Cócó
Crann síorghlas atá dúchasach do Mheiriceá Láir ach a shaothraítear go forleathan i dtíortha eile is atá an-tábhachtach sa trádáil. Na duilleoga leathfhada; na bláthanna bándearg, iompartha i gcrobhaingí go díreach ar na stoic is ar sheanghéaga; capsúl ubhchruthach buí leathrúil claiseach an toradh, ag cuimsiú suas le 100 síol leabaithe i laíon bog. Triomaítear na síolta, róstar is meiltear iad chun púdar cócó a tháirgeadh, le húsáid i ndeochanna is seacláid. Táirgeann na síolta comhbhrúite im cócó.
Theobroma cacao ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | pónaire chócó, cocoa powder (en) ![]() ![]() ![]() |
Fionnachtaí nó aireagóir | Criostóir Colambas ![]() |
Planda | |
Is pollinated by (en) ![]() | Ceratopogonidae agus Forcipomyia squamipennis ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Malvales |
Fine | Malvaceae |
Treibh | Theobromateae |
Géineas | Theobroma |
Speiceas | Theobroma cacao ![]() L., 1753 |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |