Drámaíocht na Gaeilge

(Athsheolta ó Dramaiocht na Gaeilge)

Níor fhréamhaigh traidisiún ceart drámaíochta sa Ghaeilge riamh roimh an 19ú haois, cé go raibh an litríocht, an scéalaíocht agus an ceol thar a bheith bríomhar in Éirinn ó thús. Is éard ba chúis leis an easpa sin, b'fhéidir, nach mbíodh drámaí reiligúnda á léiriú i nGaeilge mar a bhíodh i dteangacha eile sna meánaoiseanna, go háirithe sna bailte móra. Ní hé nach raibh Gaeilge á labhairt sna bailte céanna, ach ba láidre amuigh faoin tuath í, agus modhanna inste eile á n-úsáid ag an gcultúr chun é féin a chur in iúl.

An Taibhdhearc i nGaillimh
Amharclann an Damer ar Fhaiche Stiabhna fadó

Ó aimsir Athbheochan na Gaeilge amach d’fhás traidisiún nua drámaíochta i nGaeilge, cé go raibh sé ag dul rite leis riamh pobal dílis a mhealladh agus drámaí fiúntacha a chur ar fáil. Mar sin féin, d’éirigh leis roinnt drámadóirí nótáilte a sholáthar, agus tháinig compántais ar an bhfód a bhí in ann lucht féachana a aimsiú. Tá mórán ag brath fós, áfach, ar mhaoiniú stáit.

Más í an Athbheochan a chuir tús le drámaíocht na Gaeilge, níor tháinig aon spionnadh ceart inti go dtí timpeall 1930, cé go raibh sí lag go leor fós. I measc na ndrámadóirí nua a tháinig chun cinn bhí Máiréad Ní Ghráda, Séamus Ó Néill, Eoghan Ó Tuairisc, Seán Ó Tuama agus Críostóir Ó Floinn. Bhí a leithéidí ag brath go mór ar chompántais ollscoile agus ar ghrúpaí amaitéaracha, agus páirt mhór san obair ag An Comhar Drámaíochta, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, An Damer agus Amharclann na Mainistreach. Ach ní raibh (agus níl fós) lucht féachana buan ann mar atá ag drámadóirí Béarla, agus ba dheacair riamh teacht ar dhrámadóirí oilte cheal traidisiún seanbhunaithe a ligfeadh do scríbhneoirí a gceird a fhoghlaim.[1]

Tá sé áitithe gurb annamh a bhí drámaíocht na Gaeilge lonnaithe go smior i dtraidisiún domhanda na drámaíochta i dtreo go rachadh sí i ngleic le hamharclann na nGréagach nó le saothar drámadóirí móra ar nós Ibsen, Chekhov, StrindbergShakespeare féin: “Bíonn borradh agus fás (agus feabhas is dócha) ar an ealaín nuair a fheictear an dioscúrsa, agus an choimhlint, idir an traidisiún áitiúil agus traidisiún eachtrannach”.[1]

Deirtear nach mór an chabhair é go mbíonn drámaíocht na Gaeilge ag brath i gcónaí agus go mór ar dhaoine atá ag obair san amharclann go páirtaimseartha. Mar sin féin, tá sé cruthaithe ag compántais éigin gur féidir drámaíocht na Gaeilge a chothú ach airgead stáit a fháil: na Fánaithe, Amharclann de hÍde, Fíbín, Aisling Ghéar agus Branar.[1]

Deirtear gur féidir sean-dánta áirithe a áireamh mar dhrámaí toisc iad a bheith ina gcomhrá beirte; sampla díobh sin is ea an tAgallamh idir Fiontán agus Seabhac Acla, dán a breacadh síos san 14ú haois. "Inis dúinn ábhar d’eachtra," a deir Fiontán agus freagraíonn an Seabhac go binn é.[2] Ach is léir gur dán drámata atá i gceist anseo seachas dráma ceart.

