Úsáideoir:MALA2009/Tíreolaíocht na hÉireann

Déanann tíreolaíocht na hÉireann cur síos ar oileán in iarthuaisceart na hEorpa san Aigéan Atlantach thuaidh. I measc phríomhghnéithe tíreolaíochta na hÉireann tá lármhánna ísle le fáinne de shléibhte cósta timpeall orthu. Is é Corrán Tuathail an bhinn sléibhe is airde, agus é 1,041 méadar (3,414 troigh) os cionn leibhéal na mara. Is garbh é cósta an iarthair le mórán oileán, leithinsí, ceann tíre agus cuanta. Déanann an tSionainn dhá leath den oileán. Is í an abhainn is faide in Éirinn í, 259 km (161 míle) ar fad, le hinbhear 113 km (70 míle), agus ritheann sí ó dheas ó Chontae an Chabháin i gCúige Uladh go dtí go sroicheann sí an tAtlantach díreach ó dheas ó Luimneach. Tá líon lochanna atá mór go maith feadh aibhneacha na hÉireann. Is é Loch nEathach an ceann is mó.

Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, cuimsíonn an t-oileán an stát, Éire, le dlínse ar thuairim is cúig shéú den oileán; agus Tuaisceart Éireann, comhthír denRíocht Aontaithe, le dlínse ar an séú cuid eile. Tá sí suite taobh thiar d’oileán na Breataine Móire, ionann agus na comhordanáidí 53°N 8°W. Is é 84,412 km² (32,591 míle²) achar iomlán na tíre. Scarann Muir Éireann í ón mBreatain agus is í an Mhuir Cheilteach a scarann í ó mhórthír na hEorpa.

Forbairt gheolaíoch cuir in eagar

Go bhfios dúinn, tá an charraig Éireannach is sine tuairim is 1.7 billiún bliain d’aois agus tá sí ar fáil ar Inis Trá Tholl amach ó chósta Chontae Dhún na nGall. I gcodanna eile de Dhún na nGall, tháinig eolaithe ar charraigeacha a bhí ina sil-leagain oighreacha ar dtús. Léiríonn sé sin, sa luath-thréimhse sin, go raibh cuid den tír – a bheadh mar thír na hÉireann ina dhiaidh sin – i ngreim ag oighearaois. Ach mar gheall ar iarmhairtí arduithe ina dhiaidh sin, tá sé nach mór dodhéanta na luathshraitheanna carraige sin a chur de réir ord ceart.

Tuairim is 600 milliún bliain ó shin, ag deireadh na ré Réamhchaimbriaiche, roinneadh mórchríoch na hÉireann in dhá chuid. Bhí leath amháin ar an taobh iartharach den Aigéan Iaipéitis agus an leath eile ar an taobh oirthearach. Bhí an dá cheann acu ag an domhanleithead de thuairim is 80° ó dheas, gar don áit a bhfuil an Afraic thiar thuaidh sa lá atá inniu ann. Ó na rianta d’iontaisí a fuarthas ag Ceann Bhré i gContae Chill Mhantáin, bhí Éire faoi bhun leibhéal na mara ag an am sin.

Thar an 50 milliún bliain ina dhiaidh sin, shíob an dá chuid sin i dtreo a chéile, go dtí gur tháinig siad le chéile tuairim is 440 milliún bliain ó shin. Léiríonn iontaisí a fuarthas gar do Cheann Chlochair, Contae Lú, teacht le chéile fána líne chladaigh ón dá thaobh den bhunaigéan dealaithe. Foirmíodh sléibhte iarthuaisceart na hÉireann le linn an imbhuailte, mar aon leis an eibhear a fhaightear in áiteanna i nDún na nGall agus i gCill Mhantáin. Bhí mórchríoch na hÉireann os cionn leibhéal na mara faoin am sin agus í ina luí gar don mheánchiorcal. Tháinig rianta iontaisí de bheathachruthanna ar talamh slán ón tréimhse sin. Ina measc tá crainn iontaisithe ó Chill Torcáin, Contae Chill Chainnigh, iontaisí forleithne d’iasc cnámhach agus de dhiúilicín fionnuisce agus loirg d’amfaibiach ceathairchosach arna leasú i scláta ar Dhairbhre, Contae Chiarraí. Foirmíodh Sean-Ghaineamhchloch Rua ag an am sin chomh maith.

