Guts (albam Olivia Rodrigo)

Is é Guts an dara halbam stiúideo ón amhránaí Meiriceánach Olivia Rodrigo. Foilsíodh é ar an 8 Meán Fómhair 2023 trí Geffen Records. Scríobh agus thaifead sí an t-albam in éineacht le Dan Nigro [en], a d'oibrigh léi ar a céad albam Sour.

WD Bosca Sonraí AlbamGuts
Cineálalbam stiúideo
EalaíontóirOlivia Rodrigo
Eisithe8 Meán Fómhair 2023
Seánrapopcheol, rac indie, popcheol rac agus pop-phunc
TeangaBéarla
LipéadGeffen Records
LéiritheoirDan Nigro
Formáiddlúthdhiosca, ceol sruthaithe agus ceirnín vinile
Croineolaíocht
Sour
(2021)
Spotify: 1xJHno7SmdVtZAtXbdbDZp Last fm: Olivia+Rodrigo/GUTS Allmusic: mw0004033993 Cuir in eagar ar Wikidata

Is albam popcheoil é Guts le hamhráin bhríomhara agus bailéid shéimhe. Tá níos mó tionchair rac ann freisin ná a bhí ar an gcéad albam. Is é ábhar an albaim ná athrú Rodrigo ón ógántacht go dtí an aosacht agus na dúshláin a bhaineann leis.[1] Moladh í as an ábhar, as castacht na liricí agus as aeistéitic agus fuinneamh ginearálta an cheoil.

Chuaigh an t-albam go dtí barr na cairteacha i 14 thír, an Astráil, Ceanada, Éire, an Ríocht Aontaithe agus an tSualainn san áireamh. Foilsíodh trí shingil in éineacht leis an albam: "Vampire", "Bad Idea Right?" agus "Get Him Back!". Beidh Rodrigo ag dul ar chamchuairt leis an albam sa bhliain 2024 freisin.

Traicliosta cuir in eagar

  1. "All-American Bitch" - 2:45
  2. "Bad Idea Right?" - 3:04
  3. "Vampire" - 3:39
  4. "Lacy" - 2:57
  5. "Ballad of a Homeschooled Girl" - 3:23
  6. "Making the Bed" - 3:18
  7. "Logical" - 3:51
  8. "Get Him Back!" - 3:31
  9. "Love Is Embarrassing" - 2:34
  10. "The Grudge" - 3:09
  11. "Pretty Isn't Pretty" - 3:19
  12. "Teenage Dream" - 3:42

Singlí cuir in eagar

  1. "Vampire" - 30 Meitheamh 2023
  2. "Bad Idea Right?" - 11 Lúnasa 2023
  3. "Get Him Back!" - 15 Meán Fómhair 2023

Cairteacha cuir in eagar

Tír Uimhir
  Albain 1
  An Astráil 1
  An Bheilg (Flóndras) 1
  An Bheilg (An Vallúin) 4
  Ceanada 1
  An Chróit 3
  An Danmhairg 3
  An Eilvéis 2
  Éire 1
  An Fhionlainn 3
  An Fhrainc 5
  An Ghearmáin 1
  An Ghréig 9
  An Iodáil 3
  An Iorua 1
  An Ísiltír 1
  An Nua-Shéalainn 1
  An Ostair 2
  An Pholainn 2
  An Phortaingéil 1
  An Ríocht Aontaithe 1
  An tSeapáin 29
  An tSeic 2
  An tSlóvaic 3
  An Spáinn 1
  Na Stáit Aontaithe 1
  An tSualainn 1
  An Ungáir 6

Deimhniúcháin cuir in eagar

Tír Deimhniúchán Díolacháin
  Ceanada Ór 40,000
  An Ríocht Aontaithe Ór 100,000

Tagairtí cuir in eagar

  1. Craig Jenkins (2023-09-08). "Olivia Rodrigo Would Rather Go Through It" (en). Vulture. Dáta rochtana: 2023-10-11.