AerachAiteachGaelach
Comharghrúpa ealaíon Gaeilge is ea AerachAiteachGaelach (AAG[1]) agus breis agus 120 ealaíontóir aiteach ann,[2] idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, ghrianghrafadóirí, thaibheoirí draig agus ealaíontóirí físe agus fuaime.[3] Chuir na filí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy an grúpa ar bun ag tús 2020 in Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath[4] agus is iad an bheirt chéanna atá ag comhstiúradh an ghrúpa faoi láthair.[5]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | comharghrúpa ealaíontóirí |
Réimse oibre | ealaín aiteach, Ealaín LADTAIÉ+, an Ghaeilge, drámaíocht, filíocht, drag, ceabairé, ceol, gearrscannán, Scannánaíocht i nGaeilge agus coiméide |
Stair | |
Bunaitheoir(í) | Ciara Ní É |
Suíomh gréasáin | aerachaiteachgaelach.net |
Eagraíonn an grúpa ceardlanna idirghníomhacha le scríbhneoirí éagsúla.[6] Fuair siad maoiniú ó Fhoras na Gaeilge trí Scéim na Litríochta. Is é Stiofán Ó Briain Comhordaitheoir Ceardlann AerachAiteachGaelach.[5]
Cúlra ⁊ fís
cuir in eagarIs í fís AAG ná "deiseanna forbartha, gréasán tacaíochta agus ardán a chur ar fáil d’ealaíontóirí LADTAIÉ+ na Gaeilge le gur féidir leo cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha i litríocht agus ealaíona na Gaeilge."[4] Is mian leo freisin "a dheimhniú arís don phobal aiteach ginearálta gur féidir bheith istigh a bheith acu i bpobal na Gaeilge".[4]
Dar le Sam Ó Fearraigh, duine de scríbhneoirí Grindr, Saghdar agus Cher, tá gá le hAAG toisc "go mbíonn muid ag titim idir an dá stól i gcónaí"[7]:
"Mionlach laistigh de mhionlach atá ionainn. I saol an Bhéarla samhlaítear an Ghaeilge - agus tá mé ag labhairt mar fhear Ghaeltachta - leis an seansaol, leis an saol traidisiúnta Caitliceach. Fiú san saol aerach agus aiteach, shílfeá go mbeadh daoine iontach leathanaigeanta [ach] bíonn claontaí áirithe ag daoine agus déanann siad talamh slán de nach bhfuil áit ag daoine aiteacha i saol na Gaeilge. Domhsa go pearsanta, bhí mé páirteach i gcúpla ócáid roimhe seo agus bím mar chineál ‘token Gael’, mar dhea, ag na hócáidí aeracha; agus b’fhéidir mar ‘token aerachán’ ag na hócáidí Gaelacha."[7]
Luann siad an tábhacht a bhaineann le healaíontóirí aiteacha eile atá "tar éis cur le litríocht agus filíocht aiteach na Gaeilge" leis na blianta" cheana féin, mar shampla Micheál Ó Conghaile a scríobh Sna Fir in 1999. San úrscéal sin faoi Chonamarach óg aerach, caoineann an príomhcharachtar easpa scéalta faoi dhaoine dá leithéid a bheith le léamh aige.[4]
“ | Thuigfinn ansin gur bhain an litríocht liom féin go díreach, go mba chuid díom féin agus de mo chúlra féin í, go mba dhaoine mar mé féin a bhí sna carachtair a mbeadh orm aistí a scríobh fúthu. Gur roinn muid na mothúcháin chéanna i leith an ghrá… Ach níor roinn. Cá raibh fáil agamsa i litríocht na Gaeilge ar bheirt fhear agus iad ag spallaíocht le chéile ag tórramh nó oíche airneáin nó lá pátrúin, ag titim i ngrá lena chéile agus ag gáire go hard. Nó dul amach mar lánúin, fiú ar an gcúlráid, ní áirím ag caitheamh saol fada sona sásta le chéile: ‘Mhair siad go sona sásta as sin amach. Má tá bréag ann, bíodh.’ Cá raibh siad? | ” |
Tionscadail
cuir in eagarAn Drámaíocht
cuir in eagarTá le maíomh ag lucht na n-amharclann in AAG gur "i réimse na drámaíochta is mó atá an grúpa tar éis bláthú" agus "os cionn 1,500 duine tar éis freastal" ar na drámaí atá curtha i láthair acu go dtí seo.[8]
