Dúblóga Uamacha
Is éard is dúblóga uamacha (comhaonaid, dúblóga, nathanna macallacha nó focail eamhnaithe uaireanta) ann ná nathanna beaga a bhfuil dhá fhocal iontu agus a bhfuil rím eatarthu de ghnáth. Is féidir an focal céanna a athrá nó athrú beag a bheith i gceist.

Tá an tógáil sách coitianta sa Ghaeilge, rí rá mar shampla.
Feictear samplaí amhail helter skelter sa Bhéarla, áit a dtugtar reduplicated words, reduplicatives, rhyme motivated compounds, echo words nó flip-flop words orthu.
Samplaí sa GhaeilgeCuir in Eagar
Sampla | Míniú | Foinse |
---|---|---|
beag beagadán | duine beag | |
(seolta) bocóideacha bacóideacha | bellying sails. ('chequered' dar le roinnt foinsí) | Ó Dónaill |
bog bogadán | duine bog | |
briolla bhrealla/brille bhreaille | seafóid chainte | |
briste brúite | worn out | |
bulcánta balcánta | sturdy and strong | FGB |
cling-cleaing | clang | FGB |
ciolar chiot (a dhéanamh de rud) | rud a bhriseadh ina phíosaí beaga, bia míoltóg a dhéanamh de dhuine | |
clic cleaic | click-clack/Clack-clack, trup-trap | FGB |
cliotar cleatar | racket, din | FGB |
clipthe cráite | tormented | |
clú agus cáil | fame | |
cniogaide cnagaide | tap-tap (foilsíodh rainn i bhfoirm leabhair ag Nicholas Williams faoin teideal seo https://www.cic.ie/books/published-books/cniogaide-cnagaide-leabhair-cloite Curtha i gcartlann 2016-12-07 ar an Wayback Machine) | |
cogar mogar | hugger mugger (i.e. jumble, confusion; jumbled, confused) | |
cosair-easair | litter, mess | |
croí cráite | broken heart, broken-hearted | |
dáiríre píre | ||
de dhoirte dhairte (leagan malartach: de dhorta dharta) | dartingly, suddenly. | Tá de dhorta dharta ar leathanach 226 de Deoraithe le Dónall Mac Amhlaigh. Rinne sé de dhurta dharta é, is é sin le rá go ndearna sé go tobann é gan smaoineamh roimh ré. |
dic-dic | Abhacantalóp atá dúchasach don Afraic is ea an dic-dic | |
diúra deabhra (nó dúra dara) | Bheith i do dhiúra dheabhra, to be in a state of utter confusion, to be left speechless. | FGB |
thit an drioll ar an dreall aige (Tá "thit an trioll ar an treall" ann fosta.) | he was flabbergasted; he lost courage | http://focailfholaithe.fng.ie/content/dr%C3%BAill |
dubhdóite | sick and tired | |
dúr dúramán | duine dúr | |
duth is dath | 'Bhí sé cinnte orm duth is dath í a choinneáil uaim.' | Deoraíocht, Pádraic Ó Conaire, lch 44. |
gan dubh gan dath | without a trace | FGB |
dúrtam dártam | suainseán, cúlchaint, gearrchaint, mionchaint. | |
dúirse-dáirse | ráfla, on the grape-vine. Leagan eile is ea "Dubhairt sé Dabhairt sé" an leagan Gaeilge a cuireadh ar theideal dhráma Lady Gregory a d'aistrigh An Seabhac Foilsíodh é ar an An Claidheamh Soluis ar an 29 Iúil, 1911 Suainseán, cúlchaint, gearrchaint, mionchaint. | FGB |
éasca péasca | easy-peasy | |
faoiste fáiste (a dhéanamh de rud) | to pooh-pooh sth.; a bheag de dhéanamh de rud | Leagan malartach is ea fuisteo faisteo FGB |
figear feaigear | An rud sin eile, thingamy cá hainm seo atá air | FGB |
fíge fí | a trifling thing | |
filimín fálaimín | Humpty-dumpty. | FGB |
