Antartaice

mór-roinn
(Athsheolta ó Antartach)

Ilchríoch atá timpeall ar an Pól Theas is ea an Antartaice. Tá an ilchríoch 14 milliún m² ar leithead.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAntartaice
Íomhá
CineálMór-roinn, limistéar geografach, terra nullius (en) Aistrigh agus part of the world (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósanti- (en) Aistrigh agus An tArtach Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtaí nó aireagóirMikhail Lazarev
Fabian Gottlieb von Bellingshausen
First Russian Antarctic expedition (en) Aistrigh (28 Eanáir 1820 (Iúlach)) Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid demórchríoch
An Antartaice
An Domhan Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilleathsféar theas Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinlimistéar an Chonartha Antartaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 90°S 0°E / 90°S 0°E / -90; 0
Le cuid
Tréithe
Pointe is ísleBentley Subglacial Trench (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  (−2,555 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Pointe is airdeVinson Massif (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  (4,892 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar14,200,000 km²
14,000,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Geolaíocht cuir in eagar

Is mór an t-eolas atá le fáil ó charraigeacha agus ó iontaisí na hAntartaice agus rian na seanaeráidí teo agus an tseanfhásra thiubh go soiléir orthu.

200 milliún bliain ó shin bhí an Antartaice i lár sár-ilchríche a dtugtar Gondwana anois uirthi. 180 milliún bliain ó shin thosaigh an ilchríoch sin ag dealú ó chéile go ndearnadh na hilchríocha atá anois ann agus iad ag scaradh go mall lena chéile ar dhroim na leac teicteonach, rud a lean ar feadh 150 milliún bliain.

D’fhuaraigh an Antartaice nuair a thosaigh an Sruth Im-mholach ag dul i gceann siúil, agus sin mar atá an scéal inniu.

Gníomhaíocht dhaonna cuir in eagar

Tá an spéis atá ag daoine san Antartaice ag méadú ón 19ú haois i leith. Bhí an Bhreatain agus an Rúis ag déanamh taiscéalaíochta ann i dtús na haoise sin, agus ba é an tIoruach Roald Amundsen an chéad duine a shroich an Pol Theas féin.

Rinne seacht dtír éileamh ar limistéir ann, éileamh nár réitíodh riamh, ach tá Conradh i bhfeidhm ó 1961 i leith chun bun dleathach a chur le ghnó na dtíortha a bhfuil bunáiteanna acu ar an ilchríoch.

 
Camp Academia, Huron Glacier

Ní raibh daoine ina gcónaí go buan sa réigiún seo riamh, ach is iomaí stáisiún taighde atá ann anois. Ag seo cuid de na tíortha a bhfuil baint acu leis an Antartaice: an Airgintín, An Astráil, An Bheilg, An Bhrasaíl, an Bhulgáir, An tSile, an tSín, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an India, an Iodáil, an tSeapáin, An Chóiré Theas, an Ísiltír, an Nua-Shéalainn, an Pholainn, an Rúis, an Afraic Theas, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is fada an Antartaice á hiniúchadh ag na heolaithe de bharr a ndéanann sí de léiriú ar réanna geolaíocha eile agus ar a bhféadfadh a bheith i ndán dúinn san am atá le teacht, go háirithe i ngeall ar athrach na haeráide. Chomh maith leis sin, tá fonn ar a lán tíortha dul ar thóir mianraí sa réigiún, rud ar mór an t-ábhar conspóide é. Faoi láthair meallann an Antartaice a lán turasóirí: déantar iarracht ar gan díobháil ar bith a dhéanamh don timpeallacht, ach ní leithne an t-aer ná an timpiste.

Ó thaobh na staire de, athraíonn daoine cibé rud a mbaineann siad dó, agus is minic a mhilleann siad é. Is cinnte go bhfágfaidh an t-athrach aeráide a rian ar an Antartaice go léir; ní fios fós céard a tharlóidh má chuirtear ladar go díreach sa mhias.

Aeráid cuir in eagar

Níl aon áit is fuaire ná an Antartaice: ar 21 Iúil 1983 thit an teocht go dtí -89.2 céim C, de réir mar a thomhais stáisiún Vostok na Rúise í. Níl aon ilchríoch is tirime ná an Antartaice ach oiread: ní fhaigheann fásaigh theo an domhain níos mó báistí ná í. Agus tá sí ar an ilchríoch is airde agus is gaofaire. Is mór an tábhacht atá leis na sonraí aeráide a bhailíonn stáisiúin thaighde san Antartaice agus in áiteanna atá gar di, agus ríomhshamhlacha á ndéanamh chun athrach aeráide a thuar.

Oighearshruthanna cuir in eagar

Tosaíonn na hoighearshruthanna ar an taobh istigh den ilchríoch agus imíonn leo go han-mhall i dtreo an chósta – chomh mall sin go mb’fhéidir go dtógfadh sé na mílte bliain ar an oighear ciumhais na farraige a bhaint amach. Is é Oighearshruth Lambert an ceann is mó dá bhfuil ann, agus é 40 cm ar leithead agus 400 cm ar fad – an t-oighearshruth is mó ar domhan.

Cnoic oighir cuir in eagar

 
Inis Booth agus Sliabh Scott san Antartaice

Cuireann áilleacht agus méid na gcnoc oighir iontas i gcónaí ar dhaoine, agus is baol do longa anois féin iad. Níl an mhórchuid de na hoighearshruthanna chomh dlúth iontu féin leis an oighear glan toisc go bhfuil beagán aeir istigh iontu. Ar bharr na n-oighearshruthanna “táblacha” tá sraith sneachta bhrúite atá tiús 50 m inti nó os a chionn, ach níl an sneachta sin chomh dlúth le hoighear glan ach oiread.