Idir 400 milliún agus 300 milliún bliain ó shin, chuaigh iarthuaisceart na hEorpa – Éire san áireamh – faoi fharraige the ar mhórán cailciam. Foirmíodh mórsceireacha coiréil sna huiscí sin, agus sa deireadh cruthaíodh an aolchloch astu a chomhdhéanann tuairim is 65 % d’fhorscreamh an oileáin go fóill. De réir mar a thráigh na huiscí, bhí foraoisí trópaiceacha agus corcacha ag fás go maith. Sa deireadh foirmíodh gual as an smionagar plandúil a tháinig astu sin, agus creimeadh an chuid is mó de ina dhiaidh sin. Tugadh an ré Charbónmhar ar an tréimhse sin, agus chríochnaigh sí le gluaiseacht theicteonach bhreise, rud a shíob Éire níos faide ó thuaidh. De thoradh ar an mbrú a tháinig as sin, foirmíodh na sliabhraonta agus na cnocraonta Éireannacha sin a shíneann soir ó thuaidh go siar ó dheas.

Faoi 250 milliún bliain ó shin, bhí Éire ag domhanleithead na hÉigipte sa lá atá inniu ann agus bhí aeráid fhásaigh inti. B’ag an am sin a rinneadh formhór den ghual agus den ghaineamhchloch a chreimeadh. Bhí páirt-éifeachtaí ag an gcreimeadh sin ar na sraitheanna caolaaolchloiche i ndeisceart na tíre. Chuir an dé-ocsaíd charbóin agus fachtóirí eile isteach ar an aolchloch a nochtadh ó d’imigh a forscreamh gaineamhchloiche. Bhí tírdhreach carstach ann mar thoradh air seo agus tá sé le feiceáil fós sa Bhoirinn i gContae an Chláir. Go gairid i ndiaidh na tréimhse sin, thosaigh smionagar orgánach sna farraigí timpeall na hÉireann ag foirmiú na sil-leagan gáis nádúrtha agus peitriliam a bhfuil ról ríthábhachtach acu anois i ngeilleagar na hÉireann. Ansin, tuairim is 150 milliún bliain ó shin, chuaigh Éire faoi uisce arís, an uair sin i bhfarraige chailceach. Mar thoradh air sin bhí foirmiú cailce thar chodanna móra den dromchla. Tá rianta den chailc ann fós faoin laibhe bhasailt a fhaightear in áiteanna sa tuaisceart.

Tuairim is 65 milliún bliain ó shin, thosaigh an ghníomhaíocht bholcánach a d’fhoirmigh an laibhe sin. Foirmíodh na Beanna Boirche agus sléibhte eile sa chuid thuaisceartach den oileán de thoradh na gníomhaíochta sin. Ag an am sin bhí coinníollacha aeráide te agus bhí rath agus bláth ar fhásra. Rinne smionagar glasraí i logán Aontroma sil-leagain de ghual donn nó lignít a fhoirmiú, atá gan láimhseáil fós sa lá atá inniu ann. Leis an aimsir the bhí an-chuid báistí ann agus chuir sé sin dlús le próisis chreimthe agus le foirmiú foirmeacha carstacha tírdhreacha.

Faoi 25 milliún bliain ó shin, bhí Éire gar don áit ina bhfuil sí anois. Mar thoradh ar an tréimhse fhada chreimthe bhí roinnt mhaith d’fhoirmiú ithreach ann agus bhí an chuid is mó den fhorscreamh charraige clúdaithe. In áiteanna a raibh draenáil mhaith iontu, ba éard a bhí sa chlúdach ná ithir dhonn nó liath. In áiteanna nach raibh draenáil mhaith iontu, ba í an chré dhubh ba mhó a bhí iontu. De réir mar a fhuaraigh an aeráid, mhoilligh an foirmiú ithreach agus thosaigh flóra agus fána ag fás. Milliúin de bhlianta ina dhiaidh sin bheadh eolas maith ag na chéad áitritheoirí daonna ar an bhflóra agus ar an bhfána sin. Faoi thart ar thrí mhilliún bliain ó shin, bhí tírdhreach na hÉireann, mar atá sé faoi láthair, foirmithe a bheag nó a mhór.

