Dream ársa, b'fhéidir Cruithneach ó dhúchas, lonnaithe in Éirinn roimh an ré Chríostaí, ba ea an Chorca Oíche.[1]

Bunúis: Cruithne & Ulaid cuir in eagar

Ní fios fíorbhunúis Chorca Oíche. I measc seanscéalta is seanphearsana, athraíodh a gcuid staire i gcaitheamh na mblianta chúiseanna polaitiúla, mar ba ghnách le treibheanna Gealacha eile. Is féidir mar sin féin scéal a staire, idir miotasach nó eile, a insint as na hannála is seanscéalta atá ar marthain.

Más fíor gur Chrutihne iad, d'fhéadfadh go bhfuil suas síolraithe ó Oíche (Óchae), iníon Chroinn Bhadhraoi[2] de Dhál Araí, agus a mac Fearghas Fogha (Fergus Foga), de chiorrú coil lena deartháir, Fraochar Foirtre (Fróecher Furtre).[2] Deirtear gur bhrúigh Fraochar uirthi agus é ar meisce, agus tá Machaire Rátha Meisce, Contae Aontroma, ainmnithe as an eachtra seo .[3] Tá nasc mollta idir Fearghas agus with Fearghas mac Róigh laoch na Rúraíochta. De réir fhoinse amháin, ba é Fearghas a cheap an fogha (gá beag), nó ar a laghad an chéad duine in Éirinn a leithéid a úsáid .[4] Bhain sé cáil (nó míchlú) amach áfach mar rí deireanach na nUlad a bheith i réim ag Eamhain Mhacha, nuair a mharaigh é i gCath Achaidh Leithdeircc, ag troid in éadan na dTrí Colla. I ndiaidh an chatha, dóigh na Trí Colla Eamhain Mhacha chun talaimh,[5] ionghabh mórchuid de chríocha na nUlad, ar a glaodh níos deireanaí Oirialla orthu, agus bhrúigh na hUlaid soir thar an mBanna. D'fhéadfadh seo bheith ina chúis imirce.

Toisc go bhfuil mórán litrithe ar an ainm Fogha, mar shampla 'Foiche', d'fhéadfadh é gur truailliú ar Oíche atá ann. Más fíor, b'fhéidir é go raibh gaol idir Fochae (Foicheadh, Fochadh) Beag (a bhfuil dar le roinnt foinsí Corca Oíche na Mumhan síolraithe as[6]) i dteannta lena seisear mac Fiodhach, Oineann, Cronan, Caiseadha, Baithe agus Inge,[7] agus Fearghas Fogha nó a mháthair.

Molann roinnt foinsí gur de shliocht an laoich leathstairiúil, Dubhthach Daolteanga, í an Chorca.[8][9] Is féidir gabháil an ainm de shinsear baineann máthairlíneachas a chur in úil, mar ba ghnách i measc na gCruithneach.[10]

Tá nasc idir Corca Oíche agus na haitheachthuatha, dream cíosach inmhalartaithe leis na Déise, toisc b'fhéidir gur cuireadh iad le ginealach Dhál Chais tar éis na bliana 890[11][12][13] iad féin de shliocht a deirtear Déise Tuiscirt. Moladh gur chlann Uí Fiodhghinte í Corca Oíche, faoi ghéillsine b'fhéidir Uí Chonaill Gabhra.

Tá comhaontú ann b'amhlaidh, cibé a bhí a sinsear, gur thángadar as bruacha Loch nEathach, mar a insítear ina seanscéalta féin, a chreidtear gur thomhaidhm é am éigin timpeall AD 65,[14] agus b'éigean do threibheanba an cheantar dul ar imirce. Creidtear gur lonnaigh siad i gContae Mhuineacháin (An Chorr Chríochach gar de bhaile Mhuineacháin, agus An Chorr Chríochach (eile) gar de Charraig Mhachaire Rois), agus i ndeireadh na dála chomh fada ó dheas is an Mhumha.[15][16] B'fhéidir é áfach, de bharr an ghaoil le Fearghas Fogha, gurbh é cogadh seachas tuilte a chur iad ar imirce.