fionna feanna | jot, nothing. "Níor fágadh fionna feanna ann" - nothing was left there; "ní fiú fionna feanna é" - it is worth nothing. | |
fite fuaite (le) | intertwined (with) (i.e. intricately associated with) | FGB |
flup flap | flop (aimnfhocal) | focloir.ie |
ag teacht go folcanta falcanta (leagan malartach folcánta falcánta) | ag teacht go neartmhar láidir | FGB |
frois frais (a dhéanamh de rud) | praiseach a dhéanamh de rud | |
Fruch frach | An míniú a thugann FGB ná: bustle, hurry, excitement. | FGB |
frumsó framsó | ||
frum fram | Fan Inti, Domhnall Mac an tSíthigh, lch 97. | |
"Fú Fá Féasóg" | fee fo fum | Sgéalta na bhFianna. Micilín Mac Donnachadha. Cárna. |
fuirseadh fairseadh (a dhéanamh de rud) | praiseach a dheanamh de rud | |
fud fad | ||
fudar fadar | praiseach; "fudar a dhéanamh de rud" - praiseach a dhéanamh de rud; Tá rudaí ar fudar fadar - things are in a state of confusion | |
fuile faile | confusion, commotion, fuss, hubbub. Leagan malartach: fuithilí faithilí | |
fuithilí faithilí: f.4. (Fuithile faithile 500 Mallacht Ort) | duine gan chrích, rud, obair, cainnte etc. gan éifeacht. Níl it fhalla ach fuithilí faithilí oibre. Cá bhfuil an leithead ná an fhuaimeantamhlacht? anuas leis ar an gcéad ghála: obair neamhcheárdamhail: abláil. Fuithilí faithilí ná deárna faic riamh i gceart: útamálaidhe gur cuma leis. | Seán a' Chóta |
fuimine farc a ghabháil ar dhuine | léasadh a thabhairt do dhuine | |
furtla fartla | fuadar, tranglam | |
futa fata/fut fat | gáróid, clismirt, cabaireacht áthais | |
géaraide goinide | a leech | |
giob geab/giub geab | pecking, mionchaint | |
ní raibh gíog ná míog as (leagan malartach 'gíocs ná míocs') | Ní raibh focal le clos uaidh | |
gírle guairle | hurly-burly (leagan malartach - gírle má guairle) Gírle-ma-guairle, 'an dusta a thagas nuair a bheitheá ag tolladh leis an tarachair, nó an trathair' dar leis An Béal Beo. | |
gliog gleaig | click-clack, chatter. (Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne) glig gleaig caint gan chiall gan éifeacht | FGB |
gogaille gó (a dhéanamh de dhuine) | to send someone on a fool's errand | |
Gugalaí gug | leabhar foilsithe ag Futa Fata. | |
bheith i do hoibín host ag duine | to be a burden-bearer, a drudge for someone | |
hip hap/hip hop | hip hop | tearma.ie, focloir.ie |
holam halam/hulam holam/hulm halm | commotion, uproar; confusion. (leagan malartach: hólam tró) | |
húirte háirte (Leagan malartach hurta harta | hubbub | FGB |
hula hairc | (call to dogs) hark (away)! | |
Hula hul | liú fiaigh Ciarraíoch - le feiceáil mar theideal ar leabhar le Seán Mac Mathúna. | |
hulach halach | commotion, uproar; noise of chase. | |
hulúiste huláiste | yo-heave-ho! | |
hurla burla | hurly-burly | |
Húrla hárla | Focail ráiméise atá le fáil i rann beag 'Húrla hárla Tuirne is carda.. | Lch 247 The Book of Aran |
hurla harla | 'tharla an hurla harla' halloo | Lch 95 Duinnín Bleachtaire |
Ní raibh húm ná hám as | There was not a sound or a move out of him | |
hurdaí-gurdaí | hurdy-gurdy | |
hurlama giúrlama | commotion, uproar | |
huth ná hath | int. Huh! Ní dúirt sé huth ná hath leis, he said nothing, was non-committal, about it. | FGB |