Ó thart ar 1.7 milliún bliain ó shin, tá an Domhan i ngreim timthrialla de thréimhsí teo agus fuara agus cinnte bhí éifeacht ag na tréimhsí sin ar Éirinn. An fhianaise is luaithe atá againn ar an éifeacht sin, is ón tréimhse ar a dtugtar Céim The Ballylinian, a tháinig sí, tuairim is leathmhilliún bliain ó shin. Ag an am sin, bhí formhór na gcrann, a cheaptar anois gur crainn dhúchasacha Éireannacha iad, bunaithe ar an oileán cheana féin. Ba é gníomhú an oighir le linn na dtréimhsí fuara an príomhfhachtóir a bhain le tírdhreach na hÉireann a thabhairt go dtí an cruth atá air anois.

I measc éifeachtaí sofheicthe an oighir ar an tírdhreach tá foirmiú gleannta oighreacha mar Gleann Dá Loch i gCill Mhantáin agus foirmiú comlochanna nó lochanna oighreacha. Cruthaíodh droimníní as sil-leagan na mullóg smionagair faoin oighear leá. Is gné choitianta iad na droimníní den tírdhreach thar an taobh thuaidh de lár na tíre. Foirmíodh sruthanna faoin oighear chomh maith agus foirmíodh eascracha as an ábhar a rinne na sruthanna sin a shil-leagan. Is í Eiscir Riada an ceann is mó díobh agus roinneann sí an leath tuaisceartach agus an leath deisceartach den oileán. Tráth dá raibh, bhí an eiscir sin mar an príomh-mhórbhealach a nasc cóstaí an oirthir agus an iarthair. Is éard is Machaire ann ná talamh féaraigh íseal duimhche agus is machairí atá ar nach mór leath den imeallbhord.

Carraigeacha agus cineálacha ithreach cuir in eagar

Is aolchloch clúdaithe le sil-leagain oighreacha de chré agus de ghaineamh atá san ísealchríoch mhór láir, agus tá portaigh agus lochanna go forleathan inti. Tá Móin Alúine ar cheann de na portaigh is mó. Tá éagsúlacht mhór i struchtúr geolaíoch na sléibhte cósta. Is sean-ghaineamhchloch rua le gleannta abhann aolchloiche atá sna sléibhte sa deisceart. I nGaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, an Dún agus Cill Mhantáin, is eibhear atá sna sléibhte den chuid is mó, agus is ardchlár basailt atá i gcuid mhór d’oirthuaisceart na tíre. Is áit shuntais é Clochán an Aifir i gContae Aontroma. Is basalt atá ann den chuid is mó a foirmíodh ó ghníomhaíocht bholcánach idir 50 agus 60 milliún bliain ó shin. Bhí na basailt mar chuid bhunaidh d'Ardchlár Inis Tuile a foirmíodh le linn na tréimhse Pailéigéine.

Is iondúil gur móinte agus gléirigh nach bhfuil draenáilte go maith, lena n-áirítear podsail mhóinteacha, a bhíonn sna hithreacha sa tuaisceart agus san iarthar. Ar an taobh eile, is donnithreacha agus podsail dhonna agus podsail liatha-dhonna iad na hithreacha sa deisceart agus san oirthear. Is ithreacha saorshilteacha a fhaightear sna háiteanna sin freisin. Léirítear seo sa dáileadh báistí ar an oileán. Is iad na réigiúin is measa ó thaobh draenála de ná na réigiúin a mbíonn an méid is mó báistí iontu.

Tá timpeallacht neamhghnách i dtuaisceart Chontae an Chláir, i gceantar ar a dtugtar an Bhoirinn. Is buncharraig aolchloiche, le beagán ithreach nó gan ithir ar bith sna háiteanna is faide isteach, atá sa tírdhreach seo atá cosúil le carst. Tá an iliomad slogaidí ann agus imíonn an t-uisce dromchla isteach sna poill sin tríd an dromchla de charraig phóiriúil. Tá córais fhairsinge de phluaiseanna foirmithe in áiteanna. Is i bpluais Pholl an Eidhneáin, gar do Dhúlainn, atá ceann de na haolchuisní is faide a bhfuil eolas faoi ar domhan.

