Éire agus an Chéad Chogadh Dhomhanda

Thosaigh An Chéad Chogadh Domhanda ar an 28 Iúil 1914. Bhí tacaíocht leitheadach ag Rialtas na Ríochta Aontaithe ón bpobal in Éirinn sa bhliain 1914, fiú sna sna sé chontae is fiche. Ach theip ar a dtacaíocht sna blianta ina dhiaidh.

Póstaer in Éirinn, Iúil 1915

Bhí thart ar 21,000 Éireannach ar freastal in Arm na Breataine, agus 30,000 Éireannach sa chúltaca, nuair a bhris an Cogadh amach.[1] Throid timpeall 200,000 as Éirinn sa Chogadh agus d'éag b'fhéidir 35,000,[2] nó 40,000 de réir mheastacháin oifigiúla na Breataine.[3]

earcaíocht in Éirinn: an Captaen Willie Redmond[4], Bealtaine 2016ː bolscaireacht sa Illustrated London News, 6 Bealtaine 1916
Tom Kettle, 1916ː athmhuintearas

Comhrac míleata

cuir in eagar
 
RMS Lusitania (1915) sa chúlra

Sa chéad cúpla mí, idir mi Iúil and mí Nollag, slógadh 47,000 oifigeach agus fear chúltaca eile. Chuaigh formhór na saighdiúirí gairmiúla sin díreach isteach sa chogadh mar chuid d'Fhórsa Sluaíochta na Breataine sa Fhrainc. Bhí siad oilte go maith, ach feistithe go lag don chineál chogaidh a bhí ag teacht go tapa.

Earcaíocht

cuir in eagar

Bhrostaigh na mílte le liostáil cionn is go raibh cuid mhór daoine ag súil go mbeadh an comhrac thart faoin Nollaig [5] Le linn na chéad bhliana den chogadh, liostáil tuairim is 80,000 Éireannach san Arm (anuas ar an 50,000 duine a bhí ina saighdiúirí nó ina gcúltacairí ann cheana). Tháinig os cionn a leath ó Chúige Uladh.[6]

Bhí na cúiseanna a liostáil daoine chomh héagsúil leis na daoine féin. Chuaigh daoine ann mar gheall ar riachtanas eacnamaíoch. Bhí tuilleadh ag súil go gcothófaí cairdeas a thrasnódh difríochtaí stairiúla trína bheith ag fónamh taobh le taobh in aghaidh an namhad céanna. Chreid Thomas Kettle, file agus feisire náisiúnach do Thír Eoghain Thoir a d’fhóin in 8ú Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath :

Scríobh Tom Kettle, “Ag breathnú ar an tragóid seo san Eoraip leis an ngaois a thagann le deora agus fuil, is maith a d’fhéadfadh sí, go deimhin caithfidh sí, a bheith ina tús le dhá athmhuintearas atá ina aisling ag gach aon státaire, athmhuintearas Ulaidh Protastúnach le hÉirinn agus athmhuintearas na hÉireann leis an mBreatain Mhór.”[7]

10ú Rannán (Éireannach)

cuir in eagar

Cuireadh an 10ú Rannán (Éireannach) le chéile i ndeireadh Lúnasa 1914. Bhí trí bhriogáid ann. Bhí reisimintí le bunáiteanna i ngach ceann den cheithre chúige ag ceann díobh sin. Bhí an dara ceann  lonnaithe i gCúige Uladh agus bhí an tríú ceann lonnaithe sna trí chúige eile.

Chuaigh an 10ú Rannán isteach sa Chéad Arm Nua nó "K1", a bhunaigh an Ciarraíoch, an Marascal Machaire Kitchener, agus 100,000 saighdiúir ann.

16ú Rannán (Éireannach)

cuir in eagar

Bunaíodh an 16ú Rannán (Éireannach) i Meán Fómhair 1914. Chuaigh ná na hÓglaigh Náisiúnta isteach ann. Bhí an Rannán ina chuid den Dara Arm Nua, nó K2.

36ú Rannán (Ulaidh)

cuir in eagar

B’as Cúige Uladh an 36ú Rannán, a tháinig le chéile diaidh ar ndiaidh le linn Lúnasa 1914-1915, agus a údaraíodh go hoifigiúil ar an 28 Deireadh Fómhair 1914.[6] Bhí an Rannán bunaithe ar eagar agus ar chomhaltas Óglaigh Uladh, a raibh aonad airtléire (a raibh a bhunáit i Londain) curtha leis. Bhí fir ann ó gach ceann de naoi gcontae Uladh.

Reisimintí eile

cuir in eagar

Chuaigh Éireannaigh freisin le reisimintí Éireannacha ar nós

Chuaigh go leor eile isteach i reisimintí Sasanacha, Albanacha agus Breatnacha, an Ríoga, Airtléire, an Cór Eitilte Ríoga, an Cór Liachta, Cór Seirbhíse an Airm agus an Cabhlach Ríoga.

Liostáil eisimircigh in airm san Astráil, sa Nua-Shéalainn, i gCeanada agus san Afraic Theas agus sna Stáit Aontaithe.  

D’fhóin mná mar bhanaltraí sa Díorma Cabhrach Saorálach sa líne tosaigh.