Ba mhinic tréithe drámata ag baint leis na cluichí tórraimh—Éisteacht Faoistine, abair, nó Na Táilliúirí. Daoine ag aithris ar dhaoine eile, daoine ag déanamh páirt sagairt agus mar sin de—cluichí a ligfeadh duit cuma shamhlaíoch a chur ar an saol, ach nár fáisceadh drámaí cearta astu.[3]

Ní raibh Éire gan traidisiún ceart drámaíochta, mar sin féin, fiú más i dteanga eile é. Dealraíonn sé go raibh drámaí den saghas a luadh thuas á léiriú i mBéarla i mbailte móra na hÉireann chomh fada siar leis an 14ú haois, agus tá tuairisc againn ar léiriú an dráma Gorboduc sa bhliain 1601 sa Halla Mór i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Chuir seo cor nua san fhaisean agus ar feadh tríocha éigin bliain ina dhiaidh sin ba mhinic drámaí á léiriú i dtithe móra ar fud na hÉireann. Nuair a tháinig na Stíobhartaigh i réim arís i Sasana sa bhliain 1661 tháinig beocht úr sa drámaíocht i mBaile Átha Cliath: cuireadh amharclann nua ar bun ann (Smock Alley), ceann a mhair chomh fada le tús an 19ú haois, nuair a tháinig amharclanna eile ar an bhfód.

Na chéad drámaí Gaeilge

cuir in eagar

Faoi dheireadh an 19ú haois bhí fuinneamh nua ag teacht sa Ghaeilge, rud a d'fhág a rian ar an drámaíocht. Chuir Conradh na Gaeilge roimhe an teanga a chur in oiriúint don saol nua, agus tháinig iarraidh ar aon rud a scríobhadh i nGaeilge. Sa bhliain 1895 d’aistrigh Seán Ó Neachtain an dráma An Cailín Bán (le Dion Boucicault), agus gan ann ach tús oibre.

Ar an 21 Deireadh Fómhair 1901, léiríodh an chéad dráma riamh as Gaeilge, "Casadh an tSúgáin" ó láimh Dhubhghlais de hÍde, sa Gaiety i mBaile Átha Cliath. Is beag duine ab oilte ar an gceird nua ná de hÍde, gníomhaí, scríbhneoir agus béaloideasóir, agus as an mbéaloideas a tarraingíodh scéal an dráma.

 
Dubhghlas de hÍde, timpeall na bliana 1912.

Drámaí simplí ba ea a leithéidí agus an chuid ab fhearr acu greannmhar agus blasta. Sampla maith is ea Eachtra na mBróg, dráma le Seán Ó Caola (a litriú féin) a foilsíodh sa bhliain 1918.[4] Tugann lánúin, agus iad i riocht mná feasa, cor in aghaidh an chaim do bheirt bhithiúnach, agus fíor-bhlas na Gaeltachta ar an gcaint go léir.

An Chéad Bhithiúnach: [Agus iontas air.] Cé hé tusa, in ainm na haimléise?
Bean an Tí: Aibhlís na gCloch a thugann daoine orm.
An Chéad Bhithiúnach: Agus cén bhadhb mhór sin atá i d'fhochair?
Bean an Tí: Siúd í mo chompánach bóthair. Ach dá bhoirbeacht í do chaint, deirim arís libh gur ádhmharach an bheirt sibh, gur ádhmharach an bheirt sibh.
 
Peadar Ua Laoghaire

Chuaigh slua scríbhneoirí de gach saghas i mbun pinn ag an am sin. B'fhéidir bolscaireacht a dhéanamh trí dhrámaí den saghas seo, mar a rinneadh in An Deoraidhe, dráma i n-aghaidh imtheachda thar sáile; deir bean a chaith tamall i Meiriceá agus í ag caint faoin scéal thall "go bhfuil níos mó daoine as Éirinn sna tithe déirce ná mar atá as chuile thír eile sa domhan, dá gcuirfí le chéile ar fad iad!"[5]

Sa bhliain 1900 scríobh an Athair Peadar Ó Laoghaire an dráma Tadhg Saor. Léirigh Craobh an Pharóiste Thuaidh de Chonradh na Gaeilge é i Halla Mhuire, Corcaigh, Lá ’le Pádraig 1902 (tá cuntas ag Éamonn an Chnoic, nó Éamonn Ó Donnchadha, ar an léiriú sin in Banba, Bealtaine 1902)[6].

