Harold Williams (teangeolaí)

Iriseoir ón Nua-Shéalainn, eagarthóir nuachta ón iasacht ar The Times agus ilteangach ab ea Harold Whitmore Williams ( 6 Aibreán 1876 - 18 Samhain 1928 ) a mheastar a bheith ar cheann de na hilteangaigh ní ba thréithí sa stair. Deirtear go raibh breis is 58 teanga ar eolas aige, a Bhéarla dúchais san áireamh. Chruthaigh sé go raibh gach teanga de chuid Impireacht na hOstaire aige; Ungáiris, Seicis, Albáinis, Seirbis, Rómáinis, Sualainnis, Bascais, Tuircis, Sínis Mandairínis, Seapáinis, Tagálaigis, Coptais, Éigipteach, Hittite, Sean-Ghaeilge agus canúintí eile. [1]

Infotaula de personaHarold Williams

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Aibreán 1876
Auckland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Samhain 1928
52 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síTimaru Boys' High School (en) Aistrigh
Ollscoil Ludwig Maximilian, München Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, iriseoir, iriseoir tuairime Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileAriadna Tyrkova-Williams Cuir in eagar ar Wikidata
 
Harold Williams ina fhear óg

Rugadh Harold Williams in Tāmaki-makau-rau (Béarla:Auckland) ar 6 Aibreán 1876, an duine is sine de sheachtar mac. Chuaigh a thuismitheoirí ar imirce as Corn na Breataine, agus bhí a athair, an tUrramach W.J. Williams, ar dhuine de na luathcheannairí ar an eaglais Mhodhach sa Nua-Shéalainn, agus é i mbun eagarthóireachta ar an Methodist Times le blianta fada. Bhí léamh maith ag Williams sinsearach dea-léite agus thug sé luath-theagasc do Harold sna clasaicí. Cosúil le formhór na n-ógánach dá aois, ní raibh aon dúil san fhoghlaim aige dá chuid foghlama, ach chuimhnigh sé, nuair a bhí sé thart ar seacht mbliana d’aois, gur tharla "an explosion in his brain" agus ón am sin d'fhás a chumas chun foghlaim, go háirithe teangacha. go céim neamhghnách. Thosaigh sé le staidéar na Laidine, agus d'fhoghlaim sé teangacha eile go fonnmhar.

Agus é ina ghasúr scoile chruthaigh sé gramadach agus foclóir don teanga Dobu ón Nua-Ghuine as cóip de Shoiscéal Naomh Marcas, a scríobhadh sa teanga sin. Ansin thiomsaigh sé stór focal de chanúint Oileán Niue, arís ón Soiscéal a scríobhadh sa teanga sin, agus foilsíodh é sa Polynesian Journal. Chaith Harold a chuid airgead póca ag ceannach Tiomnaí Nua ó dhíoltóir leabhar in Ōtautahi san oiread teangacha agus a d'fhéadfadh sé. Faoi dheireadh a shaoil bhí staidéar déanta aige ar an mBíobla i sé theanga is fiche, Súlúis, Svahaílis agus Hausa ina measc. Sular fhreastail sé ar na hardscoileanna Christchurch Boys' agus Timaru Boys' High School d’éirigh leis Laidin, Sean-Ghréigis, Eabhrais, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Māori, Samóis, Tonga, Fidsí agus teangacha Polainéiseacha eile a theagasc dó féin.

Sa bhliain 1893 bhog teaghlach Williams go dtí Tāmaki-makau-rau, áit a dtabharfadh an déagóir Harold cuairt ar longa sa chaladh, ionas go bhféadfadh sé comhrá a dhéanamh le criúnna Polainéiseacha agus Melanesacha ina dteangacha féin.

Shuigh sé lena BA in Ollscoil Auckland, ach theip air mar gheall ar éagumas chun máistreacht a fháil ar an matamaitic, agus, ar theagasc a athar, chuaigh sé isteach san Aireacht Modhach ag 20 bliain d'aois. Tar éis ceapacháin i St Albans, Christchurch, agus Inglewood, Taranaki, chuaigh sé go ceantar Thuaisceart Wairoa timpeall Dargaville áit a raibh na sluaite gumdiggers de náisiúntachtaí éagsúla. D’ionsúigh sé a dteangacha go tapa agus ansin thosaigh sé ag déanamh staidéir ar an Rúisis agus ar an bPolainnis, spreagtha i bpáirt ag suim san úrscéalaí Rúiseach Leo Tolstoy .