Sliabhraonta cuir in eagar

In Éirinn, is ceantar íseal clárach atá i lár na tíre den chuid is mó, timpeallaithe le sliabhraonta mar (ag tosú i gContae Chiarraí agus ag dul tuathal) na Cruacha Dubha, Sléibhte an Chomaraigh, na Staighrí Dubha, Sléibhte Chill Mhantáin, Beanna Boirche, Glinnte Aontroma, Sliabh Speirín, na Cruacha, Sléibhte Dhoire Bheatha, Sliabh Gamh, Néifinn Bheag agus Beanna Beola/Sléibhte Mhám Toirc. Tá roinnt sliabhraonta níos faide isteach faoin tír i ndeisceart na hÉireann, mar na Gaibhlte, an raon is airde intíre, Sliabh an Airgid agus Sliabh Bladhma. Is é Corrán Tuathail, atá 1,041 m (3,414 troigh) ar airde, an bhinn sléibhe is airde agus tá sé sna Cruacha Dubha, raon de shléibhte gaineamhchloiche snoite ag oighearshruth, i gContae Chiarraí in iardheisceart an oileáin. Ní sléibhte arda iad – níl ach trí cinn de na beanna os cionn 1,000 m (3,281 troigh) agus tá 457 eile níos airde ná 500 m (1,640 troigh).

Aibhneacha agus lochanna cuir in eagar

Is í [[an tSionainn] príomhabhainn na hÉireann, 386 km (240 míle) ar fad. Is í an abhainn is faide in Éirinn í agus tá sí níos faide ná abhainn ar bith sa Bhreatain Mhór chomh maith. Is í an an tSionainn an chríoch idir bogaigh lár thír na hÉireann agus Iarthar na hÉireann. Forleathnaíonn an abhainn isteach go trí loch feadh a cúrsa,Loch Aillionn, Loch Rí agus Loch Deirgeirt. As na lochanna sin, is é Loch Deirgeirt an ceann is mó. Téann an tSionainn isteach san Aigéan Atlantach i ndiaidh chathair Luimnigh ag Inbhear na Sionainne. I measc móraibhneacha eile tá an Life, an Laoi, an Abhainn Mhór, an Fheoir, an tSiúir, an Bhearú, an Éirne agus an Bhóinn.

Is é Loch nEathach, i gCúige Uladh, an loch is mó in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór. De réir finscéalta, bhí fathach, Fionn Mac Cumhaill, ag troid le fathach eile in Albain, agus nuair a chuaigh sé le cuthach, shluaisteáil sé scaobóg chré agus chaith sé í. Thit sí isteach i Muir Éireann, agus is uaithi a cruthaíodh Manainn. Líon an poll le huisce chun Loch nEathach a chruthú. I measc mórlochanna eile tá Loch Éirne agus Loch Coirib.

Góilíní cuir in eagar

Ag tosú le Contae Dhún na nGall, roinneann Loch Súilí taobh amháin de leithinis Inis Eoghain. Ar an taobh eile tá Loch Feabhail, ceann de ghóilíní móra na hÉireann, suite idir Contae Dhún na nGall agus Contae Dhoire. Níos faide soir an cósta tá Loch Lao, idir Contae Aontroma agus Contae an Dúin. Tá Loch Cuan i gContae an Dúin chomh maith. Is góilín é a pháirt-roinneann an Aird ón mórthír. Níos faide síos an chósta, tá Loch Cairlinn suite idir Contae an Dúin agus Contae Lú.

Is é Cuan Bhaile Átha Cliath an chéad ghóilín suntasach eile. Tá cósta oirthearach na hÉireann aonghnéitheach den chuid is mó go dtí Cuan Loch Garman ag béal na Sláine. Ar chósta an deiscirt, tá Cuan Phort Láirge suite ag béal na Siúire (is isteach san abhainn sin a ritheann an dá cheann eile den Triúr Deirféar, an Fheoir agus an Bhearú). Is é Cuan Chorcaí an chéad mhórghóilín eile, ag béal na Laoi, áit a bhfuil an tOileán Mór.

Is góilíní iad Bá Dhún Manais, Bá Bheanntraí, inbhear an Ribhéir agus Bá an Daingin go léir idir leithinsí Chontae Chiarraí. Lastuaidh díobh seo tá inbhear na Sionainne. Tá Cuan na Gaillimhe idir tuaisceart Chontae an Chláir agus Contae na Gaillimhe. Is ar chósta Mhaigh Eo atá Cuan Mó, ó dheas ó Acaill, agus tá Cuan an Fhóid Duibh lastuaidh den oileán. Tá Cuan Chill Ala ar chósta tuaisceartach Mhaigh Eo. Is mórghóilín é Bá Dhún na nGall, atá suite idir Contae Dhún na nGall agus Contae Shligigh.

