag Bobby Sands agus ag na fir eile a fuair bás.

An 31 Iúil thosaigh an stailc ocrais ag meath nuair a d'éiligh máthair Paddy Quinn go gcuirfí cóir leighis ar a mac chun a bheatha a shábháil. An lá ina dhiaidh sin fuair Kevin Lynch bás, lean Kieran Doherty é an 2 Lúnasa, Thomas McElwee an 8 Lúnasa agus Michael Devine an 20 Lúnasa. An lá a bhfuair Devine bás, bhuaigh gníomhaire toghchánaíochta Sands Owen Carron an fothoghchán i bhFear Manach agus Tír Eoghain theas le níos mó vótaí ach le móramh níos lú. An 6 Meán Fómhair ba é teaghlach Laurence McKeown an ceathrú teaghlach a rinne idirghabháil agus d’iarr siad cóir leighis chun a bheatha a shábháil. D’eisigh an Cairdinéal Ó Dálaigh ráiteas ag iarraidh ar phríosúnaigh phoblachtacha deireadh a chur leis an stailc ocrais. Seachtain ina dhiaidh sin ceapadh James Prior ina Rúnaí Stáit ar Thuaisceart Éireann in áit Humphrey Atkins agus bhuail sé le príosúnaigh mar iarracht chun deireadh a chur leis an stailc. Chuir Liam McCloskey deireadh lena stailc an 26 Meán Fómhair nuair a thug a theaghlach le fios go n-iarrfaidís cóir leighis dó chomh luath is a bheadh sé gan aithne gan urlabhra. Ba léir freisin go ndéanfadh teaghlaigh na stailceoirí ocrais idirghabháil chun iad a shábháil ón mbás. Cuireadh deireadh leis an stailc ag 3:15 pm an 3 Deireadh Fómhair agus trí lá ina dhiaidh sin d’fhógair Prior go ngéillfí cuid de na lamháltais do na príosúnaigh. Bhí cead acu anois a gcuid éadaí féin a chaitheamh an t-am ar fad. Ba é an t-aon cheann amháin de na "Cúig Éileamh" nach raibh géillte fós ná an ceart chun obair phríosúin a dhiúltú. I ndiaidh do na príosúnaigh sabaitéireacht a dhéanamh agus i ndiaidh an éalaithe ó Phríosún an Maze i 1983 dúnadh na ceardlanna. Chiallaigh sé seo go raibh glactha leis na “Cúig Éileamh” i ndáiríre ach nach raibh an rialtas ag tabhairt aon aitheantas oifigiúil do stádas polaitiúil.

Iad siúd a fuair bás sa stailc ocrais cuir in eagar

Le linn an tsamhraidh, fuair deichniúr stailceoirí ocrais bás. Seo a leanas a n-ainmneacha, an eagraíocht pharaimíleata lenar bhain siad agus an tréimhse ama a chaith siad ar stailc ocrais.

Ainm Comhcheangal paraimíleata Baile dúchais Dáta thús na stailce Dáta báis Tréimhse ar stailc ocrais
Roibeard Gearóid Ó Seachnasaigh IRA Baile na Mainistreach 1 Márta 5 Bealtaine 66 lá
Proinsias Ó hAodha IRA Baile Eachaidh 15 Márta 12 Bealtaine 59 lá
Réamann Mac Raois IRA Camloch 22 Márta 21 Bealtaine 61 lá
Peatsaí Ó hEadhra INLA Doire 22 Márta 21 Bealtaine 61 lá
Seosamh Mac Dónaill IRA Béal Feirste 8 Bealtaine 8 Iúil 61 lá
Máirtín Ó hUrsáin IRA Ceapach 28 Bealtaine 13 Iúil 46 lá
Caoimhín Ó Loingsigh INLA Dún Geimhin 23 May 1 August 71 lá
Ciarán Ó Dochartaigh IRA Béal Feirste 22 Bealtaine 2 Lúnasa 73 lá
Tomás Mac Giolla Bhuí IRA Baile Eachaidh 8 Meitheamh 8 Lúnasa 62 lá
Mícheál Ó Duibhinn INLA Doire 22 Meitheamh 20 Lúnasa 60 lá

Daoine eile a ghlac páirt sa stailc ocrais cuir in eagar

Cé go bhfuair deichniúr fear bás le linn na stailce ocrais, bhí trí dhuine dhéag eile a thosaigh ag diúltú bia ach baineadh den stailc ocrais iad ar chúiseanna leighis nó mar thoradh ar idirghabháil óna dteaghlaigh. Tá go leor acu fós ag fulaignt de bharr iarmhairtí na stailce. Tá fadhbanna díleácha, fadhbanna súl, fadhbanna fisiciúla agus fadhbanna néarógacha acu.


