John A. Costello
B'é Seán A Mac Coisdealbha nó John A. Costello[1] (20 Meitheamh, 1891 - 5 Eanáir, 1976) an 2ú Taoiseach.[2] Chomh maith le gairm fhada agus rathúil mar abhcóide (glaodh chun an Bharra Lasitigh i 1925 air), bhí sé ina Ard-Aighne na hÉireann (ó 1926 go 1932) agus ina Theachta Dála (1933-1969) agus ina Thaoiseach faoi dhó (1948-51 agus 1954-57).[3]
Tús a shaoil
cuir in eagarSaolaíodh Seán Alabhaois Mac Coisdealbha i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1891. Fuair sé a chuid scolaíochta ag Scoil Úí Chonaill (scoil de na Bráithre Críostaí) i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Rinne sé staidéar ar stair, ar theangacha agus ar litríocht i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus bronnadh céim Bhaitsiléir na n-Ealaíon air sa bhliain 1911.
Bhí an Coisdealbhach ar na chéad daoine a bhain céim amach sa Dámh an Dlí UCD nuabhunaithe (LLB 1914). Rinne sé staidéar ag Óstaí an Rí chun bheith ina abhcóide. Bhuaigh sé duais Victoria sna blianta 1913 agus 1914. Bronnadh céim dlí air agus cháiligh sé mar abhcóide sa bhliain 1914 agus d'oibrigh sé mar abhcóide ó shin go 1922.
Phós sé Ida Mary O'Malley ar an 31 Iúil 1919. Bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu.
Saorstát Éireann
cuir in eagarThosaigh Mac Coisdealbha ag obair i bhfoireann Ard-Aighne Shaorstát Éireann sa bhliain 1922. Bhí an stát nuabhunaithe ag an am. Cháiligh sé mar abhcóide sinsear trí bliana ina dhiaidh sin agus ceapadh mar Ard-Aighne do rialtas Chumann na nGaedhael é sa bhliain 1926. Tar éis an cheapacháin, bhí sé mar ionadaí don Saorstát ag cruinnithe Chonradh na Náisiún agus ag cruinnithe an Choinfearaidh Impiriúil.
Toghadh an Coisdealbhach mar Bhinseoir de Chumann Onórach Ostaí an Rí freisin. Chaill sé a phost mar Ard-Aighne tar éis bua Fhianna Fáil in olltoghchán 1932 ach toghadh mar Theachta Dala de Chumann na nGaedhael (agus d'Fhine Gael tar éis bunaithe an pháirtí sin) é in olltoghchán na bliana ina dhiaidh sin (1933).
Cháin sé an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1939, go géar i ndíospóireacht Dála. Cheap sé gur thug an tAcht an iomarca cumhachta don rialtas. Chaill sé a shuíochán Dála sa bhliain 1943 ach d'athghabh sé an suíochán in olltoghchán na bliana 1944. Ba urlabhraí Gnóthaí Eachtracha Fhine Gael é ó 1944 go 1948.
Ba é Fianna Fáil an páirtí is mó tar éis olltoghcháin 1948 ach ní raibh móramh de na suíocháin acu. Tháinig na páirtithe eile (Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre, Clann na Poblachta, Clann na Talmhan agus roinnt Teachtaí neamhspleácha) le chéile chun an chéad rialtas idirpháirtí a chruthú. Cuireadh Fianná Fáil as oifig tar éis iad a bheith i gceannas ar feadh 16 bhliain.
Taoiseach (1948-1951)
cuir in eagarTugadh post an Taoisigh d'Fhine Gael mar ba é Fine Gael an páirtí is mó sa chomhrialtas. Ba é Risteard Ó Maolchatha ceannaire Fhine Gael ach níorbh fhéidir le Clann na Poblachta glacadh leis mar Thaoiseach ó thaobh an pháirt a bhí aige sa Chogadh Cathartha. Sheas ó Maolchatha síos agus ceapadh Mac Coisdealbha mar Thaoiseach.
