Eris (abhacphláinéad)
Abhacphláinéad is ea Eris (nó 136199 Eris, nó 2003 UB313, siombail: )[9] atá suite ar imeall an ghrianchórais, níos faide ón ghréin ná Plútón. Ba é an réad is mó a fionnadh sa ghrianchóras ó nochtadh Neiptiún i 1846. Ceann de réadanna an diosca scaipthe atá inti, nó ní féidir í a aicmiú go sásúil mar réad de chuid Chrios Kuiper ná mar cheann de chuid Scamall Oort, ach an oiread.
Eris | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Ainmniú | 136199 Eris | ||||||
Ainmniú sealadach | 2003 UB313 (21 Deireadh Fómhair 2003) | ||||||
Ainmniúcháin eile | Xena | ||||||
Cineál | abhacphláinéad agus plutoid (en) | ||||||
Grúpa mionphláinéid | réad tras-Neiptiúnach agus plutoid (en) | ||||||
Fionnachtaí | Michael E. Brown[1] Chad Trujillo[1] David L. Rabinowitz[1] | ||||||
Dáta fionnachtana | 21 Deireadh Fómhair 2003[2], Réadlann Palomar[3] | ||||||
Eapainm | Earas | ||||||
Réad tuismitheora | an Ghrian | ||||||
Réad linbh | |||||||
Sonraí fithiseacha | |||||||
Féach ar an staid reatha | |||||||
Apaipsis | 97.468 AU[4] | ||||||
Pearaipsis | 38.013 AU (arg (ω): 151.6871)[4] | ||||||
Ais mhór a | 67.74 AU[3] | ||||||
Éalárnacht e | 0.43883[3] 0.43465546719259 | ||||||
Tréimhse fhithiseach P | 557.55 a[3] | ||||||
Meán-Aimhrialtacht M | 205.384 °[4] | ||||||
Claonadh i | 44.1444 °[3] | ||||||
Fad an nóid éirithigh Ω | 35.9045 °[3] | ||||||
Dátaí pearaipsise | 14 Deireadh Fómhair 2258 | ||||||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||||||
Ga | 1,163 km | ||||||
Trastomhas | 2,326 km[5] | ||||||
Dearbhmhéid | −1.1[4] | ||||||
Méid dhealraitheach (V) | 18.7 (banda V) | ||||||
Trastomhas uilleach | 34.3 "[6] | ||||||
Achar dromchla | 17,000,000 km² | ||||||
Mais | 16.6 Yg[7] | ||||||
Meándlús | 2.52 g/cm³ | ||||||
Tréimhse rothlaithe | 25.9 h[4] | ||||||
Ailbéideacht | 0.96 (ailbéideacht gheoiméadrach) | ||||||
Teocht an dromchla |
| ||||||
Cuid de | diosca scaipthe | ||||||
Catalóga réalteolaíochta | |||||||
Aitheantóir JPL | 2136199 | ||||||
Sraith | |||||||
« (136198) 2003 UJ296 • (136200) 2003 VS5 » |
Airíonna
cuir in eagarTá sé déanta as carraig is oighear, timpeall 3,000km ar trastomhas, níos mó ná Plútón.
Tá sé 3 oiread níos faide amach uainn ná Plútón, i bhfithis ag uillinn chlaonta 44° ó fhithisí na bpláinéad eile. Measann na réalteolaithe gur dócha gur theilg Neiptiún amach é uair éigin ina fhithis chlaonta.
Stair
cuir in eagarBraitheadh den chéad uair é i gCrios Kuiper i 2003, agus cinntíodh é i 2005.
Ba iad na réalteolaithe Michael Brown, Chad Trujillo is David Rabinowitz a bhraith den chéad uair é, ar an 14 Samhain 2003, le teileascóp Samuel Orschin i Réadlann Palomar agus an teileascóp Gemini North ar Mauna Kea i Haváí
Is féidir gur pláinéad é, an 9ú ceann, le teacht in ionad Phlútóin a dícháilíodh mar phláinéad i 2006.
Nuair a thángthas trasna ar Eris, b'éigean aicmiú nua a fháil do Phlútón, ós rud é nach raibh aon chúis cheart le "pláinéad" a thabhairt ar Phlútón a thuilleadh, agus an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil cuid mhaith réadanna eile amuigh ansin ar féidir dóibh a bheith ar aon mhéid le Plútón.
Go bunúsach, is é an t-aon ábhar a bhí ann le Plútón a aicmiú mar "phláinéad" ná gur fionnadh é i bhfad roimh na réadanna tras-Neiptiúnacha eile, chomh luath leis an mbliain 1930. Mar sin, cheap Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta. coincheap nua - abhacphláinéad - leis an bhfadhb a fhuascailt.
Tá foireann Mike Brown ag obair in Ollscoil Teicneolaíochta California, nó Caltech, i bPasadena, agus ní hí Eris an chéad fhionnachtain den chineál seo a rinne siad ar aon nós. Roimhe seo, tháinig Brown agus Trujillo trasna ar Quaoar, agus bhí Rabinowitz ag comhoibriú leo cheana nuair a d'fhionn siad Sedna agus Orcus.
Ainm
cuir in eagarBa ea é an chéad ainm a thug na réalteolaithe ar an réad ná Xena - ag tagairt do bhanphrionsa na gcogaí ar an teilifís! Ar ndóigh, nuair a thug siad faoi deara gealach bheag ag timpeallú "Xena", bhaist siad "Gabrielle" uirthi.
Is é an t-ainm atá uirthi inniu ná Dysnomia. Tá an dá ainm ag tagairt do chonspóid agus d'easaontas, nó ba mhór an t-ábhar easaontais do shaol na réalteolaíochta é an catagóir ceart réalteolaíoch a cheapadh d'Eris. B'í Eris bandia an easaontais i gcreideamh na sean-Ghréige, agus ciallaíonn Dysnomia "aindlí". Is féidir tagairt do Xena a aithint san ainm seo, freisin, ós rud é gurb é an focal Béarla ar "aindlí" ná "lawlessness", agus páirt Xena á déanamh ag aisteoir mná arb ainm di Lucy Lawless.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 URL tagartha: https://web.gps.caltech.edu/~mbrown/planetlila/.
- ↑ URL tagartha: https://web.gps.caltech.edu/~mbrown/planetlila/.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 Ráite i: JPL Small-Body Database. Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "Q4026990" defined multiple times with different content - ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Ráite i: JPL Small-Body Database. JPL Small-Body Database SPK-ID: 2136199.
- ↑ Ráite i: Size, density, albedo and atmosphere limit of dwarf planet Eris from a stellar occultation. Údar: Bruno Sicardy. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla. Dáta foilsithe: 2011.
- ↑ URL tagartha: https://iopscience.iop.org/article/10.1086/504843/pdf. DOI: 10.1086/504843.
- ↑ URL tagartha: http://hubblesite.org/pubinfo/pdf/2007/24/pdf.pdf.
- ↑ URL tagartha: http://web.gps.caltech.edu/~mbrown/planetlila/.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
athraigh An Grianchóras |
---|
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|
Is síol a bhaineann leis an Grianchóras é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |