Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2009
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Tharla Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2009 idir 12 agus 16 de Mhí na Bealtaine i Staid Olimpiyski (Staid Oilimpeach) i Moscó, An Rúis. B'é sin an 54ú leagan den chomórtas.
Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2009 | ||
---|---|---|
Dátaí | ||
Dáta Leath Deiridh 1 | 12 Bealtaine 2015 | |
Dáta Leath Deiridh 2 | 14 Bealtaine 2015 | |
Dáta Deiridh | 16 Bealtaine 2015 | |
Óstach | ||
Ionad | Olympic Indoor Arena, Moscó, an Rúis | |
Láithreoirí | Natalia Vodianova Andrey Malahov Ivan Urgant Alsou Abramova | |
Craoltóir óstach | Channel One | |
Rannpháirtithe | ||
Líon na Iontrálacha | 42 | |
Tíortha rannpháirteacha don chéad uair: |
None | |
Tíortha ag filleadh: | ||
Tíortha a tharraingt siar: | An tSeoirsia | |
Léarscáil Rannpháirtíochta | ||
██ Tíortha Rannpháirtí. ██ Tíortha nár airleacan chun an deiridh ón deiridh leath. ██ Tíortha a ghlac páirt san am atá caite, ach ní i 2009 | ||
Vóta | ||
Córas vótála | Vótaí gach tír 12, 10, 8-1 pointí le haghaidh gcuid is fearr leat deich iontrálacha. | |
Pointe null | None | |
Amhrán a bhuaigh | An Iorua "Fairytale" | |
Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse | ||
Athraíodh an próiseas vótála nuair a thugadh isteach an giúiré náisiúnta arís i dteannta teileavótála. Bhí dhá babhta leathcheannais i leagan an chomórtais sin. Ghlac 42 tír sa chomórtas; d’fhógair An tSlóvaic go bhfillfeadh sí ar ais sa chomórtas, ach tharraing San Mairíne siar as an gcomórtas de dheasca fadhbanna airgeadais. Ar dtús d’fhógair An Laitvia agus An tSeoirsia go dtarraingeoidís siar, ach dúirt Aontas Craolacháin na hEorpa níos moille go nglacfaidís páirt sa chomórtas go deimhin. Ach sa deireadh bheartaigh An tSeoirsia tarraingt siar as an gcomórtas nuair a dhiúltaítear a hamhrán mar deirtear gur sárú rialacha a bhí ann.
Bhuaigh An tIorua an comórtas leis an amhránaí Alexander Rybak agus a amhrán “Fairytale”. Fuair an t-amhrán 387 pointe – curiarracht a bhí ann mar níor fuair aon amhrán eile an méid sin i rith stair na hEoraifíse. Fuair an Íoslainn an dara háit agus fuair An Asarbaiseáin an tríú háit.
Ionad
cuir in eagarTharla an comórtas sa Rúis mar bhuaigh Dima Bilan an bhliain roimhe sin i mBéalgrád leis an amhrán “Believe.” Dúirt Vladimir Putin, Príomh-Aire na Rúise, go dtarlódh an comórtas i Moscó.
Mhol Bealach a hAon an comórtas a hóstáil i Staid Oilimpeach Mhoscó agus luacháil Aontas Craolacháin na hEorpa an moladh sin agus sa deireadh cinntítear ar 13ú Meán Fómhair 2008. Shéan Ardstiúthóir an ionaid, Vladimir Churilin, ráflaí faoi atógáil éigeandála an fhoirgnimh agus dúirt sé: “Ní gá atógáil do Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse. Anois tá fairsinge do 25000 breathnóir ann.”
Dearc-dhearadh
cuir in eagarD’fhoilsigh an óstchraoltóir, Bealach a hAon, fo-lógó agus téama an chomórtais ar 30 Eanáir 2009. Tá an lógó bunaithe ar “Éan Fantaise” agus is féidir é a úsáid lena lán dathanna. Mar bhlianta roimh ré, foilsítear an fo-lógó in éineacht leis an lógó cineálach. B'é 2009 an chéad bhliain ó 2001 nach raibh mana don comórtas.
Bhí an t-ardán ceaptha ag John Casey, dearthóir seite atá suite i Nua-Eabhrac, agus bhí sé bunaithe ar théama avant-garde Rúisigh comhaimseartha. Cheap Casey an t-ardán do Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 1997 i mBaile Átha Cliath agus bhí baint aige lena foirne deartha do na comórtais i 1994 agus 1995.
Bhí na cártaí poist (gearrfíseáin idir na gníomhartha) mar seo a leanas:
- Taispeánann Miss World 2008, Ksenia Sukhinova, na cártaí poist dúinn.
- Láthraíonn foirgnimh, séadchomharthaí agus tírdhreachaí cáiliúla ón tír áirithe ar an scáileán agus cruthaíonn siad leathnaigh 3T.
- Ansin, filleann Sukhinova ar ais agus tá sí ag caitheamh hata déanta as na foirgnimh sin agus ag caitheamh t-léine le dathanna ó bhrat na tíre sin. Ar dheis, nochtann lógó an chomórtais agus ainm na tíre.
- Ansin, nochtann leagann cainte as Rúisis agus an t-aistriúchán (Mar shampla: “Spasibo” = Thank You)
Tíortha pháirteacha
cuir in eagarChinntigh 42 tír a bpáirteachas sa chomórtas, An tSlóvaic san áireamh (don chéad bliain ó 1998).
Ar dtús, d’fhógair An tSeoirsia go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón comórtas de bharr cogaidh na hOiséite Thuaidh i 2008 agus chun agóid a dhéanamh ar pholasaí eachtrach na Rúise. Ach níos moille, bheartaigh sí chun filleadh ar ais don comórtas faoi spreagadh a bua i gComórtas Amhránaíochta Sóisearach na hEoraifíse i 2008 agus an 12 poine a bhfuair sí ón Rúis. Ach sa deireadh, tharraing sí siar ón comórtas mar mheastar go raibh tagairtí polaitíochta ina hamhrán.
Bhí ráflaí ann faoi pháirteachas San Mairíne agus Mhonacó. Dheimhnigh Télé Monte Carlo (TMC), craoltóir Mhonacó, go raibh siad i gcomhchainteanna le h Aontas Craolacháin na hEorpa faoi pháirteachas sa chomórtas i 2009. San am céanna, bhí ráflaí ann go tarraingeodh Radiotelevisione della Repubblica di San Marino (SMRTV), craoltóir San Mairíne, siar ón gcomórtas mar gheall ar drochthoradh sa chomórtas i 2008. Sa deireadh, bhí ar SMRTV tarraing siar ón gcomórtas de dheasca fadhbanna airgeadais.
Tharraing craoltóir na Laitvia, Latvijas Televīzija (LTV), siar ón gcomórtas de réir cosúlachta ar an 17ú Mí na Nollag 2008, trí lá tar éis spriocdháta an pháirteachais. Tharla é sin mar gheall ar sriantachtaí buiséid – bhí laghdú de níos mó ná 2 mhilliún lati (timpeall 2,8 mhilliún euro) i mbuiséad an chraoltóra agus mar sin ní raibh LTV in ann táille an pháirteachais a íoc. Dheimhnigh LTV gur chuir siad ACE i bhfios do raibh sé ar intinn acu tarraingt siar ón gcomórtas mar gheall ar fadhbanna airgeadais amháin. Ansin, bhí comhchainteanna idir LTV agus ACE chun réiteach a fháil a choimeádfadh an tír sa chomórtas. Ar 20ú Mí na Nollag 2008, d’fhógair LTV go dtarraingeodh sí siar ón gcomórtas agus nach mbeadh pionós airgeadais curtha ar an gcraoltóir. D’fhógair LTV go raibh sé ar intinn acu filleadh ar ais don chomórtas i 2010. Ach ar 12 Eanáir 2009, fógraíodh go nglacfadh An Laitvia sa chomórtas i 2009.
Roghnaigh gach tír a n-iontrálaí don chomórtas trína bpróiseas roghnúcháin féin. Roghnaigh tíortha éigin a n-iontrálaí trí roghnúchán inmheánach – sin nuair a roghnaíonn an craoltóir áirithe an t-amhrán agus an t-amhránaí. Bhí babhta ceannais náisiúnta ag tíortha eile nuair a roghnaigh an pobal an t-amhrán, an t-amhránaí, nó iad araon. Faoi dheireadh na tréimhse roghnúcháin, roghnaigh dhá thír amhránaí a ghlac páirt sa chomórtas cheana féin – Chiara a rinne ionadaíocht ar Mhálta in 1998 agus in 2005, agus Sakis Rouvas a rinne ionadaíocht ar an Ghréig in 2004.
Formáid
cuir in eagarTharla an babhta ceannais an chomórtais ar an 16ú Bealtaine 2009 i Staid Oilimpeach i Moscó, An Rúis. Bhí dhá babhta leathcheannais roimhe sin ar 12ú agus 14ú Bealtaine. Ghlac seacht dtír déag páirt i gceann de dhá bhabhta leathcheannais an chomórtais. Bhí ceithre thír (An Fhrainc, An Ghearmáin, An Spáinn agus An Ríocht Aontaithe), a ghlaoitear “Ard-Cheathair” air, chomh maith leis an óst-thír, An Rúis, réamh-cháilithe don babhta ceannais. Chomh maith leis na tíortha réamh-cháilithe, cháiligh na deich tír is fearr ó gach aon babhta leathcheannais agus mar sin, bhí cúig thír is fiche sa bhabhta ceannais.
Bhí díospóireacht ar athruithe formáide an Chomórtais 2009 le linn cruinnithe Aontais Craolacháin na hEorpa, a tharla in Aithin, sa Ghréig i Mí Mheithimh 2008. Le linn an chruinnithe sin, moladh chun an “Ard-Cheathair” a chur ar ceal agus dá dtarlódh é sin, cailleadh an “Ard-Cheathair” a n-áit sa bhabhta ceannais. Ach sa deireadh, dearbhaíodh go gcoimeádfadh na tíortha sin a gceart chun cáiligh don babhta ceannais go huathoibríoch.
Vótáil
cuir in eagarDe chionn gearán leanúnach craoltóirí faoi vótáil pholaitiúil, chomarsanúil agus diaspóra, mheasúnaigh ACE an nós imeachta vótála a bhí i bhfeidhm sa chomórtas agus mhachnaigh siad ar athrú a thabhairt isteach maidir leis an córas vótála i 2009. Sheol eagraithe an chomórtais ceistneoir maidir leis an gcóras vótála chuig craoltóirí páirtíochta agus ansin chuir grúpa tagartha a bhfreagra san áireamh agus iad ag ullmhú moladh do formáid na bliana dá éis sin. Mhol Televizja Polska (TVP), craoltóir na Polainne, chun giúiré idirnáisiúnta, mar an ceann a úsáideadh i rith Comórtais Damhsa na hEoraifíse 2008, a thabhairt isteach chun tionchar vótála comharsanaí a laghdú agus béim níos láidre a chur ar luach ealaíonta an amhráin.