1910-1940idí

cuir in eagar

Níor mhair mórán drámaí ó aimsir na hAthbheochana; scríobhadh iad chun náisiúnachas a neartú thar aon rud eile. Sa bhliain 1913 bhunaigh Piaras Béaslaí Na hAisteoirí, compántas a bhíodh ag obair i mBaile Átha Cliath agus i nGaeltacht na Mumhan, agus ba é Béaslaí féin a scríobh agus a léirigh cuid mhaith de na drámaí. Bhí baint aige freisin leis an gComhar Drámaíochta, dream a tháinig ann sa bhliain 1923 agus a léirigh neart drámaí ar feadh scór blianta. Nuair a bunaíodh an Saorstát bhí fonn air drámaíocht Ghaeilge a chothú agus tháinig An Comhar Drámaíochta ar an bhfód in 1923. Amaitéaraigh a bhí páirteach ann ach d’éirigh leo a lán drámaí a léiriú. Orthu sin bhí Dorchadas (1924), dráma eispriseanaíoch le Liam Ó Flaithearta. Bhí sé in ísle brí faoi na 1930idí. Sa bhliain 1942 chuaigh Amharclann na Mainistreach i mbun oibre thar ceann an Chomhair, agus drámaí Gaeilge á léiriú go tráthrialta aici, cé gurbh annamh dráma fada le feiceáil ann.[7]

 
Piaras Béaslaí

Athbhunaíodh Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1939 tar éis dó a bheith díbheo le tamall, agus bhí sé ag cothú na drámaíochta le comórtais as sin amach, cé gur dheacair drámaí a léiriú taobh amuigh den Oireachtas féin. Rinne Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cúrsaí drámaíochta a chur ar siúl, mar a rinne Conradh na Gaeilge freisin. Níos faide anonn bhí eagraíochtaí eile, leithéidí Gael-Linn, Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus eile, ag cuidiú leis an obair.[8]

Sa bhliain 1928 bhunaigh Séamas Ó Beirn Taibhdhearc na Gaillimhe, amharclann a bhí dlite do dhrámaí Gaeilge agus a fuair maoiniú ón stát chuige. Is ann ba thúisce a léiríodh Diarmuid agus Gráinne, dráma cáiliúil le Mícheál Mac Liammóir, aisteoir, léiritheoir agus scríbhneoir a bhí ar an lucht drámaíochta ba nótáilte in Éirinn. Bhí sé féin agus a pháirtí Hilton Edwards i mbun Amharclann an Gheata (Gate Theatre) i mBaile Átha Cliath freisin, áit a bunaíodh sa bhliain 1928 agus blas Eorpach ar a cuid léirithe.[8]

 
Mícheál Mac Liammóir
 
Breithiúnas le Mairéad Ní Ghráda
 
Ghlac Caitlín Maude an phíomh-pháirt sa chéad léiriú den dráma An Triail

1950—2000idí

cuir in eagar

Luigh Amharclann na Mainistreach isteach ar na geamaireachtaí ón 1940idí amach, agus ar dhrámaí gearra, ach níor bhac siad le drámaí fada. Mar chúiteamh ar an bhfaillí seo tháinig compántais nua ann, go háirithe 37 Theatre Club i Sráid Bhagóid. Bhí éileamh i gcónaí ar amharclann bhuan i gcomhair drámaí i nGaeilge agus bunaíodh An Phéacóg Nua mar chuid d’Amharclann na Mainistreach. Léiríodh sí geamaireachtaí, aistriúcháin drámaí clasaiceacha agus drámaí bunaidh. Orthu siúd bhí Tagann Godot ó láimh Alan Titley (1990) agus The Winter Thief/Gadaí Géar na Geamh-Oíche ó láimh Sheáin Mhic Mhathúna (1992), agus léiríodh a lán drámaí le hAntoine Ó Flatharta sna 1980idí agus sna 1990idí. Thugtaí drámaí ar thuras sna Gaeltachtaí. Faoi láthair, áfach, níl drámaí fada Gaeilge á léiriú.[7]

Bhí tábhacht ar leith le hAmharclann an Damer, áit a raibh léirithe proifisiúnta agus amaitéaracha le feiceáil i nGaeilge ó na caogaidí amach.