Cinn tíre cuir in eagar

Is é Cionn Mhálanna an rinn is tuaisceartaí in Éirinn, agus tá Carn Uí Néid ar cheann de na reanna is deisceartaí. Is ón dá logainm seo a tháinig an téarma “ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid” (nó ina mhalairt d’ord), agus úsáidtear an téarma sin d’aon rud a bhaineann le hoileán na hÉireann ina iomláine. Is rinn eile in Éirinn a ghobann amach go mór Ceann an Chairn, an rinn is oirdheisceartaí in Éirinn. Níos faide feadh an chósta tá Rinn Duáin agus tá an tSeancheann i gCionn tSáile ar cheann de mhórán ceann tíre feadh chósta deisceartach na hÉireann.

Is é Ceann Léime an ceann tíre i gContae an Chláir a ghobann amach ar chósta iartharach na hÉireann. Tá an tAtlantach ó thuaidh de agus tá inbhear na Sionainne níos faide intíre ó dheas. Is ceann tíre eile é Ceann Caillí atá níos faide suas cósta thuaisceart/iarthar an Chláir, le hAillte an Mhothair feadh an imeallbhoird ar an taobh ó thuaidh den rinn.

Is é Ceann Iorais an rinn is iarthuaisceartaí i gCúige Chonnacht.

Oileáin agus leithinsí cuir in eagar

Is é Acaill san iarthuaisceart an t-oileán is mó amach ó chósta na hÉireann. Tá daoine ina gcónaí ar an oileán agus nascann droichead é leis an mórthír. I measc na chéad oileán eile is mó tá Oileáin Árann, amach ó chósta dheisceart Chonnacht. Is oileán Gaeltachta é a bhfuil pobal Gaeilge ina gcónaí ann. Tá Dairbhre amach ó leithinis Uíbh Ráthaigh ar cheann de na hoileáin is mó in Éirinn chomh maith. Is oileán réasúnta lonnaithe é agus tá sé nasctha ag droichead ar an taobh thoir theas. Is oileán taoide é Iomaí amach ó chósta Chonamara.

Tá cuid de na leithinsí is fearr aithne in Éirinn i gContae Chiarraí, Corca Dhuibhne, leithinis Uíbh Ráthaigh thuasluaite agus Béarra. Is í an Aird ceann de na leithinsí is mó taobh amuigh de Chiarraí. Is ar Leithinis Inis Eoghain atá an rinn is tuaisceartaí in Éirinn, Cionn Mhálanna, agus go leor bailte tábhachtacha eile lena n-áirítear Bun Cranncha ar Loch Súilí, Carn Domhnach agus Bun an Phobail ar Loch Feabhail. Is í Inis Trá Tholl, amach ó Chionn Mhálanna, an ghné talún is tuaisceartaí in Éirinn. Seans go bhfuil an onóir sin tuillte ag Oileán Rocal ach is cnámh spairne é a stádas mar éilíonn an Ríocht Aontaithe, Poblacht na hÉireann, an Danmhairg (d’Oileáin Fharó) agus an Íoslainn ar fad gur leo é. Is í Carraig Aonair an rinn is deisceartaí.

Aeráid cuir in eagar

Tá aeráid mheasartha ag Éirinn, cé go bhfuil sí i bhfad níos teo ná beagnach gach áit eile ag domhanleithead comhchosúil, mar an Pholainn (ar an ilchríoch) nó Talamh an Éisc (ar an taobh eile den Atlantach), mar gheall ar thionchar téite shíobadh mór an Atlantaigh Thuaidh. Séideann an ghnáthghaoth ón iardheisceart agus briseann sí ar na sléibhte arda ar chósta an iarthair. Mar sin is cuid shuntasach go maith í an bháisteach den saol in iarthar na hÉireann. Bíonn beagnach a dhá oiread de bháisteach bhliantúil ar Dhairbhre, amach ó chósta iartharach Chontae Chiarraí, is a bhíonn i mBaile Átha Cliath san oirthear (1400 mm i gcomparáid le 762 mm). Trasna na tíre, titeann tuairim is 60% den bháisteach bhliantúil idir mí Lúnasa agus mí Eanáir.