Mar sin, socraíodh chun an giúiré a thabhairt isteach arís do bhabhta ceannais an chomórtais. Bheadh vóta gach aon tíre comhdhéanta de 50% an teileavótála agus 50% an ghiúiré náisiúnta. I ngach aon babhta leathcheannais, roghnaíodh 9 thír trí theileavótáil. Maidir leis an deichiú tír ó gach aon babhta leathcheannais, roghnaíodh an tír le na pointí is mó ar chlár scóir an ghiúiré tionlacain nach raibh cáilithe cheana féin agus lean an tír sin go dtí an babhta ceannais. Ag an babhta ceannais, chuir gach aon tír a bpointí (1 go 8, 10 agus 12) ón teileavóta agus pointí a ngiúiré le chéile chun “scórchárta náisiúnta” a chruthú. Fuair an tír lena pointí is mó 12 pointe, fuair an tír sa dara háit 10 bpointe agus araile. Dá dtarlódh comhscór, bhuafadh an tír leis an vóta teileavótála is aired. Cuireadh deireadh le giúiréithe náisiúnta ar dtús i 1997 agus d’éirigh teileavota ina cheangal do beagnach gach tír ó 2003.
Cionroinnte phota
cuir in eagarAr 30ú Eanáir 2009, tharla an tarraing chun cinneadh ar na tíortha a bheadh sa chéad babhta leathcheannais agus sa dara babhta leathcheannais. Scoilteadh na tíortha pháirteachta i sé phota bunaithe ar phatrúin vótála i gcomórtais roimh ré. Ansin tharla tarraing ó na sé phota chun cinneadh ar an babhta leathcheannais ina ghlacfadh na tíortha. Socraíodh chomh maith go vótáilfeadh An Ghearmáin, An Spáinn agus An Riocht Aontaithe sa chéad babhta leathcheannais agus vótáilfeadh An Fhrainc agus An Rúis sa dara babhta leathcheannais. Tharla an tarraing do hord reatha na babhtaí leathcheannas, babhtaí ceannas agus ord vótála ar 16ú Márta 2009.
Pota 1 | Pota 2 | Pota 3 |
---|---|---|
Pota 4 | Pota 5 | Pota 6 |
Torthaí
cuir in eagarTíortha sna babhtaí leathcheannas
cuir in eagarGhlac seacht dtír déag páirt in dhá babhta leathcheannais an chomórtais.
Babhta leathcheannais a haon
cuir in eagar- Tharla an chéad babhta leathcheannais i Moscó ar 12ú Bealtaine 2009.
- Vótáil An Riocht Aontaithe agus An Ghearmáin sa bhabhta sin.
- Léiríonn péitseog na tíora a cháiligh don babhta ceannais.
- Léiríonn líon an iontráil roghnaithe leis an giúiré chun dul go dtí an babhta ceannais.
Babhta leathcheannais a dó
cuir in eagar- Tharla an dara babhta leathcheannais i Moscó ar an 14ú Bealtaine.
- Vótáil An Fhrainc agus An Rúis sa bhabhta sin. Bhí sé in ainm An Spáinn a vótáil sa bhabhta sin chomh maith, ach mar gheall ar earráidí sceidealaithe, craoladh an babhta ródhéanach agus ní raibh breathnóirí sa Spáinn in ann vótáil agus mar sin úsáideadh vóta giúiré na Spáinne ina áit.
- Léiríonn péitseog na tíora a cháiligh don babhta ceannais.
- Léiríonn líon an iontráil roghnaithe leis an giúiré chun dul go dtí an babhta ceannais.
Babhta ceannais
cuir in eagarB'iad na hiontráilí:
- An “Ard Ceathair” (An Fhrainc, An Ghearmáin, An Spáinn agus An Riocht Aontaithe)
- An ost-thír – An Rúis
- Na naoi tír leis an scór is mó ón chéad babhta leathcheannais chomh maith le saoróg ó na giúiréithe.
- Na naoi tír leis an scór is mó ón dara babhta leathcheannais agus chomh maith le saoróg ó na giúiréithe.
Tharla an babhta ceannais i Moscó ar an 16ú Bealtaine ag 23.00 UTC +3 (19.00 UTC) agus bhuaigh An Iorua.