Ainm Comhcheangal paraimíleata Dáta thús na stailce Dáta dheireadh na stailce Tréimhse ar stailc ocrais Fáth dheireadh na stailce ocrais
Brendan McLaughlin IRA 14 Bealtaine 26 Bealtaine 13 lá Othras peipteach bréifneach agus fuiliú inmheánach
Pádraic Ó Cuinn IRA 15 Meitheamh 31 Iúil 47 lá Idirghaháil óna theaghlach
Laurence McKeown IRA 29 Meitheamh 6 Meán Fómhair 70 lá Idirghaháil óna theaghlach
Pat "Beag" McGeown IRA 9 Iúil 20 Lúnasa 42 lá Idirghaháil óna theaghlach
Matt Devlin IRA 14 Iúil 4 Meán Fómhair 52 lá Idirghaháil óna theaghlach
Liam McCloskey INLA 3 Lúnasa 26 Meán Fómhair 55 lá Idirghabháil óna theaghlach agus é neamhaireachtálach
Patrick Sheehan IRA 10 Lúnasa 3 Deireadh Fómhair 55 lá Deireadh na stailce
Jackie McMullan IRA 17 Lúnasa 3 Deireadh Fómhair 48 lá Deireadh na stailce
Bernard Fox IRA 24 Lúnasa 24 Meán Fómhair 32 lá Bacainn duáin
Hugh Carville IRA 31 Lúnasa 3 Deireadh Fómhair 34 lá Deireadh na stailce
John Pickering IRA 7 Meán Fómhair 3 Deireadh Fómhair 27 lá Deireadh na stailce
Gerard Hodgkins IRA 14 Meán Fómhair 3 Deireadh Fómhair 20 lá Deireadh na stailce
James Devine IRA 21 Meán Fómhair 3 Deireadh Fómhair 13 lá Deireadh na stailce

Iarmhairtí cuir in eagar

Cuimhneachán ar an stailc ocrais i dTaobh an Bhogaigh i nDoire Mhaígh na meáin sa Bhreatain gur bua caithréimeach do Thatcher a bhí sa stailc ocrais. Dúirt nuachtán an Guardian gur éirigh leis an rialtas an ceann is fearr a fháil ar na stailceoirí ocrais de bharr chomh diongbháilte is a bhí siad nach ndéanfaí bulaíocht orthu. Mar sin féin, ba bhua Phiorrach a bhí ann do Thatcher agus do rialtas na Breataine. Bhí an ghráin chéanna ag Poblachtaigh ar Thatcher ina dhiaidh sin is a bhí acu ar Chromaill agus dúirt Danny Morrison gurbh í an bastard ba mhó a tháinig ina dtreo riamh í. Cáineadh go hidirnáisiúnta an bealach a ndeachaigh rialtas na Breataine i ngleic leis an stailc ocrais agus bhí teannas idir rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine. Mar a tharla roimhe sin mar thoradh ar imtheorannú i 1971 agus ar Dhomhnach na Fola i 1972, tháinig fás ar bhallraíocht an IRA agus chuir sin borradh dá réir faoin ngníomhaíocht pharaimíleata. Mhéadaigh ar an bhforéigean tar éis do bhlianta deiridh na 1970idí a bheith réasúnta ciúin. Bhí sé ina chlampar ceart i dTuaisceart Éireann agus bhí círéibeacha taobh amuigh d’Ambasáid na Breataine i mBaile Átha Cliath. Scaoil na fórsaí slándála 29,695 piléar plaisteach i 1981, a bhí de shiocair bháis ag seachtar, i gcomparáid le timpeall 16,000 piléar agus ceathrar bás sna hocht mbliana tar éis na stailceanna ocrais. Lean an IRA ar aghaidh lena bhfeachtas míleata ar feadh na seacht mí a raibh an stailc ocrais ar siúl. Mharaigh siad seacht bpóilín déag, ochtar saighdiúirí, cúigear ball den UDR agus cúigear sibhialtach. Bhí an tréimhse seacht mí sin ar cheann de na tréimhsí ab fhuiltí le linn na trioblóide. Maraíodh 61 duine ,34 sibhialtach ina measc. Trí bliana ina dhiaidh sin, rinne an IRA iarracht díoltas a fháil ar Thatcher nuair a phléasc siad buama in óstán i mBrighton áit a raibh comhdháil na gCaomhach ar siúl. Maraíodh cúigear san eachtra sin agus bhí an t-ádh ar Thatcher féin nár maraíodh í.