Is iad mí Eanáir agus mí Feabhra an dá mhí is fuaire sa bhliain agus bíonn na meán-aertheochtaí laethúla idir 4 agus 7 °C le linn na míonna sin. Is iad mí Iúil agus mí Lúnasa na míonna is teo, le teochtaí idir 14 agus 16 °C. Is iad mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh na míonna is grianmhaire, le meán de chúig go seacht n-uaire an chloig gréine in aghaidh an lae. Cé gur annamh go mbíonn aimsir fhoircneach in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile in Ilchríoch na hEorpa, tarlaíonn a leithéid anois agus arís. Is féidir le lagraigh Atlantacha phléascacha, a tharlaíonn go príomha i mí na Nollag, i mí Eanáir agus i mí Feabhra, gaotha suas le 160 km san uair (100 msu) a thabhairt go dtí contaetha iartharacha an chósta. I míonna an tsamhraidh, go háirithe go déanach i mí Iúil/go luath i mí Lúnasa, is féidir le stoirmeacha tobanna agus garbha toirní tarlú, go mór mór thar cheantair lár agus iartharacha na tíre ach ní sna háiteanna sin amháin.

Léiríonn an tábla meánfhigiúirí aeráide do stáisiún aimsire Aerfort Bhaile Átha Cliath thar thréimhse de thríocha bliain. Athraíonn staitisticí aeráide bunaithe ar chontaetha Thuaisceart na hÉireann de bheagán ach níl difríocht shuntasach eatarthu.

Tíreolaíocht pholaitiúil agus dhaonna cuir in eagar

Tá Éire roinnte i gceithre chúige, Cúige Chonnacht, Cúige Laighean, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh, agus 32 contae. Is é Tuaisceart Éireann sé cinn de na naoi gcontae i gCúige Uladh agus is é an stát, Éire, an 26 contae eile. Léiríonn an léarscáil na teorainneacha contae don 32 contae go léir.

Ó thaobh riaracháin de, is aonaid rialtais áitiúla iad 20 contae sa phoblacht. Tá níos mó ná limistéar údaráis áitiúil amháin sna sé chontae eile, a chiallaíonn go bhfuil 34 údarás ar fad ar leibhéal contae. Tá Tiobraid Árann in dhá chuid – Tiobraid Árann Thuaidh agus Tiobraid Árann Theas. Tá comhairlí cathrach ar leith, a riartar go neamhspleách ar na contaetha, i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus i bPort Láirge. Tá an chuid eile de Bhaile Átha Cliath roinnte idir Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall agus Baile Átha Cliath Theas.

Leanann na toghcheantair in Éirinn (an stát), ar a nglaoitear dáilcheantair de réir dhlí na hÉireann, teorainneacha contae den chuid is mó. Is breithniúchán éigeantach é naisc don chóras contae a choimeád agus teorainneacha dáilcheantar á n-atheagrú.

I dTuaisceart Éireann, rinneadh atheagrú mór ar rialtas áitiúil sa bhliain 1973, a d’fhág 26 dúiche aon sraithe – a thrasnaíonn na teorainneacha contae traidisiúnta, ach amháin i bhFear Manach – in áit na sé chontae agus an dá chontaebhuirg thraidisiúnta (Béal Feirste agus Doire). Baintear úsáid as na sé chontae agus as an dá chontaebhuirg go fóill i gcomhair feidhmeanna ar nós Ionadachta. I Samhain na bliana 2005, fógraíodh tograí chun líon na n-údarás áitiúil a laghdú go seacht. Tá cuid mhaith den tuairim is 6 mhilliún duine a chónaíonn ar an oileán comhchruinnithe ar an gcósta thoir, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste agus sna ceantair máguaird.

Acmhainní nádúrtha cuir in eagar

Portaigh cuir in eagar

Bord na Móna ag baint móna ó Mhóin Alúine. Tá 12,000 km² (4,633 míle²) de thalamh phortaigh in Éirinn, a chuimsíonn dhá chineál éagsúla – bratphortaigh agus portaigh ardaithe. Is iad na bratphortaigh an cineál is forleithne díobh. Go bunúsach, is toradh iad ar ghníomhaíocht dhaonna mar aon le haeráid úrmhar na hÉireann. Faightear bratphortaigh in áiteanna inar leag feirmeoirí Neoiliteacha na crainn le haghaidh feirmeoireachta. Nuair a éiríodh as an talamh réitithe sin a úsáid a thuilleadh, thosaigh an ithir ag láisteadh agus d’éirigh sí ní ba aigéadaí. Chruthaigh sin timpeallacht chuí d’fhás fraoigh agus luachra. Carnadh smionagar na bplandaí sin agus cruthaíodh sraith móna.