D'fhéadfadh é go raibh an onóir acu an chláirseach a sheinm ag cúirt rí Chaisil.[17] Níos deireanaí, rinne siad siamsa d'Iarlaí Dheasmhumhan go dtí ré Eilís I Shasana.[18]

Uí Mhacasa a deirtear a bhí ina thaoisigh Chorca Oíche,[19] agus baill an lae inniu acu amhail is Pierse Joseph Mackesy, Thomas L. Mackesy (Méara Phort Láirge 1841-42), agus Charles Mackesy. Deirtear scaití, mar shampla ar Léarscáil Sinsearacht na hÉireann le Kane, go bhfuil gaol idir Uí Mhacasa agus Éibhear Fionn, mac is sine an rí mhiotasaigh Míl, a bronnadh leath deisceartach na hÉireann air tar éis dó teacht ón Spáinn, dhá mhíle bliain roimh Chríost. Is amhlaidh seo de bharr a nasc le clann Uí Fiodhghinte tar éis dóibh lonnú i ríocht na Mumhan. Pé scéal é, dá mba Cruind ba Drui ina shinsear, is níos dóichí gur de shliocht Ír, cúigiú mac Mhíle, iad.[20]

Lonnú sa Mumhain cuir in eagar

Tar éis dóibh a n-áit chónaithe dúchais sa tuaisceart a fhágáil, lonnaigh roinnt Chorca Oíche sa Mhumhain. Deirtear gur bhronn rí na Mumhan, Ailill Flann Beag, an cheantar Cluain Baird, orthu ar tús na 4ú haoise AD.[15][21] D'fhéadfadh é gur ghleann é Cluain Baird air éigin i 'Mag Feimin', suite idir Caiseal agus Cluain Meala.[21][22] Deirtear fosta go raibh garmhac Ailealla, Conal Corc ina mac altrama na chaillí, Fidelm (aitheanta b'fhéidir mar Lair Derg), iníon Mhóethaire mhic Clithaire de Chorca Oíche.[23]

Faoin 6ú haois, is amhlaidh go raibh Corca Oíche lonnaithe níos faide siar, "ar bhruach na Máighe",[24] agus i gcomhaontas le Chiarraí Luachra (i gContae Chiarraí an lae inniu). Bhí an Ciarraí i gceannas cónaidhm treibheanna as iarthar na Mumhan, san áireamh Corca Oíche, Corca Dhuibhne, Múscraige agus eile, agus iarraidh údarás Eoghanacht Locha Léin a bhriseadh agus a ngéillsine a thabhairt go díreach go rí Chaisil.[25]

Sa bhliain 546, insítear sna hannála gur cloíodh an Chorca i gCath Chuilne "trí earnaí (impí)" Naomh Íde.[26] Ní fios go cruinn cár tharla an cath seo, ach tuigtear gurbh iad a chéilí comhraic ná fir Uí Choileáin, tiarnaí Uí Chonaill Gabhra, clann Uí Fiodhghinte, a bhí cónaí orthu gar de Chill Íde féin. Tar éis an chatha seo meastar, tháinig Corca Oíche faoi smacht Uí Fiodhghinte. Rinneadh fosta naomhphátrún Chorca Oíche de Naomh St. Íde.[27]

Is amhlaidh go raibh caidreamh teannas fós ann le hUí Fiodhghinte, dar le roinnt foinsí, óir go bhfeictear iad ag deireadh na 9ú haoise i nginealach Dhál Chais,[12][11][13] naimhde traidisiúnta Uí Fiodhghinte agus na nEoghanacht. Mar thoradh, ceanglaíodh Corca Oíche leis na aiteachthuatha, nó Déise, as ar síolraíodh Dál Chais. Faoin 10ú haois, bhí Dál Chais ag tabhairt a ndúshláin Eoghanachta Chaisil, agus is dóigh go raibh cúis pholaitiúil leis an nasc. Bhunaigh Naomh Molua Chorca Oíche mainistir Cill Dalua, suite i gcroílár chríocha Dhál Chais, agus is dócha go raibh dea-chaidreamh idir an dá threibh.