Thug an stailc ocrais deis do Shinn Féin bogadh i dtreo pholaitíocht na toghchánaíochta. De bharr gur éirigh le Sands agus le hiarrthóirí eile a bhí ar son na stailceoirí ocrais suíocháin a bhaint amach i dtoghcháin áitiúla an Tuaiscirt agus san Olltoghchán i bPoblacht na hÉireann tháinig straitéis na ballóide agus an armalite chun cinn. Dúirt Gerry Adams gur léirigh an bua a bhí ag Sands agus ag iarrthóirí eile a bhí ar son na stailce ocrais sna toghcháin áitiúla i dTuaisceart Éireann agus san olltoghchán i bPoblacht na hÉireann, go raibh tacaíocht an phobail ag na stailceoirí ocrais, ag an IRA agus ag gluaiseacht na poblachta i gcoitinne. Bhí tionchar ag na buanna a bhí ag Doherty agus ag Agnew ar chúrsaí polaitíochta i bPoblacht na hÉireann leis mar nach raibh rialtas Fhianna Fáil Charles Haughey, rialtas a bhí ag dul as oifig, in ann teacht i réim arís dá mbarr. I 1982 bhain Sinn Féin cúig shuíochán amach sna toghcháin chuig Comhthionól an Tuaiscirt agus i 1983 bhain Gerry Adams suíochán amach in Olltoghchán na Breataine. Mar thoradh ar an dul chun cinn a rinneadh le linn na stailce ocrais ó thaobh na polaitíochta de, lean Sinn Féin de bheith ag fás ar feadh scór bliain ina dhiaidh sin agus is é an páirtí náisiúnach is mó i dTuaisceart Éireann faoi láthair é. Tá 28 as na 108 suíochán i gComhthionól an Tuaiscirt ag an bPáirtí i láthair na huaire.

In 2005 cheistigh Richard O’Rawe, iarphríosúnach a bhí ina oifigeach caidrimh phoiblí sa phríosún le linn don stailc ocrais a bheith ar siúl, an ról a bhí ag Gerry Adams sa stailc. Deir O’ Rawe ina leabhar Blanketmen gur bhain Adams fad as an stailc mar go raibh an-bhuntáiste le baint ag Sinn Féin as go polaitiúil agus gur thug sé deis do Owen Carron suíochán Sands a bhuachan. Séanann roinnt de na stailceoirí ocrais é seo, ina measc Brendan McFarlane a bhí ina Oifigeach Ceannais sa phríosún le linn na stailce ocrais. Deir McFarlane go bhfuil dul amú ar O’Rawe maidir leis an méid a tharla, agus dúirt sé go raibh siad ar a ndícheall ag iarraidh réitigh. Bheadh glacadh acu le haon réiteach a ghéillfeadh a bheag nó a mhór do na cúig éileamh a bhí acu. Dá mbeadh sé i scríbhinn ghlacfaí leis láithreach. Ach ní raibh aon socrú ann. Níor tugadh aon rogha dúinn glacadh leis nó diúltú dó.


Comóradh cuir in eagar

Féach freisin: An chaoi a ndeachaigh na healaíona i ngleic leis an stailc ocrais in Éirinn i 1981

 
Cuimhneachán in ómós do lucht na stailce ocrais in aice le Crois Mhic Lionnáin, Contae Ard Mhacha.

Tá leachtanna cuimhneacháin agus saothair ealaíne ar bhallaí i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann. Tá siad le feiceáil i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath, i nDoire, i gCrois Mhic Lionnáin, agus i gCamloch. Bíonn comóradh bliantúil ar siúl ar fud na hÉireann in ómós do gach fear a fuair bás ar an stailc ocrais agus bíonn máirseáil bhliantúil i mBéal Feirste i gcuimhne ar an stailc ocrais. Bíonn léacht cuimhneacháin Bobby Sands mar chuid den chomóradh sin freisin. Sa Fhrainc, ainmníodh roinnt sráideanna i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre in ómós do Bobby Sands. Tharla sé seo i bPáras agus in Le Mans. San Iaráin, chinn rialtas na tíre sráid a bhí ag síneadh le hAmbasáid na Breataine in Tehran a ainmniú i gcuimhne ar Bobby Sands.

Cuimhneachán i Reilig Waverley i Sydney na hAstráile in ómós dóibh siúd a maraíodh in Éirí Amach 1798 agus in Éirí Amach na Cásca 1916 agus dóibh siúd a bhásaigh ar stailc ocrais. Is sa reilig seo freisin atá Michael Dwyer ó na hÉireannaigh Aontaithe curtha. I 1997 nocht muintir Hartford, Connecticut sna Stáit Aontaithe dealbh in ómós do Bobby Sands agus do na stailceoirí ocrais eile. Tá an leacht cuimhneacháin suite i gciorcal tráchta ar a dtugtar "Bobby Sands Circle” ag íochtar Maple Avenue in aice le Páirc Goodwin. An 20 Márta 2001 d’oscail cathaoirleach náisiúnta Shinn Féin Mitchel McLaughlin, taispeántas an Choiste Náisiúnta do Chomóradh na Stailce Ocrais ag Óstán an Europa i mBéal Feirste. Sa taispeántas freisin bhí trí bhunobair ealaíne le healaíontóirí ó Bhéal Feirste. An mhí ina dhiaidh sin bhí taispeántas eile ar siúl i nDoire. Tá trí scannán déanta atá bunaithe ar na stailceanna ocrais: Some Mother’s Son ina bhfuil páirt ag Helen Mirren, H3 (a raibh baint ag an iarstailceoir ocrais Laurence McKeown lena scríobh) agus Hunger le Steve McQueen.