De réir taoiseach.gov.ie,

"Ní raibh bealach ar bith go bhféadfadh na daoine a chuaigh chun troda an saol athraithe a  bheadh ann ag deireadh an Chogaidh a shamhlú. Bhí na cúiseanna a liostáil daoine chomh héagsúil leis na daoine féin. Chuaigh daoine ann mar gheall ar riachtanas eacnamaíoch.  Bhí tuilleadh ag súil go gcothófaí cairdeas a thrasnódh difríochtaí stairiúla trína bheith ag  fónamh taobh le taobh in aghaidh an namhad céanna".

 
Seán Mac Réamainn (nó John Redmond) roimh 1918

Polaitíocht

cuir in eagar

Thacaigh ceannairí Aontachtaithe láithreach leis an mBreatain sa Chogadh.

Fiú sna sé chontae is fiche, tugadh an-tacaíocht don rialtas. Ó tharla gur bronnadh rialtas dúchais, cé go mbeadh moill air, mhol Seán Mac Réamainn (nó John Redmond, ceannaire an náisiúnachais Éireannaigh agus ina cheannaire ar an bPáirtí Parlaiminteach na hÉireann) do gach duine tacú leis an chomhar cogaidh.

 
Droichead Adhmaid, Co. Chill Mhantáin

Agus é ag tabhairt óráide ag an Droichead Adhmaid, i nGarraí na nGabhlán, Co. Chill Mhantáin, ar an 20 Meán Fómhair 1914, d'impigh Mac Réamainn ar na hÓglaigh liostáil le hArm na Breataine agus dul ag troid ar an Mór-Roinn.[8] D'iarr sé orthu sin a bhí i láthair a bheith fearúil agus an fód a sheasamh[9][10] ː

“Gabhaigí chuig cibé áit a bhfuil an líne thosaigh, leis an cheart, an tsaoirse agus an creideamh a chosaint sa chogadh seo. ”Bheadh a mhalairt d’iompar ina ábhar náire dár dtír go deo.”[11]

Chruthaigh tacaíocht Redmond don Chogadh scoilt i ngluaiseacht na n-óglach. Ar an 24 Meán Fómhair 1914, i ráiteas sínithe ag Pádraig Mac Piarais, Seosamh Pluincéid agus poblachtaigh mhóra eile,[12] shéan Coiste Sealadach Óglaigh na hÉireann ceannas Redmond ar an eagraíocht.

Thaobhaigh tromlach na mball le Redmond, agus thug siad na "hÓglaigh Náisiúnta" orthu féin. Choinnigh na baill a d’fhan sa bhaile an t-ainm Óglaigh na hÉireann agus bheadh ról tábhachtach acu in Éirí Amach na Cásca in 1916. Bhí Mac Réamainn ag iarraidh go mbeadh na reisimintí Éireannacha go léir eagraithe in aon aonad troda amháin. Níos déanaí, mhaígh John Redmond go mbeadh na hÓglaigh réidh le hÉirinn a chosaint. Ní raibh múinín ag an rialtas níos mó as, agus go háirithe saighdiúirí mar Kitchener.

Bhí an nuachtán Gaeilge, An Claiḋeaṁ Soluis, go tréan in aghaidh na cogaíochta.[13] Ach bhí 200,000+ as Éirinn i lár an áir le linn an Chogaidh Mhóir, agus dúscoilt sa phobal faoi. De réir An Claiḋeaṁ Soluis, rinneadh dúshaothrú ar na reisimintí as Éireann, agus fágadh iad sna troideanna is contúirtí.

  1. gov.ie (2014). "Saighdiúirí Éireannacha sa Chéad Chogadh Domhanda". Dáta rochtana: 2020.
  2. "BBC - History - British History in depth: Ireland and World War One" (en-GB). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  3. "Éirí Amach 1916" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-09-25.
  4. Illustrated London News (6 Bealtaine 1916). "'The Real Ireland, as Opposed to the False Doctrines of the Sinn Fein Rebels: Captain William Redmond, Mr. John Redmond's Soldier Brother, Leading Irish Troops',, , .".
  5. CCEA. "CAD É MAR A THARLA SÉ GUR THROID AONTACHTAITHE AGUS NÁISIÚNAITHE AR AN TAOBH CHÉANNA?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-28. Dáta rochtana: 2016.
  6. 6.0 6.1 Timothy Bowman (2003). "Raising the Service battalions | Irish Regiments in the Great War, Caibidil 4". academic.oup.com. Dáta rochtana: 2023-10-28.
  7. Tom Kettle. "aistriúchán, Roinn an Taoisigh" (ga-IE). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2023-10-28.
  8. "War, Rebellion and Redmond | Century Ireland". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  9. “not only in Ireland itself, but wherever the firing line extends, in defence of right, of freedom and religion in this war”
  10. Department of Foreign Affairs. "Leacht Cuimhneacháin ar an gCéad Chogadh Domhanda Nochta ag an Aire - Department of Foreign Affairs" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  11. BBC. "Woodenbridge, Co Wicklow: Redmond Urges Irishmen To Fight". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-09-20.
  12. "Statement to the Irish Volunteers, 24 September 1914" (en). History Hub. Dáta rochtana: 2020-09-25.
  13. "An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (1 Bealtaine 1915)" (ga-IE). Tuairisc.ie (2015-05-01). Dáta rochtana: 2024-01-08.