Mar a scríobh Harold chuig cara de chuid Ōtautahi Macie Bevan Lovell-Smith, bhí sé ""struggling with reading Tolstoy in his native tongue. " Ní hamháin go raibh meas Harold do Tolstoy liteartha, ach fealsúnach freisin. [2] Bhain sé taitneamh as seanmóireacht in ainneoin go raibh maolteanga aige. Bhí roinnt ball dá phobal amhrasach faoina thuairimí sóisialach agus díochánta. Bhí amhras ar bhaill choimeádacha na cléire freisin, mar a scríobh Eugene Grayland in Famous New Zealanders, "His clerical superiors distrusted his views and disapproved of some of the heterodox books in his library, touching on evolution and such matters."

"Cíocrais Slavaice "

cuir in eagar

I mí an Mheithimh 1899 scríobh Harold, "I have had rather slavonic crazes lately. Ar cheann de na caíocrais sin bheadh fonn doshrianta​​ air sa deireadh an Nua-Shéalainn a fhágáil. Sa bhliain 1900, agus é 23 bliain d'aois, chinn Harold "embark on a pilgrimage" agus é tiomanta cuairt a thabhairt ar bhaile Tolstoy ag Yásnaya Polyána . Le deontas £50 chun an turas a chlúdach (ó stiúrthóir ar an New Zealand Herald (ó stiúrthóir de chuid an New Zealand Herald a bhí curtha ar an eolas faoina chuid buanna), agus gan scoláireachtaí ná cúnamh eile, chuaigh sé chun na hEorpa. Chuaigh sé go Beirlín ar dtús agus faoin am gur shroich sé Ollscoil Bheirlín bhí fiche teanga ar eolas aige cheana féin. Rinne sé staidéar ar fhoghraíocht, eitneolaíocht, fealsúnacht, stair agus litríocht ann agus in Ollscoil München . Bhí an bhochtaineacht ag baint leis na blianta seo agus é ina dhalta—bhí airgead Harold ón Nua-Shéalainn imithe i léig go tapaidh—agus b’éigean dó a chuid leabhar agus na duaiseanna a bhí buaite aige ar scoil a dhíol. Mhúin sé Béarla go páirtaimseartha chun roinnt airgid a thuilleamh agus go minic ní raibh aige ach cúpla uair an chloig in aghaidh an lae chun tabhairt faoina chuid staidéir. Bhí laethanta ann nuair nach raibh aon rud le n-ithe aige, ach lean sé agus ghnóthaigh sé PhD (ar ghramadach na teanga Ilocano ) ó Ollscoil Ludwig Maximilian i München i 1903.

Ina dhiaidh thug Williams faoi staidéar ar theangacha Slavacha agus mar thoradh air sin chuir sé suim i ngnóthaí na Rúise agus i sóisialachas Críostaí Tolstoy. Bhí sé ag smaoineamh go mbeadh sé ina scoláire, ach chuaigh sé isteach san iriseoireacht ina ionad sin. Bhí comhfhreagraí an Times i gCathair Pheadair, D.D. Braham díbeartha, agus bhí sé ag eagrú seirbhís nuachta ó thíortha cóngaracha. Cheap sé Williams mar chomhfhreagraí speisialta chun oibriú le Petr Struve liobrálach Rúiseach a bhí ar deoraíocht i Stuttgart. Bhí an chathair anois ina lárionad don fhreasúra eagraithe polaitiúil ag dídeanaithe polaitiúla Rúiseachai a bhí ag moladh leasuithe ina dtír féin. Anseo, bhuail Williams le hAriadna Tyrkova, ‘Manon Roland’ na Rúise . [3] I mí Dheireadh Fómhair 1904 d’aistrigh sé ó Pháras, i mí na Nollag go Cathair Pheadair agus thosaigh Williams ag seoladh teachtaireachtí tríd an bpost chuig Reuters. [4] Rinne Williams comhfhreagras leis an Ollannach Frederik van Eeden faoi aistriúcháin ar a shaothar.

