Liam Mac Cosgair

polaiteoir Éireannach
(Athsheolta ó Liam Cosgrave)

Ba é Liam Mac Cosgair (Liam CosgraveWilliam Michael Cosgrave i mBéarla) an cúigiú Taoiseach (ceannaire rialtais na hÉireann) (13 Aibreán, 19204 Deireadh Fómhair 2017). Bhí a athair WT Cosgrave nó Liam Tomás Mac Cosgair, i gceannas ar Éirinn ó 1922 go dtí 1932.

Infotaula de personaLiam Mac Cosgair

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Liam Cosgrave
(ga) Liam Mac Cosgair Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Aibreán 1920
Caisleán Cnucha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Deireadh Fómhair 2017
97 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Goldenbridge Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 21ú Dáil

Toghcheantar: Dún Laoghaire

Aire Cosanta
2 Nollaig 1976 – 16 Nollaig 1976
← Pádraig Ó DonnagáinOliver J. Flanagan →
Taoiseach
14 Márta 1973 – 5 Iúil 1977
← Seán Ó LoingsighSeán Ó Loingsigh →
Teachta Dála
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 20ú Dáil


Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil


Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

3 Bealtaine 1965 – 24 Aibreán 1967
Ceannaire an Fhreasúra
21 Aibreán 1965 – 14 Márta 1973
← Séamus DiolúnSeán Ó Loingsigh →
Ceannaire Fhine Gael
21 Aibreán 1965 – 1 Iúil 1977
← Séamus DiolúnGearóid Mac Gearailt →
Teachta Dála
21 Aibreán 1965 – 21 Bealtaine 1969 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 18ú Dáil


Teachta Dála
11 Deireadh Fómhair 1961 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 17ú Dáil


Teachta Dála
20 Márta 1957 – 1 Meán Fómhair 1961 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 16ú Dáil


An tAire Gnóthaí Eachtracha
2 Meitheamh 1954 – 20 Márta 1957
← Proinsias Mac AodhagáinProinsias Mac Aodhagáin →
Teachta Dála
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 15ú Dáil


Teachta Dála
13 Meitheamh 1951 – 23 Aibreán 1954 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 14ú Dáil


Teachta Dála
18 Feabhra 1948 – 2 Bealtaine 1951 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 13ú Dáil


Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh
18 Feabhra 1948 – 13 Meitheamh 1951
← Éamon Ó CiosáinDonnchadh Ó Briain →
Teachta Dála
9 Meitheamh 1944 – 11 Nollaig 1947 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 12ú Dáil

Toghcheantar: Contae Átha Cliath

Teachta Dála
1 Iúil 1943 – 10 Bealtaine 1944 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 11ú Dáil

Toghcheantar: Contae Átha Cliath

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síÓstaí an Rí Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, státseirbhíseach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Teaghlach
CéileVera Cosgrave Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLiam T. Mac Cosgair Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLiam Tomás Mac Cosgair  agus Louisa Flanagan

Find a Grave: 183993744 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Mac Cosgair i gCaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath le linn Chogadh na Saoirse. Ba mhac é le Liam T. Mac Cosgair, an chéad cheannaire ar rialtas an tSaorstáit.

Bhí Liam (agus a dheartháir, Micheál), ina ndaltaí scoile i gCarna i nGaeltacht Chonamara i 1930[1].

Bhain Mac Cosgair céim sa dlí amach i 1943 in Óstaí an Rí.

Bhásaigh an t-iarthaoiseach ar an 4 Deireadh Fómhair 2017 agus é 97 bliain d'aois. Bhí an tsochraid ar siúl i Ráth Fearnáin, BÁC. Bhí sochraid a athar ar siúl sa séipéal céanna 52 bliain o sin.

Polaitaíocht

cuir in eagar

Chláraigh Mac Cosgair le páirtí a athar, Fine Gael, nuair a bhí sé 17 bliain d’aois[2]. Toghadh é ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath den chéad uair i 1943, agus é 23 bliain d’aois.

