Olltoghchán na hÉireann, 2024
Reáchtálfar Olltoghchán na hÉireann, 2024[1] ar an 29 Samhain 2024 i bPoblacht na hÉireann, chun an 34ú Dáil Éireann a thoghadh.
Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
---|---|
Am | 29 Samhain 2024 |
Cineál | olltoghchán in Éirinn agus future election (en) |
Oifig le buachan | 174 Teachta Dála |
Iarrthóir | |
← 2020 |
Dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris ar an 6 Deireadh Fómhair 2024 ar RTÉ go n-iarrfadh sé ar Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins an 33ú Dáil a scor chun olltoghchán a reáchtáil ar an 29 Samhain.[2][3] Bhí tús oifigiúil curtha leis an bhfeachtas olltoghchánaíochta i 43 dáilcheantar an Stáit ar an 8 Deireadh Fómhair.[4] Toghfar 173 ceann de na 174 suíochán atá i nDáil Éireann le buachan, gach suíochán seachas suíochán an iar-Chinn Chomhairle.[5]
Cúlra
cuir in eagarIs i mí Feabhra 2020 a bhí an t-olltoghchán roimhe sin, Olltoghchán na hÉireann, 2020. D'athraigh an líon suíochán a bhí ag roinnt de na páirtithe faoin am a scoireadh an 33ú Dáil in 2024:
* Páirtithe an Chomhrialtais, 2020-2024 - Fianna Fáil 35; Fine Gael 32; Comhaontas Glas 12;
* An Freasúra - Sinn Féin 33; Daonlathaithe Sóisialta 6; Lucht Oibre 6; Dlúthpháirtíocht-Pobal seachas Brabús 5; Aontú 1; Éire Neamhspleách 3; Ceart chun Athraithe 1; Neamhspleáigh 19; Ceann Comhairle 1.
D'éirigh cuid mhaith de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020 as; i gcás Fhine Gael, níos mó ná a leath acu – 18 den 33 – ní raibh siad san iomaíocht in 2024 ar chúinsí éagsúla, cúinsí pearsanta ina measc.[5]
Dáilcheantair
cuir in eagar174 suíochán atá sa 34ú Dáil, i gcomórtas leis an 160 suíochán a bhí sa 33ú Dáil, agus 14 Teachta breise ag suí i dTeach Laighean agus ceithre Dháilcheantar breise in 2024. Bhí Fine Gall ina mbíodh cúig shuíochán roinnte idir dhá Dháilcheantar trí shuíochán. Ar an gcaoi chéanna bhí contae Thiobraid Árann, roinnte idir Tiobraid Árann Theas agus Tiobraid Árann Thuaidh. Bhíodh Laois-Uíbh Fhailí ina Dháilcheantar amháin le cúig shuíochán go dtí 2020. Ach in Olltoghchán 2024, bhí Laois as féin agus Uíbh Fhailí as féin, agus trí shuíochán an ceann le líonadh sa dá chontae.
Cruthaíodh Dáilcheantar nua ceithre shuíochán in 2024 chomh maith ar a dtugtar Cill Mhantáin-Loch Garman. Bhí cuid de Dheisceart Chill Mhantáin curtha le cuid de Thuaisceart Loch Garman. Fágann sin gur Dáilcheantar ceithre shuíochán atá sna Dáilcheantair ar a dtugtar Loch Garman agus Cill Mhantáin.[6]
Feachtas
cuir in eagarFeachtas toghchánaíochta trí seachtaine a bheas i gceist.
Ar an lá deireanach sa Dáil ar an 7 Deireadh Fómhair, mar bhéim scoir, tharraing páirtithe an fhreasúra aird ar chuid de na mórcheisteanna a bheas faoi iomrá le linn an fheachtais – tithíocht, na seirbhísí sláinte agus an costas maireachtála ina measc. Rinneadh tagairt chomh maith don nós atá ann, má tá, airgead a chaitheamh go rábach ar thograí neamhphráinneacha, fearacht an fhoscadáin rothar i dTeach Laighean.[7]
Dúirt an Taoiseach agus an toghchán á fhógairt aige go raibh sé de cheart ag an bpobal dea-riar agus díograis a fháil ón rialtas. Tarraingíonn caint dá leithéid aird ar chumas an rialtais agus airgead an stáit á chaitheamh, agus ar chaiteachas lochtach, go háirithe. Ach ní chabhraigh an €336,000 a caitheadh ar phálás na rothar i dTeach Laighean,[8] ná an droch-chonradh a ceadaíodh i gcomhair Ospidéal Náisiúnta na Leanaí le cás an rialtais a bhí ag dul as oifig.[9]
Sheol na páirtithe polaitiúla a bhforógraí toghchánaíochta ar an 11-14 Samhain.[10] [11][12][13]
Torthaí an toghcháin
cuir in eagar34ú Dáil Éireann
cuir in eagarAr an 18 Nollaig 2024 a shuífeadh an 34ú Dáil Éireann den chéad uair. Bhí 14 suíochán breise le líonadh in 2024, a fhágann go bhfuil 174 suíochán sa Dáil. Fágann sin go bhfuil 87 Teachta Dála ar a laghad ag teastáil don mhóramh le rialtas a chur le chéile agus Taoiseach a thoghadh.[14][6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, Irish General Election 2024
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-06). "'Dáil Éireann le scor arú amárach, olltoghchán ar an 29 Samhain'" (as ga-IE).
- ↑ "Olltoghchán le gairm Dé hAoine don 29 Samhain" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-06). Dáta rochtana: 2024-11-07.
- ↑ De réir Airteagal 13.2.1 de Bhunreacht na hÉireann, tá iallach ar an Taoiseach iarraidh ar an Uachtarán an Dáil a scor sular féidir olltoghchán a ghairm.
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2024-11-08). "Dáil Éireann scortha, olltoghchán ar an 29 Samhain" (as ga-IE).
- ↑ 6.0 6.1 Donncha Ó hÉallaithe (13 Samhain 2024). "Seans ag Fianna Fáil suíochán a fháil ar ais i Lú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-07). "An 33ú Dáil ina suí den uair dheiridh agus olltoghchán chugainn" (as ga-IE).
- ↑ airgead a chaitheamh go rábach ar thograí neamhphráinneacha, fearacht an fhoscadáin rothar i dTeach Laighean.
- ↑ Cathal Mac Coille (9 Samhain 2024). "Áitiúlacht, aontacht agus amhras – fáilte go dtí Olltoghchán 2024" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-11). "Páirtithe polaitiúla ag seoladh a bhforógraí toghcháin inniu" (as ga-IE).
- ↑ "Geallta ag Fianna Fáil cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta a leagan ar roinn rialtais nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-11). Dáta rochtana: 2024-11-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-13). "Leantar leis an bhfeachtas toghchánaíochta" (as ga-IE).
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (15 Samhain 2024). "Cúrsaí saor in aisce sna coláistí samhraidh agus €26 milliún breise do TG4 á mholadh ag Pobal seachas Brabús" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-15.
- ↑ Ar ndóigh d’fhéadfadh rialtas mionlaigh teacht i gcumhacht ach socrú a bheith déanta le roinnt Teachtaí Dála neamhspleácha agus/nó le páirtí nó páirtithe eile.