(teanga) liom leat | double-talk, double-dealer | Ó Dónaill |
liútar éatar | raic agus rírá | |
lí-lé | níl lí-lé déanta iniubh agum = níl aon ábhar gnótha déanta inniubh agum, níl lí-lé acu = táid dealamh, beó bocht | Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne |
longar langar | disorder, confusion | |
luchartha lochartha | decrepit | |
thit an lug ar an lag aige | he was flabbergasted, chaill sé misneach | |
lúrapóg lárapóg | ainm ar chluiche do pháistí ar buille faoi thuairim (FGB); nonsense phrase signifying the galloping of a horse (Dinneen). | FGB, Dinneen |
luthairt lathairt | raidhse, mórán | |
lumpar agus lampar | bailúchán seanrudaí; "idir lumpar agus lampar": everything included (fosta: "cruifleog") | |
míle murdal! (nó Míle murdar!) | horror of horrors! | |
idir mhioth agus mhaith | idir mhaith agus olc, de gach sórt | |
meascán mearaí | ||
mugadh magadh | humbug, farce | |
muranáin maranáin | little creatures of the sea. | FGB |
múta máta | duine gan mhaith, bodach (FGB); one who can do nothing properly (Dinneen) | FGB, Dinneen |
neam neam | s. (Child's talk) Sweet, titbit. | |
niúdar neádar | 1.trifling, indecisive, insipid talk; namby pamby. 2. Hesitant person; dead-and-alive person | |
núscar náscar | 1. insipiant talk 2. hesitant person, duine lag | |
gheall sé na hoirc is na hairc dom | gheall sé gealach is grian dom | |
ping pang | an cluiche leadóige boird - bunaithe ar an mBéarla | |
plinc pleainc | De thuairt, ceann ar aghaidh, (adv.); "dúirt sé plinc pleainc é" - dúirt sé glan amach é | Liosta Focal as Ros Muc |
plob plab | 1. bubbling, gurgling sound. 2. blubbering, incoherent speech | |
prup-prab | 'prup-prab na tine aitinn' | lch 32 Conaire Mór, Seacht nDoras na Cinniúna, Diarmuid Johnson, Leabhar Breac. |
rírá | hubbub, uproar | |
de rite reaite | faoi luas | FGB |
ruaille buaille/rúille búille | commotion, tumult, confusion | |
rup rap | buinneach agus caitheamh amach | |
rúp ráp | confusion, din | |
sciobtha scuabtha | spick and span | |
sciob sceab | scrimisc, brútam | |
sciot sceat/sciot scot (a dhéanamh de rud) | to mess up sth.; to cut up something so as only to leave the worst parts | |
seobob, siobab | m., haste, hurry, confusion, fluster; diarrhoea. cf hubub an dhob. | Dinneen |
(tá an bord seo) siugaí siú | this table is falling apart, unsteady, wobbling | |
siod sead | chit-chat | FGB |
siún sincín | confused person, exhausted person | |
sifil seaifil | '...ag síor-rith chuig dochtúirí faoi chuile shifil sheaifil. 'Chuile frois frais!' | Dialann Mo Mháthar Pádhraic Breathnach. |
sithe seatha | suainseán, cúlchaint, gearrchaint, mionchaint. | FGB |
slis sleais | Ealaín an Aistriúcháin 4: The Jabberwocky. Comhar 72 (5), 22. Antain Mac Lochlainn. | |
slubar slabar | muck, mush | |
Smid ná smeaid | focal ar bith, níor labhair sé smid ná smeaid | Foirisiún Focal as Gaillimh |
slupar slapar | an fhuaim a dhéanann uisce atá ag lapadaíl | |
smuchar smachar | 'smuchar smachar na gcapall' | lch 82 Conaire Mór, Seacht nDoras na Cinniúna, Diarmuid Johnson, Leabhar Breac. |
