Tá dhá chineál giorrúcháin ann, inisealachais agus acrainmneacha. San inisealachas, tugtar na céad litreacha de mhíreanna i dtéarmaí ilfhoclacha agus fuaimnítear iad litir ar litir, .i. AE, BSL, CIÉ, RTÉ, RnaG srl. I gcás acrainmneacha tugtar na chéad litreacha se mhíreanna i dtéarmaí ilfhoclacha, ach fuaimnítear iad mar fhocal iontu féin siolla ar shiolla, .i. SEIF, CATT,SAM srl. Ní áirítear aonais SI ar nós m (méadar), km (ciliméadar), mg (milleagram) mar ghiorrúcháin ach mar shiombailí , mar ní athraíonn siad ó theanga go teamga, ní bhíonn aon iolra acu, agus ní scríobhtar lánstadanna leo taobh amuigh den ghnáthphoncaíocht.[1] Tá roinnt de na giorrúcháin agus na hacrainmneacha seo coitianta sa Ghaeilge. Do na giorrúcháin do ghutháin phóca agus líonraí sóisialta, féach Teanga SMS.

Sampla de chomhartha dátheangach in Éirinn, le brí na n-acrainmneacha atá in úsáid air. An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara - Sea Fisheries Protection Authority
Sampla de chomhartha a bhaineann úsáid as an acrainm TCI

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

Labhraíonn Ian Malcolm le Scott de Buitléir faoi ghiorrúcháin na Gaeilge agus bealaigh éagsúla ina bhfuil an teanga ag athrú de bharr na teicneolaíochta. https://soundcloud.com/raidio-f/giorruchain-na-gaeilge-ian-malcolm-le-scott-de-buitleir

TagairtíCuir in Eagar

  1. Ar dtéarmaí féin le Fidelma Ní Ghallchobhair. lth 224. ISBN 979-1-907494-40-6,Cois Life. https://coislife.ie/product/ar-dtearmai-fein/