Is léiriúcháin de chuid AAG iad Idir Mise agus Craiceann do Chluaise, Grindr, Saghdar agus Cher, agus An Chos Eile (le Seán Mac Dhonnagáin).[4][9]
An Bál Aiteach
cuir in eagarEagraíonn Queercal Comhrá BhÁC agus AAG an Bál Aiteach as lámha a chéile i gClub an Chonartha do Bhród BhÁC gach bliain ó 2022 i leith, oíche a áirítear mar "an t-imeacht is galánta agus is glioscarnaí sa mbliain do phobal LADTAIÉ+ na Gaeilge."[10]
Is é bunús na mbál aiteach ná oícheanta ceiliúrtha a bhíodh ar siúl in Harlem sna 1980í ina dtiocfadh daoine ón bpobal gorm/dubh agus an pobal Meiriceánach Laidineach i láthair "le dul in iomaíocht i gcoinne a chéile i gcatagóirí éagsúla agus iad gléasta de réir téama ar leith. [...] Tá an spraoi lárnach sna himeachtaí pobail seo agus tá leigheas iontu freisin do dhaoine aiteacha a d’fhulaing go ciúin ar feadh na mblianta."[4][11] Luaitear tábhacht faoi leith leo do phobal aiteach na Gaeilge nó is annamh go bhféadfá "tagairtí a dhéanamh do Ru Pual agus Ros na Rún san anáil chéanna agus go dtuigfí go hiomlán duit."[12]
Bhí Bál Aiteach 2024 ar siúl ar 22 Meitheamh agus ba iad na téamaí i mbliana ná "ExtravaGeansaí", "Dathanna an Chøntae", "Drag Caoineadh", agus "TG Leathair".[10]
D'eagraigh an dá ghrúpa chéanna cóisir ag an gceann eile den bhliain freisin in 2023, An Gala Aiteach i Mí na Nollag.[13]
Greann
cuir in eagarCraoladh "Cluiche Snatch" mar chuid de Bhród 2021 ar leathanach YouTube AAG i gcomhar leis an Queercal Comhrá.[14] Bhí cead ag iarrthóirí nach raibh bainteach le ceachtar eagraíocht páirt a ghlacadh ann ach cur isteach air roimh ré.[15]
Is éard a bhí ann ná cluiche tobchumadóireachta grinn "ina ngléasann na rannpháirtithe mar charachtair cháiliúla agus ina bhfreagraíonn siad ceisteanna éadroma seafóideacha líon-an-bhearna."[16] Bhí sé bunaithe ar mhír mhór den tsraith cháiliúil Ru Paul's Drag Race, a dhéanann scigaithris aiteach den seó cluichí Meiriceánach The Match Show.[17]
Ar na hiomaitheoirí bhí Dean Farrell a rinne scigaithris de Chaitríona Pháidín ó Chré na Cille, Eoin P. Ó Murchú a chuir Fionn mac Cumhaill i láthair mar mhac léinn ó Choláiste Eoin, Jade Pepper agus í mar Cruella de Vil, Kitty Ní Houlihán mar Nadine Coyle, agus Rút Ní Theimhneáin faoi chló Kim Kardashian.[16] Kevin Johnston a léirigh an seó agus bhí sé ina moltóir freisin. "Hugh Paul" Mac Giolla Chearra a chuir i láthair é, bhí Hilary Bowen-Walsh ina moltóir, Eoin Mc Evoy a bhí ina eagarthóir air, agus thug Ciara Ní É agus Seán Grennan comhairle agus ceisteanna faoi seach.[16]
Thuil an clár ard-mholadh ó Antoin Beag Ó Colla.[18] Eisíodh baisc gifeanna ó Chluiche Snatch 2021 le n-úsáid ar na meáin sóisialta.[16]
Féilte
cuir in eagarIs minic baill d'AAG ag eagrú imeachtaí Bród ag Féile na Gealaí, an fhéile champála cheoil a bhíonn ar bun i Mí an Mheithimh.[19][20]
Tionscadal Cónaitheachta 2024 ar Oileán Chléire
cuir in eagarI mí na Nollag 2023, d'fhógair AAG comhfhiontar idir iad féin agus Mheitheal Chléire chun sparánachtaí cónaitheachta a chur ar fáil d'ealaíontóirí le tabhairt fúthu ar Oileán Chléire ar feadh 10 lá agus obair ealaíona idir lámha acu trí Ghaeilge. Bhí sé i gceist go gcuiridís torthaí a saothair i láthair mhuintir an oileáin ag deireadh na tréimhse sin.[21] Ghlac siad inspioráid ó Afra-Thodhchaíochas leithéidí N.K. Jemisin, Octavia E. Butler, Jean-Michel Basquiat agus Ellen Gallagher agus téama an tionscadail á roghnú acu: An Todhchaíochas Gaelach.[22]
“ | Is iomaí duine a chreideann nach bhfuil aon todhchaí amach roimh an nGaeilge ach oiread.