 
Loch Fryxell

Oighear mara cuir in eagar

Sa gheimhreadh reonn cuid mhaith den fharraige timpeall na hAntartaice agus téann uisce an-fhuar síos sa duibheagán, áit a dtéann sé i bhfeidhm ar shruthanna na n-aigéan. Téann an t-oighear go mór i bhfeidhm ar an atmaisféar freisin agus oibriú na n-aigéan á mhaolú aige. Bacann sé malartú na ngás (ocsaigin, dé-ocsaíd charbóin, gal uisce agus eile) agus bíonn sé ina insliú idir an fharraige agus an atmaisféar: is lú an méid teasa a chailleann an t-uisce. Chomh maith leis sin, frithchaitheann an t-oighear solas agus teas na gréine.

Is lú an salann atá san oighear mara ná mar atá sa sáile, agus an salann nach bhfuil gafa ag an oighear méadaíonn sé salandacht agus dlúithe na farraige. Is féidir leis seo dul i bhfeidhm ar chomhiompar agus ar ghluaiseacht an uisce agus cothaithigh a thabhairt aníos. Nuair a leánn an t-oighear san earrach scaoileann sé uisce níos glaine uaidh, ag cruthú sraith dhaingean uachtarach nach mbíonn chomh goirt sin.

 
Caolas Bransfield
 
Oileán Petermann

Tá mórán algae istigh san oighear nó thíos faoi, agus borraíonn siad sa tsraith ghlanuisce a thagann ann agus an t-oighear ag cúlú sa samhradh. Itheann cril an fíteaphlanctan atá ag brath ar an oighear mara, agus bíonn an chril á hithe ag míolta móra, ag rónta, ag piongainí agus eile. Síolraíonn roinnt rónta agus piongainí ar an oighear agus is féidir leis a bheith ina áit dhídine acu.

Ní bhíonn ach an chuid is lú den oighear daingean – an chuid is gaire don tír. Oighear briste is mó a bhíonn ann, é ina ngrúim de gach saghas agus iad ag méadú i gcónaí. Is minic a bhíonn stráicí d’fharraige ghlan eatarthu.

Beatha i gcontúirt cuir in eagar

an tAigéan Antartach lán de bheatha: péisteanna ollmhóra, portáin mhóra, damháin mhara atá chomh leathan le mias. Tá an seilide snámha limacina helicina ann agus toirt pónaire ann; tá dreancaidí feoiliteacha ann, míolta móra críona, seilidí glébhuí agus spúinsí feoiliteacha, agus pelagonemertes rollestoni, ainmhí trédhearcach a bhfuil a ghoile buí spréite ina gcraobhacha ag cothú gach cuid dá chorp. In áiteanna tá gach orlach den ghrinneall ceilte ag rudaí beo.

Is iad na rudaí beo is fearr a thugann léargas ar athrú timpeallachta, dála aicídiú na farraige. Tarlaíonn sin de bharr méadú dé-ocsaíde carbóin san aer, rud a bhacann fás na gcnámh.

Tá taighde á dhéanamh ar an ngaol atá idir na rudaí beo san fharraige éadomhain agus rudaí eile atá ina gcónaí sna hísleáin is doimhne. Deirtear go ndearna speicis dhifriúla imeascadh de bharr leathnú agus chúlú an oighir sna réanna a chuaigh thart. Fáisceadh mórán speiceas tuaisceartach as an Aigéan Antartach de bharr theacht agus imeacht na n-oighearshruthanna ar feadh na milliún bliain. Is féidir mórán saghsanna ochtapas a rianú siar go dtí sinsear Antartach.

 
Na Gealáin Theas / Aurora Australis

Tá an-chosúlacht idir speicis áirithe sa Mhol Thuaidh agus sa Mhol Theas, agus tá an DNA á scagadh lena fháil amach an ionann iad speicis éigin atá scoite amach ó chéile anois agus an mbíonn speicis éigin ag imeacht idir an dá mhol fós sna sruthanna doimhne.

Idir an dá linn, tá a lán speiceas (agus a lán ainmhithe gan chnámh droma san áireamh) ag tabhairt a n-aghaidhe ar na Moil ar thóir uisce níos fuaire. Ach ní thig leis na speicis atá ann cheana a mhalairt d’áit a fháil, agus beidh na gnáthóga féin ag athrú. Tá fianaise ann nach féidir leis na hainmhithe úd maireachtáil má mhéadaíonn teocht an uisce (atá an-fhuar faoi láthair) níos mó ná cúpla céim. Sna caoga bliain seo caite d’éirigh an teocht timpeall 1 °C. Beidh an chril i mbaol mar nach féidir leo pórú agus an t-uisce ró-the, rud a laghdóidh cothú na míolta móra agus eile a itheann iad.

Cúis imní eile is ea na speicis neamhdhúchasacha a d’fhéadfadh an tAigéan Antartach a bhaint amach ar longa agus an fharraige á téamh.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Mór-ranna an Domhain

 
An Afraic
 
An Aigéine
 
An Áise
 
Antartaice
 
An Eoraip
 
Meiriceá Theas
 
Meiriceá Thuaidh