Amharclann Ghaeilge ab ea An Damer a bhí suite i Halla Damer, ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath. Ba é Gael Linn a thionscnaigh Amharclann an Damer agus a stiúir é ó 1955 go dtí 1976.[9]

Bhí baint ar leith ag An Damer le saol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Bhí An Chlub Drámaíochta ann agus tháinig borradh dá réir faoin drámaíocht amaitéarach. I measc na ndrámadóirí bhí Eoghan Ó Tuairisc, Seán Ó Tuama, Breandán Ó Beacháin agus Máiréad Ní Ghráda, agus bhí stiúrthóirí gairmiúla ag obair ann. Chothaigh An Damer léiritheoirí óga den chéad scoth agus cuid acu ag plé go gairmiúil le hobair léirithe nó aisteoireachta ina dhiaidh sin: Niall Tóibín, Noel Ó Briain, Seán Ó Briain, Dónall Farmer agus eile.[10]

Is iomaí duine ar thug An Damer deis dóibh a dtallann aisteoireachta a thabhairt chun foirfeachta. Orthu sin bhí Áine Ní Mhuirí, Máire Ní Ghráinne, Breandán Ó Dúill agus Fionnula Flanagan. Bhí amaitéaraigh a shroich ardchaighdeán aisteoireachta, ach go háirithe Séamas Ó Tuama agus Séamas Páircéir.[10]

Ba é An Damer a chéadléirigh "An Giall", dráma géar le Breandán Ó Beacháin, in 1958. Léiríodh drámaí nua eile sna 1960idí, leithéidí "Cóta Bán Chríost" agus "Cití", agus aistriúcháin - "Amphytron 38", dráma le Jean Giradoux, mar shampla. Rinneadh amharclann phroifisiúnta de in 1978 ach tháinig deireadh leis an deontas stáit in 1981 agus dúnadh na doirse. Tháinig compántais nua ann, leithéidí Deilt in 1982 agus Amharclann de hÍde in 1992, ach ní raibh spás buan acu.[7]

Lean an Taibhdhearc uirthi ag léiriú idir dhrámaí bunúla agus aistriúchán agus moladh tuillte ag a lán acu, ach bhí aighneas riamh faoi cé acu den dá chineál ba chóir a chur chinn. Bhí gá ag an Taibhdhearc i gcónaí le scripteanna nua agus lena dóthain maoinithe chun a bheith ina hamharclann náisiúnta.[7]

Roinnt drámadóirí

cuir in eagar

Is liosta le lua iad na daoine go léir a chum drámaí ar feadh na mblianta, cé nach foláir tagairt a dhéanamh do Shéamas Ó Néill, do Chríostóir Ó Floinn agus do Mhairéad Ní Ghráda i measc a lán eile.

 
An dráma de chuid Bhreandáin Uí Bheacháin, An Giall (SNG Drama i Ljubljana) agus dialóg iontach ann

Ó Floinn a scríobh Cóta Bán Chríost (1968), dráma a tharraing aird agus conspóid—cailín cráifeach taghdach diamhair (Máire) a iarrann ar shagart (an tAthair Iúd) a bheith ina athair ag a leanbh. Tugtar le fios gurb í Muire féin í, ach imíonn sí faoi dheireadh: “A Iúid, a chroí istigh, más fíor go mbíonn an imirt sin eatarthu, is cárta mise a ghoid an diabhal ó Dhia, nó Dia ón Diabhal…”.[11]

 
Breandán Ó Beacháin

Dráma corraitheach eispriseanaíoch ba ea An Triail (1964) ó láimh Ní Ghráda: dráma faoi chailín a bheireann leanbh gréine agus a mharaíonn í: “Mharaigh mé mo leanbh de bhrí gur cailín í. Fásann gach cailín suas ina bean. Ach tá m’iníon saor”.[12]

Siobhán Ní Shúilleabháin a scríobh Cití (1975), dráma cráite filiúnta greannmhar faoi chailín óg ón nGaeltacht (ar nós Ní Shúilleabháin féin tráth) agus fonn uirthi imeacht:

"Tá an ghráin agam ar an áit seo. Ó bhíos an airde sin níl uaim ach í fhágaint. Tá mo dheirfiúracha agus mo dheartháireacha go léir imithe roimh aisti agus mo chairde. Níl faic anseo ach fiántas agus follús agus uaigneas. Chíonn tusa an áit seo anois agus an pictiúir inti agus rírá agus cuileachta inti. Mar a gcéanna a bhíonn sa samhradh nuair a thagann na cuairteoirí. Ach chonacsa sa gheimhreadh í, geimhreadh ar gheimhreadh, sochraid ar shochraid".[13]

Pósann sí, tagann an chlann, tá sí gafa. Imíonn sí faoi dheireadh. Tá nádúrthacht, liriciúlacht agus beocht i gcaint Ní Shúilleabháin atá ar iarraidh i saothar a leithéidí eile.