Tuigimidne a labhraíonn í go mbeidh, áfach, fad is beo dúinn féin agus fad is beo dár n-ealaín. Ach cén todhchaí í sin? Cén chuma atá uirthi? Conas is féidir leis an ealaín an todhchaí sin a shamhlú, a léiriú, a fhíorú?[22] |
” |
Fógraíodh buaiteoirí na sparánachtaí i Mí Feabhra 2024 agus chuaigh na healaíontóirí i isteach ar Oileán Chléire i Mí an Mhárta.[23]
Meitheal Téarmaíochta agus Aistriúcháin
cuir in eagarChuir AAG glaoch ar léiriú spéise amach i Mí an Mhárta, iad ag iarraidh grúpa daoine a chur le chéile "le focail a bhailiú agus a chumadh, paimfléid eolais a aistriú agus a scaipeadh, agus an Ghaeilge a áitiú ar bhealach comhintinneach." Ar na téamaí a luadh leis tá "caint na sráide/béal an phobail, meabhairshláinte, il-leannánachas, salachar cainte, teoiric na haiteachta, acmhainní téarmaíochta agus cúrsaí LADTAIÉ+".[24]
Gradaim
cuir in eagar"Ainmníodh an dráma Grindr, Saghdar agus Cher i dtrí chatagóir i ngradaim IDGTF 2023, an chéad bhliain ar léiríodh dráma iomlán i nGaeilge mar chuid den fhéile." Is iad sin Gradam Oscar Wilde (feabhas scríbhneoireachta), Gradam Doric Wilson (idirphlé idir chultúir leis an amharclannaíocht) agus Gradam Eva Gore-Booth (feabhas aisteoireachta i ról baineann; Ciara Ní É a ainmníodh).[25]
In 2023, chrú AAG duais "i gcatagóir na nEalaíon agus na Siamsaíochta i ngradaim náisiúnta LADTA na nGALAS, éacht d'eagraíocht Ghaeilge agus iad san iomaíocht le grúpaí agus taibheoirí sa dá theanga ó cheann ceann na tíre"[26]
Chrú An Chos Eile le Seán Mac Donnagáin duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa chatagóir Dráma Aonghnímh in 2023.[27]
Féach Freisin
cuir in eagarLéitheoireacht Bhreise
cuir in eagar- Ní Mhuircheartaigh, Éadaoin, Ní Ghairbhí, Róisín, agus Ó Liatháin, Pádraig (eag.) (2021) Ó Chleamairí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil. Baile Átha Cliath: Cló Léann na Gaeilge. [xxx + 342 lch]
- Mac Risteaird, Seán (eag.) (2023) ‘Móreagrán Aiteach’. Comhar, 83 (06).
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "AerachAiteachGaelach". www.cuirt.ie (2022-02-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-03-25. Dáta rochtana: 2024-03-16.
- ↑ AerachAiteachGaelach. "Ceardlann Scríbhneoireachta AAG i mBéal Feirste". Eventbrite. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
- ↑ "Pobal LGBTQ agus an Ghaeilge" (02 Márta 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Márta 2023. Dáta rochtana: 18 Márta 2023.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 Eoin Mc Evoy ⁊ Stiofán Ó Briain (06-2023). "Fianaise an chlaochlaithe". Comhar 11-13. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29-05-2023. Dáta rochtana: 2024-03-16.