I mí Eanáir 1905 fuair Williams poist leis an Manchester Guardian sa Rúis, agus d'oibrigh sé i dtreo rapprochement Angla-Rúiseach in éineacht le Bernard Pares. Mar chomhfhreagraí speisialta don Morning Post i 1908 agus san Impireacht Otamánach sa bhliain 1911. Shocraigh Williams agus a bhean in Iostanbúl tar éis don Okhrana a n-árasán a chuardach. I mí Lúnasa 1914 bhí sé ag scríobh don Daily Chronicle ag seoladh teileagraim agus gné-alt ó gach cearn d'Impireacht na Rúise . Bhí sé i gcónaí ar a thóraíocht leanúnach ar a rún dearbhaithe"to serve the great cause of liberty". .

Chuir a chuid oibre sa Rúis ar a chumas,sa bhliain 1905, bualadh le Leo Tolstoy, agus labhair siad ar chúrsaí polaitíochta, litríochta agus moráltachta. De réir tuairiscí, d'fhiafraigh Tolstoy de cén fáth ar fhoghlaim sé Rúisis agus fuair sé an freagra, "Because I wanted to read Anna Karenina in the original." D’áitigh Tolstoy go n-áireofaí na teangacha a labhair Williams. Foilsíodh an t-agallamh sa Manchester Guardian ar 9 Feabhra 1905, ach do Williams níor éirigh go maith leis an gcruinniú. Bhí díomá air le tarraingt siar Tolstoy ó shaol na réaltachta polaitiúla agus le hiarmhairtí imeachtaí comhaimseartha. Bhí Williams báúil le leasaitheoirí na heite clé, leis na Daltaí agus leis na Liobrálaithe .

Toghadh a "bhean chéile" (ní fios gur phós siad riamh, b'fhéidir i bhFeabhra 1918) [5] chuig Duma na Rúise agus ba fheimineach í. Ag an am seo scrúfdaigh imeachtaí agus na staideanna ar tháinig sé orthu tástáil cuid de thuairimí luatha Williams. D'éirigh sé as a bheith ina fheoilséantóir, agus go luath ina dhiaidh sin a chuid idéal síochánaíoch, ach d'fhan sé ina Chríostaí gníomhach ar feadh a shaoil, cé go raibh creideamh á threorú ag tuiscint ghinearálta ar an spioradáltacht seachas ar an dogmatachas. Mar a dúirt sé ina sheanmóir deiridh sa Nua-Shéalainn: "Whatever ye do, do it heartily as to the Lord, and not unto men."

Saineolaí ar ghnóthaí na Rúise

cuir in eagar

Ba ghearr gur bhunaigh an t-eolas iontach a bhí aige ar an Rúis é mar saineolaí ar chúrsaí na Rúise.Thaistil sé gan srian isteach i ngach cearn den tír ag carnadh méid ollmhór eolais faoi mhuintir na Rúise — a muintir, a stair, a healaín agus a polaitíocht - méadaithe gan aon dabht toisc gur shealbhaigh sé an Fhionlainnis, an Laitvis, an Eastóinis, an Seoirsis agus an Tatairis. Fuair sé greim freisin ar ghramadach na Rúise a bhí níos fearr ná mar a bhí ag formhór a chairde Rúiseacha. Ba mhó mar sin a thuairiscí ná iriseoireacht neamhleasmhar—cuntais phearsanta an bhreathnóra a bhí ina chónaí go dlúth i sochaí a bhí iontu. Léirigh a leabhar, Russia and the Russians, [6] ní hamháin eolas Williams, ach a mheon géarchúiseach, mar a bhí meas ag H.G. Wells i léirmheas ardmholtach 1914 don New York Daily News :

"In a series of brilliant chapters, Doctor Williams has given as complete and balanced an account of present-day Russia as any one could desire ... I could go on, sitting over this book and writing about it for days ... it is the most stimulating book upon international relations and the physical and intellectual being of a state that has been put before the English reader for many years."
  1. New Zealand Edge Report- Harold Williams”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 January 2010. Dáta rochtana: 20 January 2007.
  2. Borman (1969). "Harold Williams: A British Journalist and Linguist in Russia". The Russian Review 28 (3): 327–337. ISSN 0036-0341. JSTOR 127399. 
  3. Witnesses Of The Russian Revolution by Harvey Pitcher
  4. SHADOW OF DEMOCRACY. Dispatches from Russia:1905 Revolution
  5. Charolotte Alston (2004) Russian Liberalism and British Journalism: the life and work of Harold Williams (1876-1928) p. 94”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 August 2016. Dáta rochtana: 23 July 2016.
  6. Williams (1914). "Russia and the Russians". London: Sir Isaac Pitman & Sons Ltd.. Dáta rochtana: 25 May 2018.– tríd Internet Archive