 
"Ré" in Amharclann Ghaoth Dobhair

An scéal mar atá

cuir in eagar

Faoi láthair tá na hamaitéaraigh faoi réim, go háirithe Aisteoirí Bulfin. Compántas eile is ea Fíbín agus tairbhe á bhaint acu as stíl fhisiciúil agus mascanna. Bunaíodh Aisling Ghéar in 1997 i mBéal Feirste agus suim acu i modhanna nua léirithe. Léiríonn siad drámaí trí Ghaeilge amháin, idir dhrámaí bunúla agus aistriúcháin. Tugtar cúnamh éigin do Bhéarlóirí ar son na tuisceana.

Tá beocht sa drámaíocht áitiúil i gcónaí agus iarraidh ar an agallamh beirte, rud a d'eascair as an véarsaíocht thraidisiúnta. Is é An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta atá freagrach as drámaí amaitéaracha Gaeilge a chur chun cinn. Sa bhliain 2009 rinne Aisteoirí Ráth Chairn dhá léiriú den dráma Bairbre Rua ag féilte drámaíochta i Ráth Chairn agus ar an gCeathrú Rua. D'éirigh le Seán Mac Donncha gradam aisteoireachta a bhaint amach ag an bhféile ar an gCeathrú Rua.

 
Amharclann i nGaoth Dobhair

Bíonn Féile Drámaíochta na gColáistí ar siúl gach bliain a mbíonn ábhar nuachumtha, seanbhunaithe, aistriúcháin is eile i gceist leis. Aistríonn an fhéile thart ó choláiste go coláiste nó go hionaid éagsúla gach bliain.

Dúshláin

cuir in eagar

Fágadh amharclannaíocht ghairmiúil na Gaeilge sna 2000idí “gan acmhainní cearta, gan scríbhneoirí agus gan stiúrthóirí”, agus thar a bheith dúshlánach teacht ar stiúrthóirí chun dráma a léiriú, nuair nach raibh scríbhneoirí nua ag teacht chun cinn”.[14]

Ag an am céanna, tá na gnáthfhabhbanna ann i gcónaí: lucht féachana scaipthe, aighnis pholaitiúla agus idé-eolaíocha, ganntanas aisteoirí proifisiúnta agus stiúrthóirí oilte. Ní dhéanann Gaeilge bhlasta aisteoir maith (ná a mhalairt).

De réir thorthaí an taighde a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta in 2024, tá easpa lárphleanála ag cur as go mór d’fhorbairt dhrámaíocht na Gaeilge. Tá géarchéim ann chomh maith ó thaobh lucht féachana a fháil don drámaíocht i nGaeilge.[15] Bhíodh an gréasán cumann amaitéarach “níos fairsinge agus níos ilghnéithí” san am atá caite agus tá laghdú ar líon na gcumann “go háirithe cumainn sna coláistí tríú leibhéil”; mar shampla, níl aon chumann drámaíochta ag feidhmiú san Ollscoil na Gaillimhe sna 2020idí.[15]

Níor léiríodh drámaí Gaeilge le fada ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach agus gur go fíor-ócáidiúil a léirítear drámaí Gaeilge ar stáitse na Péacóige.

Fógraíodh maoiniú breise d’Amharclann na Taibhdheirce sa bhliain 2024.[16] Ach deirtear go mba “líonmhaire agus rialta go mór” san amharclann le tamall “na léirithe Béarla ilchineálacha” ná “na léirithe ócáidiúla Gaeilge”.[15]

Níl aon chraobh Ghaeilge ag Youth Theatre Ireland agus nach bhfuil “aon saineolas ar leith” san eagraíocht maidir le drámaíocht na Gaeilge. Tá “ról tábhachtach” á imirt ag an gCumann Scoildrámaíochta i réimse an oideachais ach níl “próifíl ard nó feasacht leathan ann maidir le hobair an chumainn…” Níl “aon bhéim ar leith ar na healaíona” ag Cumann na bhFiann, an cheanneagraíocht do dhaoine óga atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge.[15]

Níl aon amharclann dlite do dhrámaíocht Ghaeilge i mBaile Átha Cliath faoi láthair.[7] Tá sé le féachaint an dtiocfadh spionnadh nua i ndrámaíocht na Gaeilge de bharr borradh a theacht faoi líon na nGaeilgeoirí sna cathracha, go háirithe i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i nDoire.