Is in abhantrach na Sionainne is mó a fhaightear portaigh ardaithe. Cruthaíodh iad nuair a líon logáin, a fágadh i ndiaidh na hoighearaoise, le huisce agus cruthaíodh lochanna. Rinne smionagar giolcach sna lochanna sin sraith ag bun an uisce. Thacht sin na lochanna ar deireadh agus d’éirigh sé os cionn bharr an uisce, agus cruthaíodh portaigh ardaithe.

Ón 17ú haois, tá móin á baint le haghaidh téamh baile agus cócaireachta. Cuireadh dlús leis an bpróiseas sin nuair a tháinig borradh ar shaothrú tráchtála portach. Sna 1940idí, tugadh isteach meaisíní chun móin a bhaint agus bhíothas in ann iad a shaothrú ar mhórscála ansin. Sa Phoblacht, bhí an comhlacht leathstáit, Bord na Móna, freagrach as an saothrú sin. Mar aon le húsáidí baile, úsáidtear móin a bhaintear go trádálach i roinnt tionscal, go háirithe i nginiúint leictreachais.

Le blianta beaga anuas, tá an méid portaigh a mhilltear trí mhóin a bhaint ina ábhar imní ó thaobh na timpeallachta de. Is ceist ghéar í maidir le portaigh ardaithe go háirithe, mar bíonn breosla ardghráid mar thoradh orthu i gcomparáid le bratphortaigh. Tá pleananna i bhfeidhm faoi láthair i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann araon chun formhór na bportach ardaithe atá fós ar an oileán a chaomhnú.

Ola, gás nádúrtha agus mianraí cuir in eagar

Tosaíodh taiscéalaíocht amach ón gcósta le haghaidh gás nádúrtha i 1970. An chéad mhórfhionnachtain a bhí ann ná gáscheantar Chionn tSáile i 1971. Ina dhiaidh sin tháinig an gáscheantar níos lú i mBaile Choitín i 1989, agus ansin gáscheantar na Coiribe i 1996. Níl saothrú ar thionscadal na Coiribe tosaithe go fóill ós rud é go bhfuil dream mór ina choinne toisc gur beartaíodh an gás a scagadh ar an gcladach seachas amuigh ar an bhfarraige. Caidéalaítear gás ó na gáscheantair sin chun an chladaigh agus úsáidtear é le haghaidh feidhmeanna baile agus tionsclaíocha araon. Fionnadh olacheantar Heilbhic le déanaí freisin agus meastar go bhfuil breis agus 28 milliún bairille (4,500,000 m³) ola ann. Is í Éire an táirgeoir since is mó san Eoraip agus tá trí mhianach luaidhe agus since inti ag feidhmiú san Uaimh, i nGabhalmhaigh agus sa Lisín. Áirítear ór, airgead, gipseam, talc, cailcít, dolaimít, slinn dín, tathagú aolchloiche, cloch tógála, gaineamh agus gairbhéal i measc na sil-leagan eile mianraí ar luach iarbhír nó ionchasach tráchtála.

I mBealtaine na bliana 2007, thuairiscigh an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha (a bhfuil an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ina háit anois) go bhféadfadh toirteanna de 130 billiún bairille (2.1×1010 m³) peitriliam agus 50 trilliún troigh chiúbach (1,400 km³) gás nádúrtha a bheith in uiscí na hÉireann ar fiú na trilliúin Euro é, más fíor. Is é an t-íosmhéid ‘ráthaithe’ ola in uiscí Atlantach na hÉireann ná 10 billiún bairille (1.6×109 m³), ar fiú breis agus €450 billiún. Tá ceantair pheitriliam agus gháis nádúrtha ar an gcladach freisin, in abhantrach Loch Aillionn mar shampla, le 9.4 trilliún troigh chiúbach (270 km³) gáis agus 1.5 billiún bairille (240,000,000 m³) ola, ar luach €74.4 billiún. Tá saothrú á dhéanamh ar roinnt ceantar cheana, ar nós cheantar Rinn na Spáinneach, le 1.25 trilliún troigh chiúbach (35 km³) gáis agus 206 milliún bairille (3.28E+7 m³) ola, ar luach €19.6 billiún. Tá Abhantrach na Coiribe réasúnta mór freisin, ar luach suas go dtí €87 billiún, agus tá 25 trilliún troigh chiúbach de ghás nádúrtha agus 4.13 billiún bairille (657,000,000 m³) peitriliam i ngáscheantar Dhún Chaoin.