snasta blasta | branda seacláide | |
sniog sneag | Lagiarracht ar bhó a chrú. 'Ní raibh sé ach ag sniog sneag leis'. 'D'iarras air dhá bhuicéad a líonadh dom ach ní bhíonn sé siúd ach ag sniog sneag leis' | |
sníomhaí snámhaí | feithid (spinner FGB) | FGB, agus Rí na gCearrbhach le Seán Ó Dúrois, agus sa ghearrscéal seo http://www.feasta.ie/2014/meanf/alt4.html Curtha i gcartlann 2017-11-07 ar an Wayback Machine |
spior spear (a dhéanamh de rud) | a bheag a dhéanamh de rud | |
sputar spatar | Lch 440 Cluiche na Corónach. | |
subhach sách/súch sách | Conaire Mór le Diarmuid Johnson | |
súm sám | duine leamh, díbheo, spadaire, duine fuarspreosach, duine spadánta. | |
tamhach táisc | commotion, uproar | |
tiuf-teaf | Chiffchaff (cineál éin) | FGB |
tic teaic | tick-tack, tick-tock; "Cluineann sí tic teaic an chloig." | FGB agus lch 71, Máire Dinny Wren, Go mbeinnse choíche saor, cnuasach gearrscéalta |
toiriall tairiall | stiall craicinn ó chorpán, (a ndeirtí go raibh draíocht ag roinnt leis) | |
(Go) torpach tiarpach | all puffed up, full of pomposity. | FGB |
treillisg bhreillisg | melee | |
triopall treapall | trailing thing; disorder; confusion "Ná fág gach uile rud ina thriopall treapall" - Ná fág gach rud ina phraiseach. | |
tromach tramach | pell-mell, topsy-turvy | |
bhí *trup trap* acu ar fud an tí | bhíodar ag siúl go torannach ar fud an tí. | |
tuf taf | rancid; "Tá an sneachta alright ach is fearr liom tuf-taf é ná ina phlub-phlab" | gearrscéal Leaca an Tí Mhóir le Seán Mac Mathúna |
tuirseach traochta | exhausted | |
trut trat | sound of tramping feet, noise, din. | FGB |
Abairtí agus eileCuir in Eagar
Ina measc seo tá abairtíní beaga agus nathanna a leanann an sainmhíniú thuas nó a thagann leis de bharr litrithe.
- fudar fadar, mix up, mess FGB
- gíog (Sa nath) gíog guag a dhéanamh de dhuine, to confound s.o. utterly. FGB
- Nath, Níl ciú ná ceá aige, he is quite illiterate. FGB
- Niúidí-neáidí EID, boigeartán, Síle.
- 'siúd isteach an to-tó' Tomhas de chuid Anna Nic an Luain, focal folaithe raiméise ar luchóg.
- gib-gab, dil.ie/25821 (A.S. origin acc. to Meyer, Wortk. 78 . Cf. Scottish and N. Engl. `giff-gaff'; native formation acc. to Kelly, Celtica xxv 98 ) onomatop. unintelligible gabbling, jargon : gib-gab (gipa-gapa, giba-gapa v.ll.) na gcennaighi, Anecd. ii 72.9 . Cf. gic-goc and see Dinneen s.vv. giob , geab.
- gan frapa gan taca
- steig meig a dhéanamh de dhuine - cloigeann duine a scoilteadh focloir.ie
- Gíoc bíoc! - Peep-bo! FGB
- fuip faip - tagairt do (fhuaim?) ráipéar, An Litir, Liam Mac Cóil.
- ar bhois agus ar bhais an mhaide rámha
- bhain sé sliseóg dhe thaobh dúrach agus sliseóg de thaobh darach
- Ba mhó a shola ná a dhola, he gained more than he lost. FGB
- siúlach scéalach
- Patairín agus Patarún – leabhar le hAilbhe Ó Monacháin
- Gan “thú" gan “thá” as (David Copperfield, lch 801)
- Ó Stiúcaí Stiúgtha: Bliodar bleadar, fastaím, brille breaille, amaidí-dú-dá, truflais smuflais, réiméis raiméis
- Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire 'D'eirghi sé go hú, há, go neart a chrá[mh]...'
