Cúige Laighean
Is é Cúige Laighean[1] nó Laighin an dara cúige is lú in Éirinn, agus an cúige leis an líon is mó contaetha ann, dhá chontae déag. Is é an cúige leis an daonra is mó in Éirinn, áfach, mar gheall ar go bhfuil Baile Átha Cliath, príomhchathair na tíre, ann.
Cúige Laighean | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,630,720 (2016) | ||||
• Dlús | 132.86 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 19,800 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-L | ||||
Logainm.ie | 1165970 |
Agus na Normannaigh tagtha i dtír in Éirinn, thosaigh na sean-chúigí ar a thugtaí Midhe agus Laighin ag aontú de réir a chéile, agus tionchar na Páile á imirt orthu.
Contaetha
cuir in eagarRoinneadh Contae Bhaile Átha Cliath i gceithre chuid le gairid, mar a leanas:
Contae | Cód | Achar | Daonra | Príomhbhaile | |
---|---|---|---|---|---|
Bhaile Átha Cliath | Cathair Bhaile Átha Cliath | D | 114.99 km2 | 554,554 | Baile Átha Cliath |
Átha Cliath Theas | 222.74 km2 | 278,767 | Tamhlacht | ||
Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin | 127.31 km2 | 218,018 | Dún Laoghaire | ||
Fhine Ghall | 454.60 km2 | 296,020 | Sord | ||
Cheatharlach | CW | 897 km2 | 56,932 | Ceatharlach | |
Chill Chainnigh | KK | 2,073 km2 | 99,232 | Cill Chainnigh | |
Chill Dara | KE | 1,695 km2 | 222,504 | An Nás | |
Chill Mhantáin | WW | 2,027 km2 | 142,425 | Cill Mhantáin | |
Na hIarmhí | WH | 1,840 km2 | 88,770 | An Muileann gCearr | |
Laoise | LS | 1,720 km2 | 84,697 | Port Laoise | |
Loch Garman | WX | 2,365 km2 | 149,722 | Loch Garman | |
An Longfoirt | LD | 1,091 km2 | 40,873 | An Longfort | |
Lú | LH | 826 km2 | 128,884 | Dún Dealgan | |
Na Mí | MH | 2,342 km2 | 195,044 | An Uaimh | |
Uíbh Fhailí | OY | 2,001 km2 | 77,961 | Tulach Mhór |
Stair
cuir in eagarRoimh theacht na Normannach sa bhliain 1171, sheas Ríocht na Laighean sa chuid seo den tír, ach í i bhfad níos lú ná cúige an lae inniu, gan ann críocha amhail is an Mhí, Osraí nó na bailte Lochlannacha of Loch Garman agus Áth Cliath. Eascraíonn an chéad chuid d'ainm na ríochta ó Laighin (Laigin sa seanlitriú), treibh mhór a bhí lonnaithe sa réigiún.[2] Is éard is brí leis an chuid eile, creidtear, ná an focal Gaeilge "tír", nó an focal sean-Normannach "staðr", focail a bhfuil an brí chéanna acu.
Aontaíodh treibheanna Laighean le chéile faoi smacht Úgaine Mór, ardrí a thóg an Dún Ailinne, gar do Chill Chuilinn, meastar. Tá seans maith ann gurb eisean an chéad rí stairiúil ar na Laighean, thiar sa 7ú chéad R.C. Idir na blianta AD 175/185, tar éis tréimhse cogadh cathartha in Éirinn, athbhunaíodh ríocht na Laighean ag Cathair Mór seanscéalach. Deirtear gur thóg Fionn mac Cumhaill dún ar Chnoc Alúine, ar imeall Mhóin Alúine.
Sna 4ú agus 5ú haoiseanna AD, tar éis do Magnus Maximus An Bhreatain a fhágáil sa bhliain 383 AD lena léigiúin Rómhánacha, lonnaigh coilínigh desna Laigin i dtuaisceart na Breataine Bige, go háirithe i nInis Món, Carnarvonshire agus Denbighshire.[3] Tá Penrhyn Llŷn i nGwynedd ainmnithe astu.[4]
Sa 5ú haois, tháinig clann Uí Néill chun cinn sna Connachta agus chuireadar críocha san Iarmhí, sa Mhí agus i nUíbh Fhailí faoina smacht agus Uí Eineachghlais agus Uí Failge clóite acu.[5] Rinne ardríthe Uí Néill iarrachtaí an Bóroimhe Laighean a éileamh.
Faoin 8ú haois, bhí dhá rítheaghlach an sa chúige:[6]
- Sa tuaisceart: Murchadh mac Brain (bás 727), rí Uí Dhúnlainge
- Sa deisceart: Aodh mac Colgan (bás 738), rí Uí Chinnsealaigh
Tar éis bhás Mhurchadha mhic Dhúnlainge, rí Laigean deiridh bunaithe i gCill Dara, sa bhliain 1042,[7] tháinig chun cinn as sin amach ríthe Uí Chinnsealaigh bunaithe san oirdheisceart, i gContae Loch Garman an lae inniu.[8]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Cúige Laighean/Leinster | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Sean J Connolly (2007). "The Oxford Companion to Irish History". Oxford University Press.
- ↑ R F Foster (1992). "The Oxford History of Ireland". Oxford University Press.
- ↑ "Kings of Laigin / Leinster (Gaels of Ireland)". HistoryFiles.co.uk. Dáta rochtana: 17ú Feabhra 2018.
- ↑ Mark Clinton (2000). "Settlement patterns in the early historic kingdom of Leinster (seventh-mid twelfth centuries)". Seanchas:Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis John Byrne: 275–298. Four Courts Press.
- ↑ Seán Duffy (2005). "Medieval Ireland: An Encyclopedia": 426, 449. Routledge.
- ↑ Alfred P. Smyth (1982). "Celtic Leinster: towards an historical geography of early Irish civilization, A.D. 500–1600". Irish Academic Press.
- ↑ Edel Bhreathnach (2000). "Kings, the kingship of Leinster, and the regnal poems of "laidshenchas Laigen": a reflection of dynastic politics in Leinster, 650–1150". Seanchas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne: 299–312. Four Courts Press.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |