Liosta láithreán oidhreachta i bPoblacht na hÉireann
Sa bhliain 2022, bhí 88 láithreán oidhreachta i bPoblacht na hÉireann.[1] Ina measc:
- Achaidh Chéide – Contae Mhaigh Eo — Córas páirceanna Neoiliteach
- Ardeaglais Ard Fhearta – Ard Fhearta, Contae Chiarraí – Ardeaglais ón 12ú go dtí an 17ú haois.
- Brú na Bóinne – Dún Uabhair, Contae na Mí — séadchomharthaí Neoiliteacha agus ionad oidhreachta
- Caisleán Achadh na nIúr – Uachtar Ard, Contae na Gaillimhe – túrtheach ón 16ú haois.
- Caisleán an Rois – Cill Airne, Co. Chiarraí
- Caisleán Bhaile Átha an Rí – Baile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe – túrtheach ón 13ú haois
- Caisleán Bhaile Átha Troim – Baile Átha Troim, Contae na Mí – caisleán Normannach
- Caisleán Bhaile Hac – Baile Hac, Contae Loch Garman – túrtheach a thóg na Ridirí de Spidéiléirí sa 15ú haois
- Caisleán Chill Chainnigh – Cill Chainnigh, Contae Chill Chainnigh – caisleán agus fearann páirce
- Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua, Contae Luimnigh — Caisleán ón 15ú haois
- Caisleán Dheasumhan Áth Dara – Áth Dara Contae Luimnigh – Caisleán daingnithe meánaoiseach a bhí ina dhaingean tábhachtach ag Iarla Dheasumhan
- Caisleán Dhún Garbhán – Dún Garbhán, Contae Phort Láirge — Caisleán ón 12ú haois
- Caisleán Dhún na nGall – Dún na nGall, Contae Dhún na nGall – túrtheach Normannach ón 15ú haois, chomh maith le teach mór Seacaibíneach ón 17ú haois
- Caisleán Fhearna – Fearna, Contae Loch Garman – caisleán ón 13ú haois
- Caisleán Iarla Dheasumhan – Cionn tSáile, Contae Chorcaí – teach custaim ón 16ú haois
- Caisleán Lios Tuathail – Lios Tuathail, Contae Chiarraí – Caisleán ón 13ú haois
- Caisleán Mhaigh Nuad – Maigh Nuad, Contae Chill Dara – Caisleán ón 13ú haois
- Caisleán na Cathrach – Cathair, Co. Thiobraid Árann
- Caisleán Parke – Contae Liatroma
- Caisleán Phort Omna – Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Caisleán Ráth Fearnáin – Ráth Fearnáin, Co. Bhaile Átha Cliath
- Caisleán Ros Cré – Ros Cré, Co. Thiobraid Árann
- Caisleán Urumhan – Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann – teach mór Eilíseach ó na 1560idí
- Carraig Phádraig – Caiseal, Contae Thiobraid Árann – lárionad traidisiúnta Ríthe na Mumhan
- Conair na Coirre Léithe – Caonach, Contae an Longfoirt – bóthar portaigh ón Iarannaois, a tógadh sa bhliain 148 R.Ch.
- Crannlann agus Gairdíní Fhóite – Fóite, Carraig Thuathail, Contae Chorcaí
- Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin John F. Kennedy – Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman – crannlann in ómós don Uachtarán John F. Kennedy.
- Cúirt Ioma – Ioma, Contae Laoise – teach nuachlasaiceach agus fearann páirce
- Daingean an Phríomhgharda — Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Dearc Fhearna – Baile an Phoill, Contae Chill Chainnigh – uaimh aolchloiche; rinne na Lochlannaigh eirleach anseo sa bhliain 928
- Dún Aonghasa – Inis Mór, Oileáin Árann, Contae na Gaillimhe – dún mór réamhstairiúil
- Eastát Dhún ar Aill – Dún ar Aill, Contae Chorcaí – páirc thírdhreachtaithe a tógadh san 18ú haois
- Gairdíní Altamont – An Tulach, Contae Cheatharlach – Eastát mór, 16 heicteár ar fad
- Gairdíní Heywood – Baile na Coille, Contae Laoise – gairdín a dhear Edwin Lutyens
- Gleann Dá Loch – Contae Chill Mhantáin – suíomh manachúil a bunaíodh sa 6ú haois
- Lárionad Inis Cathaigh – Contae an Chláir – suíomh oilithreachta luath-Chríostaí
- Ionad an Bhlascaoid Mhóir – Dún Chaoin, Contae Chiarraí – ionad oidhreachta do theanga, cultúr, agus traidisiún mhuintir na mBlascaodaí.
- Mainistir na Búille – Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin – Mainistir Chistéirseach ón 12ú haois.
- Mainistir na hInse – Inis, Contae an Chláir – Mainistir Phroinsiasach ón 13ú haois
- Mainistir Sheireapúin – Baile Mhic Andáin, Contae Chill Chainnigh – Mainistir Chistéirseach
- Mainistir Shligigh – Sligeach, Co. Shligigh
- Mainistir Thinteirn – Contae Loch Garman – Mainistir Chistéirseach
- Muilte Arbhair agus Lín an Mhuilinn Úir – Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall – athchóiriú ar fhoirgnimh thionsclaíocha arna gcumhachtú ag muileann uisce ar Abhainn na Súilí
- Prióireacht Cheanannais — Ceanannas, Contae Chill Chainnigh
- Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Móire – Contae Shligigh — Séadchomharthaí Neoiliteacha agus ionad oidhreachta
- An tSeanmhainistir Mhór – Tulaigh Álainn, Droichead Átha, Contae Lú – an chéad mhainistir Chistéirseach in Éirinn
- Teach agus Gailearaí Gléibe – Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall
- Teach an Phiarsaigh – Co. na Gaillimhe
- Teach Cogaidh an Ghorta Mhóir 1848 – Baile an Gharraí, Contae Thiobraid Árann – tharla cath anseo le linn Éirí Amach na nÉireannach Óg in 1848
- An Teach Eilvéiseach – An Chathair, Co. Thiobraid Árann
- Teamhair – An Uaimh, Contae na Mí – ionad cumhachta Ard-Ríthe na hÉireann
- Teampall Mhuire – Gabhrán, Co. Chill Chainnigh
- Tigh Mór Dhoire Fhíonáin – Cathair Dónall, Contae Chiarraí – Baile dúchais Dhónaill Uí Chonaill
- Túr Raghnaill – Port Láirge, Co. Phort Láirge
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "[https://www.heritageireland.ie/assets/uploads/2022/06/OPW_Irish_HeritageSites2022_Web.pdf Láithreáin Oidhreachta na hÉireann]" (2022). Dáta rochtana: 2024-11-08.