- 'hólas bólas' - Alan Titley - Is fíor go raibh níos mó oideachais orainn seachas mar a bhí aimsir Vítneaim, ach shílfeá nach slogfaí a leithéid hólas bólas arís.
- fiosach feasrach “Níl dochar a bheith fiosach feasrach an uair atá ann”. Nó ‘fiosrach feasrach’, b’fhéidir. Tá ‘fiosrach’ san fhoclóir agus níl ‘fiosach’. Níl aon sampla eile de ‘fiosach’ ach amháin ag Seán Mac Meanman.
- Ící Pící - Amhráin nuachumtha do pháistí
- brútam prúcam prácam Alan Titley https://www.irishtimes.com/culture/treibh/coincr%C3%A9it-anuas-ar-chne%C3%A1-1.3460643
- Trumpaí Dumptaí agus an Falla Mór
- 'Humtí Dumtí' aistriúchán Gaeilge ar an rann cáiliúil in An Tigh a Thóg Seáinín le Pronnséas Ó Súilleabháin.
- Filimín Failimín - Humpty Dumpty Nicholas Williams Lastall
- Munachar agus Manachar - Tweedledum and Tweeldledee Nicholas Williams Lastall
- Hurú! Hurá! mar aistriú ar Callooh! Callay! an Gheabairleog, Williams
- Fuadar ná feadar Peadar Ua Laoghaire
- Súistín búistín - ón amhrán Léim Thart le Des Bishop agus ón rann Lúrabóg, Lárabóg."
- Lumpar is Lampar - 'bhailíodar Lumpar is Lampar lasmuigh den sceallóglann...' Muiris Ó Meára.
"Lúrabóg Lárabóg, buidhe ó n-Éirinn, Éire plubán, plubán súlach, súil na gcaorach, dhá chéad lumán, lumán, láthaigh, súistín, búistín, buille bheag ar bhéicín, buille bheag ar bharr na gcos agus cnap isteach an fhaoideóig bhuidhe."
- Dúidín dáidín (An ruidín deas a chaill mé, Go lige Dia na nGrásta Go bhfaighidh mé aríst é.) ón amhrán An Dreoilín.
- Tá léimeadáin againn, preabadáin, siúladáin, scioradáin, cnagadáin, lupadáin, lapadáin, súistín, búistín, agus dib-a-deáb-a-dúistín againn. Tuairisc https://tuairisc.ie/ta-leimeadain-preabadain-siuladain-scioradain-cnagadain-lupadain-lapadain-suistin-buistin-agus-dib-a-deab-a-duistin-againn/
- Gígí Gaigí Iontais - Ainm Gaeilge a cumadh mar leagan ar Wibbly Wobbly Wonder. https://tuairisc.ie/cen-ghaeilge-ata-ar-wibbly-wobbly-wonder-agus-loop-the-loop/
- Aililiú Pililiú Jeepers Creepers Ingemar Lejonborg Pádraig Ua Maoileoin 1982 A0741 agus san amhrán An Poc ar Buile.
- tamhach, s. (In phrase) ~ táisc, commotion, uproar. FGB
- Gogaí bogaí - gogaí (Child’s name for) egg. Duinnín ar an Sceilig.
- Rann beag ag Brian Ó Baoill faoi na méara: Ordóg, colagóg, méar fuda fada, mac an aba, lúirín beag ina luí sa log is é ag baint fug do mhamaí.
- taoile tuile
- scríb scrob
- Fear scrob scrab (veidhleadóir)/Ag imirt ar a scríob scrab. lch 18 Cín Lae Amlaoibh
- gíc goc Stair na Gaeilge.
- Hong Cong
- Cu-cú - gairm an éin, an chuach. NEID
- Tic Teac - dráma le Púca Puppets
- ho hó, int. Oho! FGB
- had dad = háidí 1. = int. (Admonishing child) Ha! Aha! 2 :ha. FGB
- prúta práta - sa scéal An Tríú Scéal Déag, lch 204 le hAlan Titley
- Trupall Trapall, Rainn bheaga ón mbéaloideas do pháistí óga, 1972, An Gúm, Clíodna Cussen
- sníc píc - feicthe in úsáid
- slug slag (gib gab i mBéarla) á rá ag foileán, http://www.potafocal.com/beo/?s=slug+slag
- na briathra foisteanacha faisteanacha, lch 1 An Béal Beo le Tomás Ó Máille.