Fógairt na Poblachta
cuir in eagarGheall Clann na Poblachta roimh an olltoghcháin go n-athghairfidís an tAcht Caidrimh Eachtraigh (1936) ach níor chuir siad béim ollmhór ar an ábhar ag bunú an rialtais. Níor thaitin an tAcht le Mac Coisdealbha nó le Liam Ó Neachtain (Tánaiste agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre) ach oiread. Phlé an chomh-aireacht an tAcht ach níor tháinig siad ar aon chinneadh.
Bhí Mac Coisdealbha ar chuairt oifigiúil go Ceanada i rith mí Meán Fómhair 1948 nuair a chuir iriseoir ceist air maidir le fágáil an Chomhlathais Bhriotanaigh. D'fhreagair Mac Coisdealbha go poiblí go raibh an rialtas chun an tAchta a athghair agus chun Poblachta a fhógairt.
Tháinig sin aniar aduaidh ar airí an rialtais agus ar rialtas na Ríochta Aontaithe freisin. Tar éis fógartha na Poblachta sa bhliain 1949 chuir an Ríochta Aontaithe an Ireland Act i bhfeidhm. Dhaingnigh an tAcht stádas Tuaiscirt Éireann sa Ríocht Aontaithe agus thug sé cearta éagsúla do shaoránaigh na Poblachta a bhí ina gcónaí sa Bhreatain. D'fhág Éire an Comhlathas ar 18 Aibreán 1949 (Luan Cásca) nuair a cuireadh an tAcht Phoblacht na hÉireann (1948) i bhfeidhm. Ghearr an tAcht an srian bunreachtúil deireanach idir an stát agus an Ríocht Aontaithe.
Cráifeachas
cuir in eagarBhí Costello — agus MacBride go háirithe — cráifeach go smior[4][5] agus i bhfad amach ar an eite dheis i dtaobh cúrsaí shóisialta. Bhí MacBride agus an tAire Sláinte Noel Browne díreach trasna óna chéile go minic.
Nuair a tháinig cruinniú de na hairí le chéile don chéad uair ar an 18 Feabhra 1948,[6] seoladh teileagram chun an Pápa, Pius XII, ag cur in iúl na guí “to repose at the feet of Your Holiness the assurance of our filial loyalty and our devotion to your August Person".[7][4][8]
Scéim Máthar agus Linbh
cuir in eagarThug an tAire Sláinte, Noel Browne (Clann na Poblachta) an Scéim Máthar agus Linbh isteach sa bhliain 1950. Thabharfadh an scéim cúram máithreachais saor in aisce do mháithreacha agus cúram sláinte saor in aisce dá bpáistí go dtí go raibh siad 16 bliana d'aois.
Bhí na dochtúirí agus an Eaglais Chaitliceach go mór in éadan na scéime. Cheap na dochtúirí go n-ísleodh an scéim a dteacht isteach agus bhí eagla ag na heaspaig go bhfágfaí an bealach don fhrithghiniúint agus don ghinmhilleadh. Bhí scoilt sa Chomh-Aireacht maidir leis an scéim. Cheap roinnt Airí nárbh fhéidir leis an stát costas na scéime a íoc. Chuir Mac Coisdealbha agus Airí eile in iúl do de Brún nach seasfaidís leis. D'éirigh de Brún as mar Aire ar an 11 Aibreán 1951 agus cealaíodh an scéim. D'fhoilsigh de Brún a chomhfhreagras le Mac Coisdealbha agus leis na heaspaig.
Éifeacht an Rialtais
cuir in eagarD'éirigh go maith leis an rialtas i slite éagsúla:-
- Tógadh an méid tithe is mó riamh
- Bunaíodh an tÚdarás Forbartha Tionscail agus Córas Trachtala
- Tháinig ísliú mór ar ionsaitheacht na heitinne de bharr polasaithe an Aire Sláinte
- Ghlac Éire a ballraíocht san Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta agus i gComhairle na hEorpa. D'fhan an stát taobh amuigh d' Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh mar gheall ar chríochdheighilt na tíre.