- ↑ 5.0 5.1 "Coiste nua AAG ceaptha ag Oireachtas na Samhna". AerachAiteachGaelach (6 Samhain 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 25 Márta 2024.
- ↑ "Seisiún Míosúil Scríbhneoireachta". AerachAiteachGaelach (08 Eanáir 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
- ↑ 7.0 7.1 Éanna Ó Caollaí (08 Bealtaine 2023). "‘Mionlach laistigh de mhionlach atá ionainn’". The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Bealtaine 2023. Dáta rochtana: 2024-03-18.
- ↑ Eoin McEvoy (28 Bealtaine 2024). "Grá Don Ghaeilge agus Gliondar Aiteach i gComharghrúpa AerachAiteachGaelach". Waterford News & Star. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
- ↑ "Dráma nua Gaelach, Aiteach ar siúl i mBÁC: An Chos Eile". RTÉ (27 Samhain 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Márta 2024. Dáta rochtana: 19 Márta.
- ↑ 10.0 10.1 "Bál Aiteach 2024". AerachAiteachGaelach (26 Aibreán 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 01 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
- ↑ Seán Ó Dubhchon (17 Meitheamh 2024). "‘An Bál Aiteach’ ar siúl i BÁC amárach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Meán Fómhair 2022. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
- ↑ "Bál Bródúil, beárbaiciú, beor, bronnadh duaiseanna - buail isteach!". RTÉ (8 Meitheamh 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 08 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
- ↑ "An Gala Aiteach". AerachAiteachGaelach (05 Nollaig 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
- ↑ "Snatch Game as Gaeilge do Bhród 2021". RTÉ (23 Meitheamh 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Meitheamh 2021. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2024.
- ↑ "Rannpháirtithe á lorg don chéad ‘Chluiche Snatch’ i nGaeilge". NÓS (31 Márta 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Aibreán 2021. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2024.
- ↑ 16.0 16.1 16.2 16.3 "Seó grinn: Cluiche Snatch 2021". AerachAiteachGaelach (26 Meitheamh 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Márta 2024. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2024.
- ↑ Ethan Moser (30 Márta 2021). "Irish language Snatch Game event Cluiche Snatch seeks participants". GCN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 Márta 2021. Dáta rochtana: 1 Aibreán 2024.
- ↑ "Tús Áite: Mír na Meán". RTÉ (07 Iúil 2021). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Márta 2024. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2024.
- ↑ Seán Ó Dubhchon (04 Meán Fómhair 2023). "Ainmniúchán do na GALAS faighte ag trí ghrúpa Gaeilge". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 04 Deireadh Fómhair 2023. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
- ↑ Caoimhe Ní Chathail (15 Meitheamh 2022). "Féile na Gealaí: Scoth an cheoil agus na sluaite Gael ag damhsa". Irish Independent (Seachtain). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 10 Meitheamh 2024.
- ↑ "Scéim Cónaitheachta AAG ar Oileán Chléire 2024 – Spriocdháta ar Iarratais". BÁC le Gaeilge. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
- ↑ 22.0 22.1 "Scéim Cónaitheachta AAG ar Oiléan Chléire 2024". AerachAiteachGaelach (05 Nollaig 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 25 Márta 2024.
- ↑ "Buaiteoirí na spáranachtaí cónaitheachta i gCléire 2024". AerachAiteachGaelach (19 Feabhra 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 25 Márta 2024.
- ↑ "Meitheal LADTA+ Téarmaíochta agus Aistriúcháin". AerachAiteachGaelach (05 Márta 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Márta 2024. Dáta rochtana: 29 Márta 2024.
- ↑ "Trí ainmniúchán d’AAG ag Gradaim an International Dublin Gay Theatre Festival 2023". AerachAiteachGaelach (14 Bealtaine 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Márta 2024.
- ↑ "Bua ag AAG sna GALAS". AerachAiteachGaelach (8 Deireadh Fómhair 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024.
- ↑ "Comórtais Liteartha don Scríbhneoir Fásta". An tOireachtas. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Samhain 2023.