Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach

An chéad institiúid Eorpach eacnamaíochta ba ea an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach, a bunaíodh sa bhliain 1952 faoi Chonradh Pháras. 6 thír a bhí ina mbaill ar dtús: an Fhrainc, an Iar-Ghearmáin, an Iodáil, an Bheilg, an Ollainn is Lucsamburg.

Bosca Sonraí EagraíochtaComhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach
(en) European Coal and Steel Community Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Chruach Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht réigiúnach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitInternational Authority for the Ruhr (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh18 Aibreán 1951
Bunaitheoir(í)An Bheilg, An Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír agus An Ghearmáin Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte23 Iúil 2002 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtJean Monnet (1952–1955) Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAontas Eorpach (1967–) Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é a chuspóir dleachtanna custaim is srianta cuóta maidir le gual, mianach iarainn is seaniarainn a bhaint agus iomaíocht shaor chothrom sna hearraí sin a chothú. Athraíodh an t-ainm go dtí an Comhphobal Eorpach Eacnamaíochta (EEC) i 1957, agus an Comhphobal Eorpach (EC) i 1967.

Chuaigh Éire, an Danmhairg is an Ríocht Aontaithe isteach san EC i 1973, an Ghréig i 1981, an Spáinn is an Phortaingéil i 1986, agus an iar-Oir-Ghearmáin i 1990 (le hathaontú na Gearmáine). Athraíodh an t-ainm arís i 1993 go dtí an tAontas Eorpach (EU).

Chuaigh an Ostair, an Fhionlainn is an tSualainn isteach ann i 1995; Málta, an Chipir, an tSlóivéin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic is an Ungáir i 2004; an Bhulgáir is an Rómáin i 2007.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhphobal Eorpach do Ghual is Cruach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 166.