Roimh ionradh na Normannach sa 12ú haois, is amhlaidh go raibh críocha Chorca Oíche lonnaithe i Cill Íde, cuid de Mhainistir na Féile agus Monagea, is ionann go garbh is barúntacht Ghleann an Choim agus paróiste Ardach (barúntacht Sheanad anois) in iardheisceart Chontae Luimnigh an lae inniu.[24]

Na Normannaigh cuir in eagar

Tuairiscítear go raibh na Normannaigh William de Burgh, William le Petit, Thomas Fitzmaurice, Geoffrey de Marisco agus clann de Barrys uile gníomhach sa cheantar le linn na 12ú agus 13ú haoiseanna.[28] Feictear ainm na tuatha suas i bhfoinsí go dtí an 16ú.

  • 1251: ’half-cantred of Corkoyhe'[29]
  • 1298: léiríonn i ndoiciméad a dhéanann chur síos ar "extents of the lands of Thomas Fitzmaurice" go raibh ann ’sergeancy of Corkoygh’[24]
  • 1452: léiríonn "Rental of Connelloe" tuath darb ainm 'Corkoythe'
  • 1586: léiríonn "Peyton’s Survey" tuath darbh ainm 'Gortcoythe'[30]

Fianaise eile cuir in eagar

Rinne an staraí Giolla na Naomh Ó hUidhrín a fuair bás sa bhliain 1420, teacht ar clann 'Macassa' i measc phríomh clanna "Chonaill" (Uí Chonaill Gabhra, is dócha) in éineacht le clanna Uí Choileáin, Uí Mhaolchallann, Mhic Inéirí, Uí Bilraidhe agus Uí Bhearga, agus scríobh an dán a leanas:

Corco Oíche of the delightful woods,
The country of white mantles and clear streams,
A fair land of great fertility,
Is governed by O'Maolmackessy.[31]

Tá fianaise eile le fáil go raibh Corca Oiche ann sa cheantar, san ainm Baile Uí Mhacasa, suite taobh ó dheas den Chaisleán Nua. Tá Baile Uí Mhacasa eile gar de Bhéal Átha Longfoirt, Contae Chiarraí,[32] agus ceann eile fós i gContae Loch Garman.

Naomh Molua cuir in eagar

Tá gaol ag Naomh Molua leis an Corca Oíche,[33][34] agus a ainm Gaeilge ná Lugaidh Mac hUi Oiche.[27] Cartach Chorca Oíche ba ea a athair, agus Sochla, b'fhéidir Osraí, a mháthair.[35] Deir Deoise Luimnigh gur rugadh é i nArdach,[36] áit a mheastar ag an am gur de chuid críocha na corca é.

Tagairtí sna hAnnála cuir in eagar

  • CM546.2
Cath Cuilne in ro marbadh sochaidhe do Chorc' Oiche tria ernaidhe n-Ide Cluana Creadhail.
Cath Chuilne, inár maraíodh sochaí de Chorca Oíche trí impí na naomh, Ída Chluain Creadhail.
  • CS552
Bellum Cuillne ubi cecidit Corco Oche Muman per orationem Itae Cluana Creadan.
  • I553.1
Cath Cuille re Corc Óche per orationem Itae.
  • CM605.3
Mo Lua, .i. Lughaidh mac h-ui Oiche, céd-abb Cluana Ferta Mo Lua, d'ég.
Molua, .i. Lughaidh Mac hUi Oíche, chéad-ab Chluain Fhearta Molua, d'éag.