Ceapadh Mac Cosgair ina Phríomh-Aoire sa Dáil i 1948. Tugadh aireacht dó i 1954. Ba é a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha i 1955 nuair a glacadh le hÉirinn mar bhall de na Náisiúin Aontaithe.

Bhí Mac Cosgair ina cheannaire ar an bpáirtí polaitíochta Fine Gael ó 1965 ar aghaidh. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, theip ar iarrachtaí Fhine Gael móramh a bhaint amach sa Dáil.

 
17 Márta 1976 i Washington DC, le Gerald Ford and Henry Kissinger

Cuireadh brú mór ar Cosgrave éirí as an gceannaireacht i 1969. Sheas sé an fód, mar a rinne sé go minic ina dhiaidh sin, i gcoinne na liobrálaigh óga (mar shampla Garret Fitzgerald) a bhí ag teacht chun tosaigh ina pháirtí.

Le linn Ghéarchéim na nArm, chuir Mac Cosgair brú ar an Rialtas agus ar cheannaire Fhianna Fáil dul i ngleic leis na hairí a raibh baint acu le hiompórtáil arm don IRA.

Sa bhliain 1971/1972, thacaigh Mac Cosgair le reachtaíocht de chuid an Rialtais a raibh faoi cur i gcoinne an IRA, in ainneoin go raibh cuid mhaith de bhaill a pháirtí ar son gan tacú leis na dlíthe nua.

Tháinig deireadh le réimeas sé bliana déag Fhianna Fáil ag olltoghchán 1973. Tháinig comhrialtas d’Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre i gcumhacht. D'éirigh Liam Mac Cosgairl mar Thaoiseach ar an chomhrialtas[3] agus d'fhan sé sa phost sine go dtí 1977. I measc na nAirí a cheap sé ina rialtas nua, bhí a chomharba Garret Fitzgerald, Pádraig Ó Donnagáin agus Conchúr Crús Ó Briain.

 
Cearbhall Ó Dálaigh

Ba le linn dó a bheith ina Thaoiseach:

  • Géarchéim. An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh Cearbhall Ó Dálaigh as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac Mac Cosgair le héirí as oifig Donegan. Ansin cheap Mac Cosgair Pádraig Ó Donnagáin mar Aire na Talún ag deireadh na bliana 1976.
  • Scannail. Chuir Mac Cosgair in aghaidh an bhille a thug a Aire Dlí agus Cirt féin, Patrick Cooney, os comhair na Dála i 1974 leis na dlíthe a riar iompórtáil agus díol táirgí frithghiniúna. Theip ar an mbille.
  •  
    Richard Burke T.D. (ar chlé), Ollscoil Luimneach, 1973
    Gaeilge. Fógraíodh sa Dáil deireadh leis an riail Gaeilge le bheith ina riachtanas don státseirbhís sa bhliain 1974.
  • Chomh maith leis sin, dhún an Taoiseach (le cabhair Richard Burke) na coláistí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile na hÉireann a bhí freagrach as múinteoirí nua a oiliúint sa Ghaeilge agus sna hábhair bhunscoile eile.

Tháinig deireadh le tréimhse mac Cosgair mar thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael i 1977, tar éis do Fhianna Fáil go leor suíochán a bhuachan, go mór mór i mBaile Átha Cliath. Garret Fitzgerald a tháinig i gcomharbacht air mar cheannaire ar Fhine Gael.

Choinnigh Mac Cosgair a shuíochán sa Dáil ar feadh beagnach dhá scór bliain, go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht i 1981. Fear ionraic i measc polaiteoirí a bhí i Liam Cosgrave[4].

  1. "Cuimhní cinn ar Liam Cosgrave i gCarna, mar a raibh sé ar scoil i 1930" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-04.
  2. "Liam Cosgrave, former taoiseach and Fine Gael leader, dies aged 97" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-04.
  3. "RTÉ Archives | Liam Cosgrave". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-02-04.
  4. Thursday, October 05, 2017-07:55 Am (2017-10-05). "Latest: Ex-Fine Gael leaders pay tribute to 'self-effacing, modest and kind' Liam Cosgrave" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-02-04.