An Libia
Is tír san Afraic í an Libia. Is í Tripilí an phríomhchathair. Is iarchoilíneacht de chuid na hIodáile í, suite idir an Éigipt agus an Túinéis agus teorainneacha aici chomh maith leis an Nígir, an tSúdáin, agus Sead. Tír mhór í, 1,759,540 ciliméadar cearnach, agus níl cuid ar bith di faoi uisce.
An Libia | |||||
---|---|---|---|---|---|
دولة ليبيا (ar) | |||||
|
|||||
Aintiún | Libya, Libya, Libya | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Tripilí | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 6,678,567 (2018) | ||||
• Dlús | 3.8 hab./km² | ||||
Déamainm | Libiach | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Afraic Thuaidh | ||||
Achar dromchla | 1,759,541 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mheánmhuir | ||||
Pointe is airde | Bikku Bitti (en) (2,267 m) | ||||
Pointe is ísle | Sabkhat Ghuzayyil (en) (−47 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Great Socialist People's Libyan Arab Jamahiriya (en) | ||||
15 Lúnasa 1551: Tripoli Eyalet (en) 24 Nollaig 1951: Ríocht na Libia 1 Meán Fómhair 1969: Libyan Arab Republic (en) 2 Márta 1977: Great Socialist People's Libyan Arab Jamahiriya (en) | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht | ||||
Comhlacht reachtach | House of Representatives (en) | ||||
• Chairman of the Presidential Council (en) | Mohamed al-Menfi (2021–) | ||||
• Príomh-Aire na Libia | Abdulhamid Dbeibeh (2021–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 39,798,423,941 $ (2021) | ||||
Airgeadra | dinar na Libia | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ly | ||||
Glaochód | +218 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 190, 191 agus 193 | ||||
Cód tíre | LY |
Aeráid
cuir in eagarAeráid Mheánmharach atá fán chósta, ach is fásach te tirim lom atá sa mhórchuid den tír. Le blianta anuas tá Tionscadal na hAbhann Móire ar bun chun uisce atá faoi thalamh sa Sahára a thabhairt go cathracha an chósta, an tionscadal uisce is mó sa domhan ach tá an fásach ag méadú i gcónaí.
Fuair b'fhéidir 10k bás ar 10 Meán Fómhair 2023 nuair a bhuail Stoirm Daniel an tír. Bhí an fhearthainn ar scála nach bhfacthas riamh cheana. Réabadh dambaí móra agus bhuail tuilte móra an tír.[1]
Stair
cuir in eagarI ndiaidh do mhórchumhachtaí na hEorpa ruathar a dhéanamh ar an Afraic sa naoú haois déag, agus coilíneachtaí a dhéanamh d'fhormhór na hilchríche, ghabh an Iodáil seilbh ar an Libia i 1911.
Ré Gaddafi
cuir in eagarBronnadh neamhspleáchas ar Libia i mí na Nollag 1951. Bhí rí i gceannas na tíre ar feadh tamaill go dtí gur éirigh an t-arm amach ina choinne faoin gCornal Gaddafi, an té atá i gceannas i Libia ó Mheán Fómhair 1969 go dtí 2011.
Córas ina raibh meascán den sóisialachas agus de dhlí traidisiúnta Arabach a bhunaigh Gaddafi ina raibh an pobal in ainm iad féin a rialadh. Ach go praiticiúil, deachtóireacht mhíleata a bhí sa Libia, agus thug an ceannaire tacaíocht do naimhde Iosraeil, Mheiriceá agus na Breataine ó tháinig sé i gcumhacht.
Rinne Gaddafi ionsaithe chomh maith ar Sead ar mhaithe le greim a fháil ar mhianaigh luachmhara sa tír sin, agus theastaigh uaidh tíortha Arabacha na hAfraice a aontú le chéile faoina cheannas féin.
- Éire. Chuir Gaddafi an-chuid armlóin ar fáil don IRA in Éirinn
- Lockerbie. Ciontaíodh gníomhairí dá chuid as an ionsaí ar eitleán paisinéirí Meiriceánach os cionn Lockerbie na hAlban sa bhliain 1992.
- Airm núicléacha. D'admhaigh an Libia sa bhliain 2003 go raibh iarracht á dhéanamh airm núicléacha a dhéanamh le cabhair ó eolaithe na Pacastáine, ach i ndiaidh deireadh a bheith curtha leis an tionscnamh sin bhí gaol níos fearr aici le tíortha an Iarthair.
Éirí amach, 2011
cuir in eagarSa bhliain 2011, mar chuid den Earrach Arabach, thosaigh éirí amach sa Libia i gcoinne réimeas Gaddafi. D'eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas gafa ar Gadaffi agus, faoi cheannasaíocht na Ríochta Aontaithe agus Fraince, thug roinnt tíortha cúnamh do na reibiliúnaigh Libiacha.
Ar 22 Lúnasa 2011 rinne na reibiliúnaigh a mbealach isteach sa phríomhchathair agus an lá ina dhiaidh sin bhris siad isteach i ndaingean Gaddafi sa chathair chéanna. D'éalaigh sé go dtí an chathair Sirte. Maraíodh ansin é ar 20 Deireadh Fómhair 2011. Bhí an chuid is mó den tír faoi smacht an Chomhairle Idirthréimhseach Náisiúnta de chuid na reibiliúnach... ar feadh cúpla seachtain.
Ainrialachas, 2011 - inniu
cuir in eagarD'imigh an tír le hainrialtacht beagnach láithreach. Agus tá an ainriail i réim sa tír ó shin i leith. Bhí an Libia scoilte ina dhá leath sa bhliain 2011-2012, Bhí an taobh thoir (ina bhfuil Benghazi) faoi riail éagsúil pholaitiúil ó iarthar na tíre, réigiún a bhfuil Tripilí agus an rialtas "oifigiúil". Tá stádas idirnáisiúnta ag an Rialtas thiar i Tripilí. [2]
Dúirt Barack Obama ar an 7 Márta 2016 go raibh praiseach d'obair a bhí ann, agus chuir sé cuid den locht ar David Cameron agus Nicolas Sarkozy.[3]
Geilleagar
cuir in eagarIs ar an ola a bhraitheann eacnamaíocht na tíre go hiomlán. Bhí daonra 6,355,000 ann sa bhliain 2008.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- libya-watanona.com Curtha i gcartlann 2006-02-09 ar an Wayback Machine
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "More than 5,300 are feared dead, thousands more are missing as eastern Libya is devastated by floods" (en). AP News (2023-09-12). Dáta rochtana: 2023-09-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-12). "Líon ollmhór marbh sa Libia - An Corrán Dearg" (as ga).
- ↑ france24.com 7 Márta, 2016