- Chun gur dhein an bhean so leongó liúngó dhom chroí. Casadh an tSúgáin.
- fuis-fais, ciall- ráiméis. Sampla(í) Úsáide: Níl sa sgéal ach fuis fais. (Focail Fholaithe) féach fuis fáis in EID agus FGB a deir gur leagan de faoiste fáiste é seo.
- liop-a-leap; sin é an t-iasg go dtugann na béarlóírí “Sunfish” air “Sáimhín” ainm eile air. ó An Chéad La Iasgaigh ag Garsún leis an údar Common Noun.
LIOP-A-LEAP / LIOP-A-DA-LEAP, seanfhocal: Chomh sámh le liop-a-da-leap.
- Tharraing sé (leis) é ar an iarach agus ar an árach, he tugged at it every way he could, dragged it along as best he could.
- och óch! och ochón! Alas! FGB
- hoibín host, s. 1. (a) Load carried on back. (b) Child being carried pick-a-back. 2. Bheith i do ~ ag duine, to be a burden-bearer, a drudge, for s.o. (Var:hoibín hos)
- had dad = háidí
- Haid aid! = have at you! (in beginning a fight) (Con.). Duinnín
- 'fear frélic agus froilic, i seomra nó i halla, 'Sea Dónal na Gréine,' Dónal na Gréine, lch 146, An Blas Muimhneach, Imleabhar II.
- FGB leathadh leathadh lúitheach, numbness (of hands from cold).
- (Nath) Go breas nó go treas, by hook or by crook. (FGB)
- Tá na focail 'mirlín murláin' ag Doireann Ní Ghríofa ina dán Míreanna Mearaí, cé nach dublóg ó cheart an struchtúr.
- Humpty Dumpty. (Leagan Ciarraíoch.)
Tá Filimín Falaimín i n áird' ar an bhfalla. Thuit Filimín Falaimín anuas ar an dtalamh; Dá dtagadh dháréag agus triúr agus dachad N'Fhéadfaidís filimín Falaimín a chuir i n áird' ar an bhfalla.
- 'Níl fuis ná fais ar do chuid cainte, a Thómais Taobh Istigh' Cré na Cille
- cliop-cleab - sa dán An Seanmharcach le Séamus Barra Ó Súilleabháin
- Ní raibh cor ná cor as - Kahlil lch 262
- Paisean Faisean clár teilifíse a bhí ar TG4
- Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPláinéad Marz leabhar leis an scríbhneoir Ré Ó Laighléis.
- Rann páistí Ó Cnuasacht Trágha le Mícheál Ó Síocháin
"Sleithide [seilmide] búrtach, bártach, Cuir amach do adharca Atá na ba bána Ag ól do chuid meidhge."
- dil deail - braon leachta, uisce nó mún cuir i gcás, Pádraig Ó Cíobháin, An Gealas I Lár na Léithe, lch 295.
- lústar flústar, lch 157 Bláth na dTulach, Sámhnas Shábha gearrscéal le Máire Dinny Wren agus le fáil i bhfoclóir an Mhianánaigh (a flurry of excitement)
- sciobtha scuabtha, spick and span (FGB)
- murach marach An Cléireach, Darach Ó Scolaí Lch 155
- Blíps agus Blúps, banna ceoil ag Body&Soul 2022.
- Gígeam agus Geoigeam agus Bol Bocht a Lógam, Scéal Béaloidis as Oileán Reachlann, ba é Domhnall Mac Mhuircheartaigh an cainteoir.
- ding deaing - fuaim cloig, An tEitleán Dofheicthe, Cathal Ó Sándair.
- Mat agus Muta, Clódhanna Teoranta (1978) le Clíodna Cussen.