Tagairtí cuir in eagar

  1. leaganacha eile Corco Óchae, Corcu Oche, Corco Che, Corcuighe, Corcoiche
  2. 2.0 2.1 Africa, Dorothy C. (1985-01-01). "St. Malachy the Irishman: Kinship, Clan, and Reform". Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 5: 103–127. JSTOR 20557161. 
  3. "Place Names NI - Home". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-06. Dáta rochtana: 2020-04-09.
  4. Stokes, Whitley (1897). "Cóir Anmann". S. Hirzel. 
  5. "Cuid 30, Annála na gCeithre Máistrí". Dáta rochtana: 2016-12-17.
  6. Woulfe, Patrick. "Corca Oiche". Dáta rochtana: 2016-12-17.
  7. Mac Firbhisigh, Dubhaltach (2003–2004). "The great book of Irish genealogies, Leabhar Mór na nGenealach / compiled (1645-66) by Dubhaltach Mac Fhirbhisigh ; edited with translation and indexes by Nollaig Ó Muraíle". Baile Átha Cliath: De Búrca. 
  8. Mac Néill, Eoin (1929-01-01). "The Mythology of Lough Neagh". Béaloideas 2 (2): 115–121. doi:10.2307/20521566. JSTOR 20521566. 
  9. Dobbs, Margaret E. (1939-01-01). "The Ui Dercco Céin". Ulster Journal of Archaeology 2: 112–119. JSTOR 20627274. 
  10. Schlegel, Donald M. (2002-01-01). "Reweaving the Tapestry of Ancient Ulster". Clogher Record 17 (3): 689–750. doi:10.2307/27699470. JSTOR 27699470. 
  11. 11.0 11.1 Westropp, Thomas Johnson (1917-01-01). "The Earthworks, Traditions, and the Gods of South-Eastern Co. Limerick, Especially from Knocklong to Temair Erann". Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann, Cuid C 34: 127–183. JSTOR 25504213. 
  12. 12.0 12.1 Westropp, Thomas Johnson (1916-01-01). "On Certain Typical Earthworks and Ring-Walls in the County Limerick. Part II. The Royal Forts in Coshlea (Continued)". Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann, Cuid C 33: 444–445. JSTOR 25504196. 
  13. 13.0 13.1 MacNeill, John (1911-01-01). "Part 3. Place-Names and Family Names". Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann, Cuid C 31: 3.1–3.42. JSTOR 25504094. 
  14. Wright, George Newenham (1823-01-01). "A guide to the Giant's Causeway and the north-east coast of ... Antrim" (as en). 
  15. 15.0 15.1 "Ulster Journal of Archaeology" (as en) (1956-01-01). Ulster Archaeological Society. 
  16. "Ulster Journal of Archaeology" (as en) (1956-01-01). Ulster Archaeological Society. 
  17. Doherty, Charles (1980-01-01). "Exchange and Trade in Early Medieval Ireland". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 110: 67–89. JSTOR 25508776. 
  18. "Echoes of Abbeyfeale".
  19. Woulfe, Patrick. "Ó Macassa". Dáta rochtana: 2016-12-17.
  20. "Part 26 of Genealogies from Rawlinson B 502". Dáta rochtana: 2017-03-21.
  21. 21.0 21.1 "DOI: Onomasticon Goedelicum (C)".
  22. O'Donovan, Tom. "Irish Sagas: Aislinge Óenguso names". Dáta rochtana: 2016-12-26.
  23. Byrne, Francis John (2001-01-01). "Irish Kings and High-kings". Four Courts Press. “Moethaire” 
  24. 24.0 24.1 24.2 Dowd, Rev. James (1896). "Round about the county of Limerick". Luimneach: G. McKern and Sons. 
  25. Byrne, Francis John (1971-01-01). "Tribes and Tribalism in Early Ireland". Ériu 22: 128–166. JSTOR 30007606. 
  26. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 546.2
  27. 27.0 27.1 Céitinn, Seathrún (1857-01-01). "Foras Feasa ar Éirinn". P. M. Haverty. “Saint molua corca oiche” 
  28. Lyttleton, James (2005–01). "The Manor in Medieval and Early Modern Ireland" (as en). Four Courts Press. 
  29. MacCotter, Paul. "Parish, pastoral care and tuath in the diocese of Limerick" (as en). Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland. 
  30. "The Diocese of Limerick — Ancient and Medieval. Hy Fidhgente — Topography". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-02-23. Dáta rochtana: 2020-04-09.
  31. O'Clery, Michael (1845-01-01). "The annals of Ireland, tr. from the orig. Irish of the Four masters by O. Connellan" (as en). 
  32. "The Tithe Applotment Books, 1823-37". Dáta rochtana: 2017-02-17.
  33. Smyth, A. P. (1972-01-01). "The Earliest Irish Annals: Their First Contemporary Entries, and the Earliest Centres of Recording". Proceedings of the Royal Irish Academy, Section C 72: 1–48. JSTOR 25506259. 
  34. Mac Neill, John (1911-01-01). "Early Irish Population-Groups: Their Nomenclature, Classification, and Chronology". Proceedings of the Royal Irish Academy, Section C 29: 59–114. JSTOR 25502794. 
  35. Macadam, Robert (1862-01-01). "Ulster Journal of Archæology" (as en). Archer & Sons. 
  36. "Famous People in Ardagh-Carrickerry".