- Luathaíodh an scéim chun leictreachais a sholáthar do gach áit sa tír, na háiteanna is iargúlta ina measc
Olltoghchán 1951
cuir in eagarCé gur buille don rialtas é an chonspóid maidir leis an Scéim Máthar agus Linbh, ní raibh sé ina buille marfach. Lean an rialtas ar aghaidh ar feadh tamaill ach bhí praghsanna ag ardú, bhí géarchéim chomhardaithe na n-íocaíochtaí ag teacht agus d'aistarraing dhá Theachta Dála a dtacaíocht.
Chuir sin brú ar Mhac Coisdealbha agus ghair sé olltoghchán I mí an Mheithimh 1951. Bhí toradh éiginntitheach ag an toghchán ach bhí Fianna Fáil ábalta rialtas a chruthú. D'éirigh Mac Coisdealbha as mar Thaoiseach. Toghadh mac Mhic Coisdealbha, Deaglán, mar Theachta Dála don chéad uair san olltoghchán seo.
Roinn Ó Maolchatha agus Mac Coisdealbha ceannaireacht Fhine Gael. Ba é Ó Maolchatha ceannaire an pháirtí agus ba é Mac Coisdealbha ceannaire an pháirtí pharlaimintigh.
Mhair rialtas Fhianna Fáil ar feadh trí bliana.
Taoiseach (1954-1957)
cuir in eagarChaill Fianna Fáil suíocháin in olltoghchán 1954 de bharr fadhbanna eacnamaíochta na tíre. Tháinig Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Clann na Talmhan le chéile i gcomhrialtas nua. Athtoghadh Mac Coisdealbha mar Thaoiseach. Níorbh fhéidir leis an rialtas nua mórán a dhéanamh chun an gheilleagair a fheabhsú agus ní raibh siad ábalta an dífhostaíocht nó an eisimirce a laghdú. Chuaigh Éire isteach sa Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1955.
Chuir Óglaigh na hÉireann (an tIRA) feachtas míleata nua ar bun sa bhliain 1956. Sheas an rialtas go láidir in éadan na hÓglaigh.
Olltoghchán 1957
cuir in eagarThug Seán Mac Giolla Bhríde (ceannaire Chlann na Poblachta) rún mímhuiníne isteach ó thaobh lagaithe an gheilleagair. Thug Fianna Fáil rún mímhuiníne isteach freisin. Ghair Mac Coisdealbha olltoghchán mar bhí sé beagnach cinnte go gcaillfeadh an rialtas vóta Dála. Bhain Fianna Fail móramh iomlán amach san olltoghchán.
Éirí As
cuir in eagarD'fhill Mac Coisealbha ag an dlíodóireacht agus d'éirigh go maith leis arís. D'éirigh Ó Maolchatha as mar cheannaire an pháirtí sa bhliain 1959 agus tháinig Seámus Maitiú Diolún i gcomharbacht air. D'fhill Mac Coisdealbha go dtí na cúlbhinsí ag an am céanna. D'fhan sé mar Theachta Dála go dtí olltoghchán na bliana 1969. Tháinig Gearóid Mac Gearailt i gcomharbacht air ina dháilcheantar, Baile Átha Cliath Thoir Theas.
Ba bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann é ó 1948. Bhronn Baile Átha Cliath saoirse na cathrach ar Mac Coisdealbha agus ar Éamon De Valera i mí Márta 1975. Bhronn roinnt ollscoileanna sna Stáit Aontaithe dámhachtainí air freisin.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ A mar Aloysius
- ↑ Cartlann COBÁC. "John A. Costello Papers". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "John A. Costello". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 4.0 4.1 John Bowman (13 Samhain 1999). "At the disposal of the archbishop" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-03-09.
- ↑ Elizabeth Keane (2004). "'Coming Out of the Cave': The First Inter-party Government, the Council of Europe and NATO, Irish Studies in International Affairs, Iml 15, ch 167-190". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ ucd.ie/archives. "John A. Costello Papers". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Mon, 09 Apr, 2018 - 01:00 (2018-04-09). "When ministers and the State bowed to the Church" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2024-03-09.
- ↑ Ryle Dwyer (2003-08-09). "Ideological deficit that weakened the very basis of our republic" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2024-03-09.