Staraithe agus léirmheastóirí

cuir in eagar

Rinne a lán staraithe scrúdú ar ghnéithe de dhrámaíocht na Gaeilge agus Philip O'Leary, Pádraig Ó Siadhail, Nollaig Mac Congáil agus Éadaoin Ní Mhuircheartaigh ina measc. Tá Pat Buitléir, Róisín Ní Ghairbhí, Brandy Mac Gearailt, Fiach Mac Conghail, Trevor Ó Clochartaigh, Seán Ó Tarpaigh agus Breandán Delap ar na léirmheastóirí is mó a thug aird ar an drámaíocht chéanna.

  • Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín. Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar Tta (1979)
  • O’Leary, Philip. An Underground Theatre: Major Playwrights in the Irish Language, 1930–80. UCD Press (2017). ISBN: 9781910820155

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Léirmheas le Fiach Mac Conghail ar An Underground Theatre: Major Playwrights in the Irish Language, 1930–80, Philip O’Leary, UCD Press (2017). ISBN: 9781910820155: ComharTaighde, https://comhartaighde.ie/eagrain/5/macconghail/.
  2. The Colloquy between Fintan and the Hawk of Achill: https://celt.ucc.ie//published/G109001/index.html. Féach freisin Anecdota From Irish Manuscripts, edited by O.J. Bergin, R.I. Best, Kino Meyer, J.G. O’Keeffe, Vol. I. Hodges, Figgis & Co., Ltd. 1907
  3. Ó Súilleabháin, Seán. Caitheamh Aimsire ar Thórraimh. An Clóchomhar 1961. ISBN 978-1-906883-04-1
  4. Ó Caola, Seeán, Eachtra na mBróg, MH Gill & a Mhac 1918
  5. Ua Tuathail, Lorcán, An Deoraidhe, dráma i n-aghaidh imtheachda thar sáile, Conradh na Gaeilge, MH Gill & a Mhac, An Cló-Chumann 1906
  6. www.ainm.ie. "Tadhg Saor". Dáta rochtana: 2018.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 Brian Ó Conchubhair, “Twisting in the Wind: Irish language Stage Theatre 1884-2014,” in Nicholas Grene & Chris Morash, The Oxford Handbook of Modern Irish Theatre, Oxford University Press, 2016
  8. 8.0 8.1 Caerwyn Williams, J.E. & Ní Mhuiríosa, Máirín. Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar Tta. 1979: lgh 376-378
  9. RTÉ, clár "Féach". "Cuairt ar Amharclann an Damer". Dáta rochtana: 2018.
  10. 10.0 10.1 Ní Chinnéide, Máiréad. "An Damer: Stair Amharclainne". Gael-Linn 2008.
  11. Ó Floinn, Críostóir. Cóta Bán Chríost: Dráma Trí Ghluaiseacht. Sáirséal agus Dill 1968.
  12. Ní Ghráda, Mairéad. An Triail: Dráma Dhá Ghníomh. An Gúm 1995.
  13. Ní Súilleabháin, Siobhán, Cití, Sáirséal agus Dill 1975.
  14. iarchathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce, Aodh Ó Coileáin (2024-03-06). "€1 milliún breise le fógairt don Taibhdhearc, straitéis náisiúnta do na healaíona Gaeilge le seoladh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-06.
  15. 15.0 15.1 15.2 15.3 "‘Géarchéim ar leith’ i ndrámaíocht na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-01). Dáta rochtana: 2024-03-06.
  16. os cionn €1 milliún breise d’amharclann náisiúnta na Gaeilge thar thréimhse ceithre bliana, 2024-2027, méadú suntasach ar an deontas bliantúil €320,000 a bhfuair an Taibhdhearc ó Roinn na Gaeltachta go dtí 2023