- Plub! Plab! Plip! Plipidíplabadaíplubaidí! - cur síos ar fhuaim na báistí ag Bridget Bhreathnach ina colún ar Tuairisc.ie https://tuairisc.ie/plub-plab-plip-plipidiplabadaiplubaidi/
- Na carachtair Seacláid, Sicláid agus Siocláid sa leabhar An Sicín Glas. Leabhairín saor in aisce do pháistí le Ivan Parvov. Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge air. Is féidir é a léamh anseo: https://bubutales.com/pdf/TheGreenCh[nasc briste go buan]
- 'jingil jeaingil' gearrscéal Alan Titley, An Ceathrú Rí, ar Tuairisc.ie
- Tá ceann le clos san amhrán Seán Gabha ó Oirghialla, 'Buail seo, Seán gabha, buailimis(t) go teann é, Síodram seodram, síodram seodram, Méadaígí an t-amhrán.
- An rann seo a luaitear ar lch 49, Machnamh Seanmhná, Peig Sayers.
Do dhún mo rosc is is olc mar tá mo chiall Tá lagar im chois is stoca bán faoim ghiall; Ní fada a bheidh och ná boch ag mnáibh i mo dhiaidh Ach is fada a bheidh corp na loicht ag fail na bpian.
- Thá tú id mhungó mhangó ~ tá tú gan bhrí (Díolaim Dhéiseach)
- Bíonn an nath 'ar bhocht agus ar nocht' ann uaireanta
- Púcaí Schmúcaí: bailiúchán dánta agus rann do pháistí, leabhar le Gabriel Rosenstock
- gan í gan ó, foinsí éagsúla. Ag an gCadhnach is cosúil gutr 'gan deacracht;' is ciall leis. Ag Máire Dinny Wren seans gur gan fhuaim atá i gceist. https://www.duchas.ie/en/cbes/4602714/4597887/4631704?ChapterID=4602714
- Manrán Banrán, tríréad téadach a sheinn ag Éigse na Bruiséile
- cric-creaic an traona sa mhóinfhéár taobh leis.' lch 188, An Bheirt Dearbhráthar agus Scéalta Eile le Máiréad Ní Ghráda
Samplaí i nGaeilge na hAlbanCuir in Eagar
- fìth-fàth masc - mist of invisibility (or the power to produce said mist) (féth fíada sa Ghaeilge)
- fàth-fìth masc -mist of invisibility (or the power to produce said mist)
- sù-sì - súisí/sushi ACDD
- rù-ra - haphazard, jumbled The Gaelic-English Dictionary - Colin B.D. Mark
- Hoilibheag Hilibheag - focail ráiméise san amhrán Smeòrach Clann Dòmnaill
- "Cha bhi agad ach gigein air gach goigein dhìot" - rud a mhaoidheas fuamhairean gu tric ann an sgeulachdan, a' ciallachadh rud mar "pronnaidh mi tu nad mhìrean".
SeanGhaeilgeCuir in Eagar
- áimh tháimh / ám [t]hám ‘siar agus aniar’, Thurneysen
- Ám [t]hám - cuid de shraithe péirí a chiallaíonn ‘siar agus aniar’ (O’Rahilly 1973‒4).
- adall tadall ‘visit re-visit’
- aile taile
FoinsíCuir in Eagar
- Foinse FGB nó Dinneen seachas uimh. 21 is uimh. 70. Maidir le huimh. 69, seans go gciallaíonn sé 'd'ardchaighdeán', 'an-mhaith', 'an-deas'.
- LISTSERV.HEANET.IE
- Tá eolas breise le fáil i mBéaldoideas, 1988, lch 141-152 agus ar http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/corpus/macalla/
- 10459.
Ní Dhomhnaill (Cáit): Dúblóga uamacha Gaeilge. In Béaloideas 56 (1988), pp. 141–152
A collection of alliterative and riming doublets in Irish. Includes (§8) an excursus on the possible derivation of fionna feanna
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ M. Haspelmath, M. S. Dryer, D. Gil, B. Comrie (2005). "World atlas of language structures". Oxford: Oxford University Press. OCLC 252699579.